Cad é an tImscrúdú ar Mhorgáistí Rianúcháin?

 

Tracker Mortgage Examination

Is iasacht tí é morgáiste rianúcháin. Leanann an ráta úis ráta eile atá ar fáil go poiblí. De ghnáth, is é sin an ráta úis a shocraíonn an Banc Ceannais Eorpach.

In 2015, chinn Banc Ceannais na hÉireann athbhreithniú a dhéanamh ar chuntais morgáistí rianúcháin. Ó 2010 i leith, táimid ag díriú isteach ar iaschtóirí áirithe maidir le mórgáistí rianúcháin agus ag dul sa tóir orthu. Fiosraímid iasachtóirí maidir le tomhaltóirí a d’aistrigh óna ráta rianúcháin agus/nó a chaill an ceart filleadh ar ráta rianúcháin nuair a tháinig siad chuig deireadh tréimhse ráta socraithe ina morgáistí.  Mar sin, scríobhamar chuig gach iasachtóir i mí na Nollag 2015 agus leagamar amach an creat don Imscrúdú ar Mhorgáistí Rianúcháin.

An tImscrúdú

San Imscrúdú seo, éilítear ar na hiasachtóirí uile a fhiosrú an ndearna siad a n-oibleagáidí conartha dá gcustaiméirí a chomhlíonadh. Tá trédhearcacht a gcuid cumarsáide le tomhaltóirí i dtaca le ceisteanna rianúcháin i gceist san imscrúdú freisin. Clúdaíonn an tImscrúdú na hiaschtóirí ar fad a dhíol morgáistí rianúcháin san am atá caite, agus tá na hiaschtóirí sin nach bhfuil ag díol morgáistí a thuilleadh san áireamh leis sin freisin. Cumhdaíonn an t-imscrúdú morgáistí a fuasclaíodh nó a aistríodh chuig iasachtóir eile chomh maith.

Na custaiméirí i gceist

Nuair a aithníonn iasachtóir custaiméir a raibh tionchar aige seo air nó uirthi, i dtús báire is gá don iasachtóir:

  • Stopadh den ráta úis mícheart a ghearradh ar an gcustaiméir
  • A chinntiú go gcuirtear stop le haon dochar eile don gcustaiméir a luaithe is féidir
  • An méid sin a chur in iúl don gcustaiméir

Ansin, is gá d’iasachtóirí athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar chuntas morgáiste an chustaiméara. Nuair atá an t-athbhreithniú críochnaithe, ní mór d’iaschtóirí litir mhionsonraithe a chur chuig an gcustaiméir ina mínítear:

  • Cén cineál earráide go díreach a rinneadh
  • An ráta ba cheart a chur i bhfeidhm ar chuntas an chustaiméara
  • Eolas faoi na chéad chéimeanna eile den Imscrúdú, lena n-áirítear na próisis sásaimh agus na próisis cúitimh i gcás inarb infheidhme.

Amlínte

Tar éis dúinn obair dhúshláin agus obair dhearbhaithe a dhéanamh, tá tréimhse mhaoirseachta an Imscrúdaithe tagtha chun deiridh anois. Faoi dheireadh mhí na Bealtaine 2019, bhí 40,100 tomhaltóir aitheanta agus tá €683m íoctha ag iasachtóirí mar shásamh agus mar chúiteamh. Níl obair an Bhainc Ceannais i dtaca le morgáistí rianúcháin críochnaithe áfach. Leanaimid lenár n-imscrúduithe forfheidhmiúcháin ina bhfuilimid ag iarraidh a fháil amach cén dochar a rinneadh do thomhaltóirí agus cén chaoi a ndearnadh an dochar sin.

Tuilleadh Eolais

Tá nuashonraithe rialta maidir leis an Imscrúdú foilsithe ag an mBanc Cenanais. D’fhoilsíomar an tImscrúdú ar Mhorgáistí Rianúcháin: Tuarascáil Mhaoirseachta Deiridh ar an 11 Meitheamh nuair a cuireadh críoch le tréimhse mhaoirseachta an imscrúdaithe. Tá liosta ceisteanna coitianta foilsithe againn freisin ar ár suíomh gréasáin do chustaiméir ar imir an cheist seo tionchar orthu.

Féach freisin: