Cad iad na Bearta Morgáiste?
Tugadh na bearta morgáiste isteach in 2015 agus is ionstraim riachtanach beartais macrastuamachta iad chun cobhsaíocht eacnamaíoch a chosaint.
Leis na bearta morgáiste, féachann an Banc Ceannais le caighdeáin iasachtaithe inbhuanaithe a chinntiú sa mhargadh morgáiste.
Le linn dó amhlaidh a dhéanamh, tá sé mar aidhm ag an mBanc Ceannais leis an méid seo a leanas a dhéanamh:
- caidreamh inbhuanaithe idir creidmheas agus praghsanna tithe a sheachaint;
- tacú le hathléimneacht iasachtaithe, iasachtóirí agus leis an ngeilleagar níos leithne;
- buntáistí agus costais eacnamaíocha a bhaineann leis na bearta a chur san áireamh.
Conas a oibríonn siad?
Leis na bearta seo, socraítear teorainneacha maidir leis an méid airgid is féidir a fháil ar iasacht chun teach cónaithe a cheannach, bunaithe ar na critéir seo:
- Cóimheas Iasachta le hIoncam (CII)
- Cóimheas Iasachta le Luach (CIL)
Cóimheas Iasachta le hIoncam
Le CII, is é ollioncam faoi 4 an teorainn atá leis an méid airgid is féidir le ceannaitheoirí céaduaire a fháil ar iasacht agus is é ollioncam faoi 3.5 an teorainn atá leis an méid is féidir le ceannaitheoirí nach ceannaitheoirí céaduaire iad a fháil ar iasacht.
Mar shampla, is féidir le lánúin ar ceannaitheoirí céaduaire iad agus a bhfuil comhioncam de €100,000 acu uasmhéid de €400,000 a fháil ar iasacht.
Is féidir le ceannaitheoir nach ceannaitheoir céaduaire é nó í agus a bhfuil an t-ioncam céanna aige no aici uasmhéid de €350,000 a fháil ar iasacht.
Cóimheas Iasachta le Luach
Faoi theorainn CIL, is gá duit éarlais íosta a bheith agat sular féidir leat morgáiste a fháil. Beidh méid na héarlaise sin ag brath ar cén aicme ceannaitheora tú.
- Is gá do cheannaitheoirí céaduaire agus do cheannaitheoirí nach ceannaitheoirí céaduaire iad éarlais íosta 10% a bheith acu
- Is gá do cheannaitheoirí a cheannaíonn teach lena chur ar cíos éarlais íosta 30% a bheith acu.
Lamháltais
Is féidir le bainc agus le hiasachtóirí eile méid áirithe a thabhairt ar iasacht os cionn na dteorainneacha sin. Maidir leis an gcion den iasachtú is féidir a dhéanamh os cionn na dteorainneacha, baineann sé sin leis an gcineál iasachtóra atá i gceist, sa chaoi go gceadaítear don mhéid seo a leanas a bheith os cionn na dteorainneacha:
- 15% den iasachtú do cheannaitheoirí céaduaire,
- 15% den iasachtú do cheannaitheoirí nach ceannaitheoirí céaduaire iad,
- 10% den iasachtú do cheannaitheoirí a cheannaíonn maoin lena cur ar cíos.
Ní hí Éire an t-aon tír amháin a bhfuil rialacha den sórt seo curtha i bhfeidhm aici.
Go deimhin, tá rialacha macrastuamachta morgáiste de chineál éigin tugtha isteach ag cuid mhór tíortha AE chun cur leis an gcosaint ar a gcóras airgeadais náisiúnta.
Féach freisin: