An féidir leat caimiléir a aithint?

Athscríbhinn den fhíseán "An féidir leat caimiléir a aithint"?

Tá modhanna sofaisticiúla ag caimiléirí - a dtugtar calaoiseoirí orthu go minic freisin – chun iarracht a dhéanamh do chuid airgid agus sonraí pearsanta a fháil.  

I measc na modhanna sin, tá suíomhanna gréasáin bréige, fógraí ar na meáin shóisialta, téacsanna, glaonna gutháin agus ríomhphoist. Seans go mbeidh táirgí airgeadais amhail na cinn seo a leanas á dtairiscint ag caimiléirí:

  • Infheistíochtaí a gheallann torthaí arda
  • Táirgí pinsin agus coigiltis a mbaineann buntáistí suntasacha leo
  • Morgáistí agus iasachtaí
  • Polasaithe saora árachais.

Cad iad na camscéimeanna is coitianta?

Cad is camscéimeanna infheistíochta ann?

Bíonn camscéimeanna infheistíochta i gceist nuair a thairgtear “deis infheistíochta” duit a gheallann go mbeidh ardtoradh úis ar do chuid airgid agus riosca an-íseal ag baint leis. D’fhéadfadh gur infheistíocht i scaireanna, i mbannaí, i gcriptea-airgeadra nó eile a bheidh i gceist. I ndáiríre, níl aon deis infheistíochta ann agus tá na caimiléirí ag iarraidh go n-aistreoidh tú do chuid airgid chucu.

Conas a oibríonn camscéimeanna infheistíochta?
Déanfaidh “gnólacht” teagmháil leat chun deis infheistíochta a thairiscint duit ina ngeallfar ardtoradh ar do choigilteas.  Nó, b’fhéidir go mbeidh deiseanna infheistíochta ar líne á gcuardach agat agus go dtiocfaidh tú ar shuíomh gréasáin an chaimiléara. Seans go ligfidh an caimiléir air féin gur gnólacht dlisteanach é agus seans go mbeidh an suíomh gréasáin nach mór mar an gcéanna le suíomh gréasáin an fhíorghnólachta - tugtar gnólacht/suíomh gréasáin “clónáilte” air sin. B’fhéidir go ndéarfaidh an caimiléir leat nach bhfuil an deis infheistíochta seo ar fáil ach ar feadh tréimhse teoranta agus gur gá duit infheistiú a dhéanamh go tapa chun leas a bhaint aisti. Iarrfar ort do chuid airgid a aistriú go díreach chuig an gcaimiléir.

Conas is féidir leat tú féin a chosaint ar chamscéimeanna infheistíochta?
 
  • Faigh comhairle airgeadais neamhspleách i gcónaí sula ndéanann tú aon airgead a infheistiú. 
  • Ná glac le tairiscintí gan choinne i ndáil le deiseanna infheistíochta. 
  • Bí amhrasach faoi aon infheistíocht a gheallann torthaí ráthaithe nó brabúis mhóra. 
  • Déan fiosruithe faoin ngnólacht atá i dteagmháil leat.  
  • Ná tabhair sonraí pearsanta fút féin nó ná haistrigh aon airgead go dtí go mbeidh tú lánchinnte gur fíorghnólacht atá ann. 
  • Seiceáil stádas rialála an ghnólachta ar chlár na ngnólachtaí údaraithe de chuid Bhanc Ceannais na hÉireann. Ach cuimhnigh gur minic a dhéanann caimiléirí aithris ar ghnólachtaí dlisteanacha, dá bhrí sin, fiú má tá an gnólacht liostaithe ar an gclár, ba cheart duit seiceálacha breise a dhéanamh. 
 

 

Cad is camscéimeanna iasachta ann?
Bíonn camscéimeanna iasachta ag díriú ar dhaoine a bhfuil iasachtaí airgid á lorg acu ó sholáthraithe creidmheasa ardchostais. Is ionann an cineál camscéime seo agus “calaois réamhtháille”, is é sin go dtairgtear iasacht airgid duit ar choinníoll go n-íocfaidh tú réamhtháille nó táille riaracháin.

Conas a oibríonn camscéimeanna iasachta?
Cuirfidh tú iarratas isteach ar iasacht airgid nó tairgfear iasacht airgid duit ar shuíomh gréasáin agus geallfar go ndéanfar an iasacht a phróiseáil go tapa. Seans go luafar ar an suíomh gréasáin nach gá go mbeidh rátáil mhaith chreidmheasa agat, nó nach gá duit mórán doiciméad a thabhairt seachas bunsonraí pearsanta, chun go ndéanfar an iasacht a cheadú. B’fhéidir go maífidh an gnólacht go bhfuil sé á rialáil ag Banc Ceannais na hÉireann. Tar éis duit d’iarratas a dhéanamh, gheobhaidh tú glao gutháin, téacs nó ríomhphost á rá leat go bhfuil d’iarratas ar iasacht ceadaithe, mar aon le sonraí maidir le méid na hiasachta agus méid na haisíocaíochta míosúla. Ach, sular féidir an t-airgead a eisiúint, iarrfar ort réamhtháille a íoc. B’fhéidir go ndéarfaidh an caimiléir leat gur táille riaracháin nó cineál táille eile atá i gceist agus go bhfuil sí ag teastáil chun an t-airgead a “scaoileadh”. I ndáiríre, níl aon iasacht ann agus caillfidh tú an táille. 

 

Conas is féidir liom mé féin a chosaint ar chamscéimeanna iasachta?
Bí san airdeall maidir le haon tairiscintí iasachta ó ghnólachtaí sna cásanna seo a leanas:

  • Má chuirtear brú ort cinneadh a dhéanamh go tapa 
  • Má dheirtear leat nach mbeidh aon seiceálacha creidmheasa i gceist 
  • Má ghealltar iasacht duit fiú má tá droch-chreidmheas agat
  • Má iarrtar réamhtháille ort chun na cistí iasachta a scaoileadh. 
Níl cead ag soláthraithe creidmheasa ardchostais a bhíonn á rialáil ag an mBanc Ceannais aon táillí riaracháin a ghearradh i dtaca le hiarratas ar iasacht. Má iarrtar ort táille a íoc, ná bain úsáid as an soláthraí sin mar is amhlaidh gur camscéim atá i gceist.
  

 

Cad is camscéimeanna fioscaireachta ann?
Tá camscéimeanna “fioscaireachta” i measc na gcamscéimeanna is coitianta. Is ionann fioscaireacht agus téacsanna, ríomhphoist nó glaonna gutháin ó chaimiléirí a fhéachann le sonraí pearsanta tábhachtacha, amhail do phasfhocail le haghaidh baincéireacht ar líne, sonraí cárta creidmheasa nó uimhir PSP, a fháil uait. 

Conas a oibríonn camscéimeanna fioscaireachta?
Gheobhaidh tú teachtaireacht a mbeidh cuma uirthi gur ó eagraíocht iontaofa í amhail do bhanc, siopa ar líne, An Post nó na Coimisinéirí Ioncaim. 
Bíonn sé deacair iarrachtaí fioscaireachta a aithint agus seans go mbeidh siad le feiceáil i “snáithe” dlisteanach téacsanna a fuair tú ó eagraíocht iontaofa roimhe sin. Seans go ndéarfar sa teachtaireacht go bhfuil do chuntas i mbaol agus gur gá duit do phasfhocal a athshocrú. Nó, b’fhéidir go ndéarfar gur gá duit táille custam a íoc i leith rud éigin a d’ordaigh tú ar líne lena sheachadadh duit. Tá sí mar aidhm ag an gcamscéim tú a threorú chuig suíomh gréasáin bréige sa chaoi go gcuirfidh tú isteach do chuid sonraí le haghaidh baincéireacht ar líne, sonraí cárta creidmheasa nó sonraí pearsanta eile.  Ansin, bainfidh an caimiléir úsáid as na sonraí sin chun rochtain a fháil ar do chuntas agus d’airgead a ghoid.
 
Conas is féidir liom mé féin a chosaint ar chamscéimeanna fioscaireachta?

 

  • Bí amhrasach faoi aon téacsanna a fhaigheann tú gan choinne a mhaíonn gur ó eagraíocht iontaofa iad, amhail do bhanc nó d’eisitheoir cárta creidmheasa/dochair. 
  • Ná tabhair freagra ar théacsanna, ríomhphoist nó ar ghlaonna gútháin a iarrann sonraí pearsanta amhail do shonraí cuntais bainc nó pasfhocail eile.
  • Ná cuir glaoch ar aon uimhir ghutháin nó ná cliceáil ar aon nasc atá leabaithe i dtéacs. 
  • Bí san airdeall ar theachtaireachtaí a spreagann duit cuairt a thabhairt go práinneach ar shuíomh gréasáin chun saincheist a réiteach nó chun do shonraí a fhíorú. 
  • Ná déan do phasfhocail ar líne a athshocrú ach amháin má bheartaíonn tú féin iad a athshocrú.
 

Conas is féidir leat tú féin a chosaint ar chamscéimeanna?

D’iarramar ar dhaoine den phobal cé na bearta atá acu chun iad féin a chosaint ar chalaois/chamscéimeanna airgeadais. Léirítear ina gcuid freagraí forleithne agus ilghnéitheacht na gcamscéimeanna atá á n-úsáid ag caimiléirí chun bob a bhualadh ar dhaoine agus cé na bearta atá ag daoine chun coinneáil céim chun tosaigh ar na caimiléirí.
 
