Cad atá déanta ag an mBanc Ceannais chun gur fusa athrú chuig morgáiste eile?

Mortgage Switching Banner

Is cinneadh airgeadais an-tábhachtach é morgáiste a thógáil amach agus ba cheart duit an margadh is fearr a fháil ar an iasacht. Fiú má fhaigheann tú an margadh is fearr nuair a thógann tú amach an morgáiste, tá seans ann go mbeidh morgáistí níos saoire ar fáil duit le himeacht aimsire.  Dá bhrí sin, d’fhéadfá a bheith ag íoc níos mó ar do mhorgáiste ná mar is gá.

Athrú chuig morgáiste eile chun airgead a shábháil

Ceann de na bealaí is éasca chun airgead a shábháil ar do mhorgáiste is ea athrú chuig morgáiste níos

saoire. Tá seans ann go bhfuil morgáiste níos saoire ar fáil ó d’iasachtóir féin nó ó iasachtóir eile.

Beidh an méid airgid a bheidh le sábháil agat ag brath ar go leor rudaí éagsúla. Ach, léirítear taighde atá déanta againn gur féidir le triúr as gach cúigear in Éirinn €1,000 nó níos mó a shábháil laistigh d’aon bhliain amháin tar éis dóibh athrú chuig morgáiste níos saoire. Agus, bíonn os cionn 60% de na morgáistí seo €10,000+ níos saoire thar a mbeidh fágtha de théarma na hiasachta.

An athraíonn mórán daoine in Éirinn a gcuid morgáistí?

Ní athraíonn ar chor ar bith. In ainneoin go bhfuil airgead le sábháil, ní athraíonn mórán daoine in Éirinn chuig morgáiste níos saoire. Go deimhin, athraíodh níos lú ná 3% de mhorgáistí sa chéad leath de 2019.

Sa taighde atá déanta againn, léirítear nach n-athraíonn daoine chuig morgáiste eile ar na cúiseanna seo a leanas:

  • Ní thuigeann siad gur féidir leo an méid sin airgid a shábháil
  • Síleann siad go bhfuil sé deacair comparáid a dhéanamh idir na morgáistí éagsúla
  • Creideann siad go bhfuil an próiseas róchasta

Athrú a éascú

Chun go mbeadh sé níos éasca athrú chuig morgáiste eile, thugamar bearta nua isteach anuraidh a bheadh le leanúint ag iasachtóirí.

I mbeagán focal, ciallaíonn na bearta seo go mbeidh ar iasachtóirí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Fógra a thabhairt duit, 60 lá sula mbeidh deireadh le morgáiste ráta sheasta, maidir le roghanna níos saoire morgáiste atá ar fáil duit
  • A chur in iúl duit más féidir leat athrú chuig morgáiste níos saoire bunaithe ar chothromas do thí
  • Buntáistí agus míbhuntáistí aon dreasachtaí morgáiste ar nós tairiscintí aisairgid a mhíniú go soiléir duit
  • Comparáid a dhéanamh idir costas do mhorgáiste agus roghanna eile a thairgeann an t-iasachtóir má iarrann tú an chomparáid sin
  • An t-eolas go léir is gá chun athrú chuig morgáiste eile a thabhairt duit, lena n-áirítear cá fhad a thógfaidh sé
  • Cinneadh a thabhairt duit laistigh de dheich lá oibre tar éis dóibh d’iarratas comhlánaithe ar mhorgáiste a fháil

Má tá cúnamh uait chun comparáid a dhéanamh idir soláthraithe morgáiste agus chun a fháil amach cé mhéad airgid a bheidh le sábháil agat, féach ar áireamhán morgáiste de chuid an Choimisiúin um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí.

Mortgage-Switcher-Infographic-2018