Conas is féidir liom gearán a dhéanamh faoi ghnólacht seirbhísí airgeadais?

Complaints

Má tá gearán agat faoi ghnólacht seirbhísí airgeadais, ba cheart duit an gearán a phlé ar dtús leis an ngnólacht féin – cibé acu an banc, gnólacht árachais, bróicéir nó cuideachta infheistíochta atá i gceist.

Faoi Chód an Bhainc Ceannais um Chosaint Tomhaltóirí, caithfidh Gnáthamh chun Déileáil le Gearáin a bheith i bhfeidhm ag gach gnólacht rialáilte seirbhísí airgeadais.

Más rud é, tar éis próiseas gearáin an ghnólachta a leanúint, nach bhfuil tú sásta leis an bhfreagairt, tá an ceart agat an gearán a chur ar aghaidh chuig an Ombudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean (FSPO).

Is comhlacht neamhspleách reachtúil é seo a dhéanann idirghabháil chun díospóidí agus gearáin le soláthraithe rialáilte seirbhísí airgeadais a réiteach.

Chomh maith leis sin, pléann an FSPO le gearáin faoi aon duine atá freagrach as scéim pinsean fostóra nó Cuntas Coigiltis Scoir Pearsanta (PRSA) a bhainistiú.

Tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (CCPC) go n-oibreoidh margaí ar bhealach níos fearr do thomhaltóirí agus do ghnóthaí. Léigh treoir céim ar chéim maidir leis an gcaoi chun gearán a dhéanamh le soláthraí seirbhísí airgeadais.

Cé nach ndéanann an Banc Ceannais imscrúdú ar ghearáin aonair ó thomhaltóirí, cuirfimid fáilte roimh theagmháil ó thomhaltóirí táirgí airgeadais. Féach ár leathanach teagmhála.