Athscríbhinn den fhíseán "How do you protect yourself from financial fraud?"

Déan tástáil “SAFE” chun cuidiú leat caimiléirí a aithint

Má tá tú ag smaoineamh ar tháirge airgeadais a cheannach nó ar dhéileáil le gnólacht, trí shuíomh gréasáin nó trí na meáin shóisialta, nó má fhaigheann tú téacs, glao gutháin nó ríomhphost gan choinne, déan tástáil SAFE roimh ré.

Cad atá á thairiscint ag an ngnólacht seo? Cé atá ag déanamh teagmháil liom? Cá bhfuair siad mo shonraí teagmhála? Cé hiad féin? An bhfuil brú á chur orm sonraí pearsanta nó airgeadais a thabhairt faoi dheifir? Cuimhnigh nach bhfuil aon bhuntáiste gearrtéarmach ag baint le cinntí tapa a dhéanamh maidir le do leas airgeadais san fhadtéarma.

Seiceáil cláir Bhanc Ceannais na hÉireann chun a fháil amach an bhfuil an gnólacht údaraithe. Fiú más cosúil go bhfuil an gnólacht údaraithe, déan cinnte gur gnólacht dílis é. Is minic a ligeann caimiléirí orthu féin gur gnólacht dílis iad trí “chlónáil” a dhéanamh ar ghnólacht údaraithe agus trí shonraí uile an ghnólachta sin, nó cuid díobh, a chóipeáil. Seiceáil an bhfuil aon neamhrialtachtaí ann ar nós botúin litrithe nó earráidí gramadaí ar shuíomh gréasáin, i ríomhphoist nó i bpáipéarachas an ghnólachta. Bain úsáid as uimhir ghutháin atá fógartha go poiblí chun glao gutháin a chur ar an ngnólacht.

Faigh comhairle chun a chinntiú gur fíorsheirbhís nó fíortháirge atá i gceist.

Lorg comhairle chun a chinntiú gur fíorsheirbhís nó fíortháirge atá i gceist. Ná tabhair sonraí pearsanta nó ná seol airgead mura bhfuil tú sásta gur gnólacht údaraithe dílis é. Cuir ceist ort féin:

  • An bhfuil an tseirbhís nó táirge airgeadais ag teacht ó fhoinse iontaofa?

  • An fíortháirge airgeadais é seo? 

  • An bhfuil an táirge seo de dhíth orm? 

  • An bhfuil torthaí arda i gceist? An bhfuil an gnólacht ag maíomh go gclúdóidh sé an infheistíocht chaipitil go léir sa chaoi nach mbeidh aon chaillteanas i gceist domsa?

  • An bhfuil cuma rómhaith air? Má tá, seans gur camscéim é.

Má tá iasacht uait agus má iarrtar réamhtháille ort, ba cheart duit deireadh láithreach a chur le haon chumarsáid leis an ngnólacht sin mar is camscéim é.

Má tá imní ort nach fíorghnólacht é nó nach bhfuil sé údaraithe chun táirgí airgeadais a dhíol, déan teagmháil linn. Tá cumhachtaí againn chun imscrúdú a dhéanamh agus gníomh a dhéanamh in aghaidh caimiléirí. Táimid anseo chun tacú leat agus chun tú a chosaint agus bímid ag obair i ndlúthchomhar leis na Gardaí chun cosc a chur ar choirpigh airgeadais bob a bhualadh ar thomhaltóirí airgeadais. Is féidir leat é a thuairisciú go díreach dúinn ar ár suíomh gréasáin nó trí ghlaoch a chur orainn ar Íosghlao 0818 681 681 nó Líne Thalún 01 224 5800. 

Cuimhnigh, má bhíonn tú ag plé le gnólacht neamhúdaraithe, caillfidh tú cosaintí tábhachtacha atá ceaptha tí a chosaint má théann cúrsaí ó rath. Mar shampla, ní bheidh tú ábalta éileamh a dhéanamh faoin Scéim Chúitimh d'Infheisteoirí, ná ní bheidh an tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean ábalta cabhrú leat le do ghearán. Ciallaíonn sé sin nach dócha go bhfaighidh tú do chuid airgid ar ais ma théann cúrsaí ó rath.

Agus cuimhnigh nach ndéanfaidh an Banc Ceannais teagmháil leat riamh chun airgead nó uimhir PSP a lorg uait.

Féach freisin:

Comhlánaigh ár suirbhé

An raibh an t-eolas ar an leathanach gréasáin seo úsáideach duit? Ar mhiste leat ár suirbhé gear anaithnid a chomhlánú chun do chuid tuairimí a roinnt linn. Cabhróidh do thuairimí le heolas a dhéanamh don obair leanúnach a bhíonn ar siúl againn chun feasacht agus tuiscint níos fearr ar chamscéimeanna a chothú.