Bearta Morgáiste

Mortgage Measures

Féachann na bearta morgáiste le stóinseacht iasachtaithe agus na hearnlála baincéireachta araon a fheabhsú.

Trí úsáid a bhaint as teorainneacha iasachta le luach (CIL) agus teorainneacha iasachta le hioncam (CII), cuireann na bearta seo teorainn ar mhéid an mhorgáiste is féidir le tomhaltóir a fháil ar iasacht.

Tá an Banc Ceannais tiomanta d’athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar chalabrú na mbeart morgáiste i gcomhthéacs forbairtí níos leithne sa mhargadh tithíochta agus morgáiste chun a chinntiú go gcomhlíonann siad a gcuid cuspóirí, is iad sin:

  • stóinseacht na mbanc agus iasachtaithe i leith turraingí diúltacha eacnamaíocha agus airgeadais a neartú, agus;
  • comhthimthriallacht praghsanna creidmheasa agus tithe a mhaolú.

Mar thoradh ar athbhreithniú 2019 ar na bearta morgáiste, measann an Banc Ceannais go bhfuil a gcuid cuspóirí fós á mbaint amach ag na bearta mar atá siad ceaptha agus calabraithe faoi láthair - agus ní bheidh aon athrú orthu in 2020. Tá an measúnú is déanaí ar Riosca agus ar Bheartas san Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais 2019:II mar bhonn eolais leis an tuairim seo.

Bhí na príomhthorthaí seo a leanas ón athbhreithniú i mbliana mar bhonn eolais le cinneadh an Bhainc Ceannais:

  • Lean an fás ar iasachtú nua morgáiste, ar ghníomhaíocht sa mhargadh tithíochta agus ar phraghsanna tithe ach tá an fás sin ar luas níos moille. Tá an cion de cheannacháin tithe atá á maoiniú ag morgáiste ag dul i méid.
  • Bhí na bearta éifeachtach maidir le caighdeáin stuamachta fhrithgheallta a choimeád ar bun sa mhargadh morgáiste le blianta beaga anuas in ainneoin go raibh brú aníos ar phraghsanna tithe i gcomparáid le hioncaim mar gheall ar shrianta soláthair.
  • Tá na bearta ag éirí níos ceangailtí de réir mar a bhíonn praghsanna ag méadú níos tapúla ná ioncaim: tá níos mó teaghlach ag fáil iasachtaí atá ag an uasmhéid is intuigthe leis na teorainneacha, nó gar dóibh.
  • Tugann anailís atá déanta ag an mBanc Ceannais le fios gurb amhlaidh go mbeadh cion na n-iasachtaithe morgáiste a bhfuil fiachas ard acu agus leibhéal na bpraghsanna tithe i bhfad ní b’airde in 2019 mura mbeadh na bearta morgáiste seo i bhfeidhm.
  • Tugann sé seo le tuiscint go bhfuil na bearta morgáiste éifeachtach maidir le stóinseacht iasachtaithe agus iasachtóirí a neartú. Tugann sé le tuiscint freisin go bhfuil na bearta éifeachtach chun an fhéidearthacht go dtiocfaidh bíseanna creidmheasa - praghsanna tithe chun cinn a laghdú.
  • nach bhfuil sé de chuspóir ag na bearta morgáiste díriú ar phraghsanna tithe, tugann an anailís seo le tuiscint go mbeadh brúnna inacmhainneachta níos measa i gceist d’iasachtaithe morgáiste mura mbeadh na bearta morgáiste seo i bhfeidhm.

Ar an iomlán, measann an Banc Ceannais go bhfuil a gcuid cuspóirí á mbaint amach ag na bearta mar atá siad ceaptha agus calabraithe faoi láthair.   

Mortgage Measures 2020

Féach freisin:

Bearta Morgáiste - Ceisteanna Coitianta

Míniú – Cad iad na Bearta Morgáiste?