Céard é “idirdhealú IBAN” agus céard is féidir liom a dhéanamh faoi?

What is IBAN Discrimination

Má tá cuntas agat le soláthraí seirbhíse íocaíochta, mar shampla le banc nó le comhar creidmheasa san Aontas Eorpach, tabharfar Uimhir Idirnáisiúnta Chuntas Bainc duit. 

Is ionann IBAN agus sraith d’uimhreacha agus de litreacha ar leith lenar féidir do chuntas a aithint sa Limistéar Aonair d'Íocaíochtaí Euro (SEPA). 

Tá Ballstáit uile an AE in SEPA mar aon leo seo a leanas:

  • An Íoslainn
  • Lichtinstéin
  • Monacó
  • An Iorua
  • An Eilvéis
  • Andóra
  • San Mairíne
  • Cathair na Vatacáine.

Cén chuma atá ar mo IBAN?

Bíonn dhá litir ag tús an IBAN a chuireann in iúl an tír ina bhfuil an cuntas lonnaithe, e.g. seasann IE d’Éirinn agus seasann DE don Ghearmáin.

I ndiaidh an chóid tíre sin, bíonn dhá “dhigit seiceála”, agus ar deireadh thiar bíonn uimhir bhunúsach chuntas bainc a bhaineann le tír ar leith. 

Mar shampla, tá an chuma seo ar IBAN Éireannach: IE29AIBK93115212345678

Tá an chuma seo ar IBAN Gearmánach: DE89370400440532013000

De ghnáth, bíonn 22 carachtar, idir litreacha agus uimhreacha, in IBAN Éireannach ach d’fhéadfadh suas le 34 carachtar a bheith in IBAN i dtíortha SEPA eile.

Cad chuige a n-úsáidtear IBAN?

Baintear úsáid as IBAN chun glacadh le híocaíochtaí intíre agus idirnáisiúnta euro ar fud thíortha SEPA agus chun na híocaíochtaí sin a dhéanamh.

Rinneadh na híocaíochtaí sin a chomhoiriúnú in 2014 nuair a bunaíodh IBAN mar aitheantóir caighdeánach do chuntais bainc uile SEPA.

Cén tábhacht atá aige seo don phobal?

Ciallaíonn sé seo gur féidir leat aistriú trasteorann euro a dhéanamh laistigh de SEPA chomh tapa, chomh furasta agus chomh saor céanna is a dhéanfá i do thír féin.

Ceann de na príomh-bhuntáistí is ea gur féidir leat cuntas íocaíochta aonair a úsáid le haghaidh aistrithe euro agus nach gá duit cuntais bainc éagsúla a oscailt. 

Cuir i gcás gur Éireannach tú atá ag obair i dtír Eorpach nó i dtír SEPA eile, is féidir leat iarraidh ar d’fhostóir do phá a íoc isteach i do chuntas bainc Éireannach.

Chomh maith leis sin, is féidir leat do chuntas bainc Éireannach a úsáid chun dochar díreach a shocrú le soláthraí fóntais i dtír AE eile. 

Ní gá duit ach do IBAN Éireannach a thabhairt do d’fhostóir nó don soláthraí fóntais.

Ar an gcaoi chéanna, más as tír AE/SEPA eile duit agus má tá cónaí ort in Éirinn, is féidir leat an cuntas bainc atá agat sa bhaile a úsáid le haghaidh aistrithe agus dochair dhíreacha euro. 

Ní gá duit ach do IBAN a thabhairt do d’fhostóir Éireannach nó don soláthraí fóntais. Mar a dúradh thuas, beidh cód tíre do thíre féin ag tús an IBAN, e.g. “DE” do bhanc Gearmánach nó “GB” do bhanc ón Ríocht Aontaithe.

Céard é idirdhealú IBAN?

Nuair a dhiúltaíonn fostóir nó cuideachta, ar nós cuideachta fóntais, glacadh le IBAN SEPA le haghaidh íocaíochtaí euro nó dochair dhíreacha.

Níl idirdhealú IBAN ceadaithe faoi SEPA.

Ní féidir le fostóir Éireannach nó cuideachta fóntais iallach a chur ort cuntas bainc Éireannach a oscailt le haghaidh aistrithe euro.

Céard is féidir liom a dhéanamh más dóigh liom go bhfuil idirdhealú IBAN á dhéanamh i mo leith?

Má deir cuideachta nó fostóir in Éirinn leat nach nglacfaidh siad ach le IBAN Éireannach i gcás dochar díreach nó aistriú creidmheasa, molaimid duit an méid seo a leanas a dhéanamh: 

  • Abair leo go gcaithfidh siad glacadh le IBAN ó thíortha SEPA eile (Article 9 of the SEPA Regulation).
  • Déan gearán oifigiúil i scríbhinn más gá.
  • Mura bhfaigheann tú freagra sásúil ar do ghearán, is féidir leat an sárú atá á mhaíomh a chur in iúl don údarás inniúil cuí (féach thíos le haghaidh tuilleadh sonraí).

Céard é an t-údarás inniúil cuí maidir le SEPA in Éirinn?

I gcásanna a bhaineann leis an bpobal agus le trádálaithe (ar nós soláthraí fóntais), is é an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (CCPC) an t-údarás inniúil.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le CCPC trí ghlaoch a chur ar a líne chabhrach: Íosghlao 1890 432 432.

I ngach cás eile, is é Banc Ceannais na hÉireann an t-údarás inniúil maidir le rialáil SEPA in Éirinn. 

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an mBanc Ceannais ag: ibandiscrimination@centralbank.ie.

Féach freisin: