Míniú - Céard í rialáil airgeadais agus cén tábhacht atá léi?

Céard í rialáil airgeadais agus cén tábhacht atá léi?

Úsáidtear rialáil airgeadais mar chuid den phróiseas chun sábháilteacht agus fóntacht an chórais airgeadais a chinntiú agus chun tomhaltóirí a chosaint.
Ach conas a oibríonn rialáil airgeadais i gcleachtas?

Céard í rialáil airgeadais?

Tagraíonn rialáil airgeadais do na rialacha agus do na dlíthe is gá do ghnóthais sa tionscal airgeadais a leanúint, gnóthais amhail bainc, comhair chreidmheasa, bróicéirí airgeadais agus bainisteoirí sócmhainní.
Tá i bhfad níos mó i gceist le rialáil airgeadais ná rialacha a bheith ann – baineann rialáil freisin le maoirseacht agus cur i bhfeidhm na rialacha sin ar bhonn leanúnach.
Déanann Banc Ceannais na hÉireann rialáil agus maoirseacht ar bhreis is 10,000 soláthraí seirbhísí airgeadais atá ag feidhmiú in Éirinn.
Ón mbliain 2014 i leith, roinntear an fhreagracht maidir le maoirseacht banc idir Banc Ceannais na hÉireann agus an Banc Ceannais Eorpach.
Is polaiteoirí i dTithe an Oireachtais nó san Aontas Eorpach a dhéanann formhór na ndlíthe a rialaíonn an córas airgeadais.
Déanann an Banc Ceannais maoirseacht ar chomhlíonadh na rialacha sin agus uaireanta eisímid treoir bhreise.
Tá na rialacha sin níos láidre anois ná mar a bhí siad roimh an ngéarchéim airgeadais.

Cén fáth a bhfuil rialáil airgeadais tábhachtach?

Braitheann gach aon duine againn ar an gcóras baincéireachta ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.
Mar shampla, ma tá cuntas taisce agat, bíonn tú ag brath ar bhainc chun d’airgead a chur ar fháil nuair a bhíonn gá agat leis.
Bíonn iasachtaí ag teastáil ó ghnólachtaí chun a gcuid gnó a choimeád ar bun agus a fhorbairt tuilleadh.
Bíonn comhairle ag teastáil ó thomhaltóirí atá ag lorg morgáiste nó polasaí árachais, ionas gur féidir leo an táirge is fearr a fháil.
I gcás cuideachtaí árachais, bíonn sealbhóirí polasaí ag brath ar éileamh a fháil nuair a bhíonn rud éigin cearr.
Mura ndéantar rialáil mhaith ar institiúidí, d’fhéadfaidís baint de sheasmhacht an chórais airgeadais, dochar a dhéanamh do thomhaltóirí agus damáiste a dhéanamh don gheilleagar amach anseo.
Sin an fáth a bhfuil tábhacht ag baint le rialáil láidir airgeadais - cuirtear rialacha i bhfeidhm ionas nach rachaidh rudaí amú, agus tugtar cosaint don chóras airgeadais agus do thomhaltóirí má théann aon rud amú.

Conas a oibríonn rialáil airgeadais?

Glaoitear ‘maoirseacht stuamachta’ ar an bpróiseas ina gcinntítear go bhfuil maoiniú ag gnóthais le trádáil shábháilte a dhéanamh, go bhfuil rialuithe riosca i bhfeidhm acu agus go ndéantar rialú cuí orthu.
Glaoitear “cosaint tomhaltóirí” ar an bpróiseas ina gcinntítear go gcaitheann gnóthais mar is ceart le tomhaltóirí, ón bpróiseas díolacháin go dtí an tslí a phléitear le gearáin.
Cuid thábhachtach den mhaoirseacht stuamachta is ea údarú.
Glaoimid “ról an gheatóra” air seo, agus ciallaíonn sé nach gceadaímid do ghnóthais oibriú san chóras airgeadais go dtí go gcomhlíonann siad roinnt critéar, lena n-áirítear rialáil agus rialú riosca.
Tá rialacha ann maidir le cosaint tomhaltóirí freisin. Léirítear sna rialacháin sin conas is ceart do ghnóthais caitheamh lena gcustaiméirí nuair a dhíolann siad táirgí airgeadais leo.
Mar shampla, is gá do ghnóthas rialáilte a chinntiú “go ngníomhaíonn sé go hionraic, go cothrom agus go proifisiúnta chun leasa a thomhaltóirí agus chun leasa an mhargaidh”.

Céard is maoirseacht ann?

Is gá maoirseacht a dhéanamh ar ghnóthais le cinntiú go gcloíonn siad leis na rialacha rialála.
Déanaimid ár gcuid oibre maoirseachta gan chuireadh, agus leis sin is féidir linn faireachán a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí airgeadais le cinntiú go bhfuil siad ag leanúint na rialacha.
Déanann foireann an Bhainc Ceannais athbhreithniú agus tuairisciú ar gach gné de ghnó an ghnóthais ionas gur féidir a mheas an bhfuil an gnóthas á reáchtáil ar bhealach stuama, sábháilte.
Bíonn an fhoireann ar an láthair sna gnóthais freisin chun bualadh le lucht déanta cinntí agus chun gnéithe den ghnó a imscrúdú.
Tá méadú tagtha ar an líon foirne atá i mbun na hoibre sin le blianta anuas, agus déantar maoirseacht níos mionsonraithe dá bharr.
Braitheann an leibhéal maoirseachta a dhéantar ar ghnóthais ar an riosca a bhaineann leo don chóras airgeadais nó do thomhaltóirí.
Déanaimid maoirseacht níos géire ar ghnóthais a bhfuil riosca níos mó ag baint leo.
Is é sin an chúis a nglaoimid “maoirseacht riosca-bhunaithe” air.

Forfheidhmiú agus réiteach

An chéad chuid den rialáil airgeadais is ea rialacha agus dlíthe. An dara cuid den rialáil airgeadais is ea a chinntiú go leanann soláthraithe seirbhísí airgeadais na rialacha agus na dlíthe sin.
Bainann an triú cuid le forfheidhmiú agus le réiteach.
I gcás ina bhfeictear nach bhfuil gnóthas ag comhlíonadh na rialacha, is féidir linn roinnt rudaí a dhéanamh.
I gcásanna tromchúiseacha, seans go mbeidh ar an ngnóthas déileáil le himeachtaí forfheidhmiúcháin.
Tá se ríthábhachtach go bhfuil an baol forfheidhmiúcháin ann chun droch-iompar a dhíspreagadh in earnáil na seirbhísí airgeadais.
Uaireanta, is é réiteach an t-aon rogha atá ar fáil.
Is éard is brí le réiteach ná an próiseas ina dtagann deireadh le hinsititiúid airgeadais nó ina ndéantar athstruchtúrú ar institiúid airgeadais. Déantar réiteach ar bhealach a mhaolaíonn an dochar don tomhaltóir.