Míniú - Cén t-eolas a theastaíonn uaim maidir le soláthraithe baincéireachta “digití”?

Digital BankingLeis an dul chun cinn sa teicneolaíocht, tá teacht níos mó againn ar sheirbhísí airgeadais, go háirithe maidir leis an gcaoi ina dtugaimid faoin mbaincéireacht ó lá go lá.

Mar shampla, is féidir leat cuntas a oscailt anois le soláthraí baincéireachta “digití” nó soláthraí baincéireachta fíorúla agus d’fhéadfadh nach mbeadh aon bhrainsí nó oifigí fisiciúla acu in Éirinn.

De ghnáth, tairgfidh an soláthraí sin cuntas íocaíochta duit, mar aon le cárta dochair gaolmhar a bheidh comhtháite le d’fhón cliste trí aip agus sparán digiteach.

Ar an gcaoi sin, beidh fáil agat ar na seirbhísí cárta agus íocaíochta céanna nach mbíodh ar fáil roimhe seo ach ó bhanc áitiúil.

Cé na cineálacha soláthraithe baincéireachta digití atá ar fáil?

Tá dhá phríomhchineál soláthraithe baincéireachta digití ann: 

  • Banc digiteach
  • Institiúid íocaíochta nó institiúid ríomh-airgid

Cuireann an dá cheann seirbhísí comhchosúla ar fáil ar nós cuntais íocaíochta a bhfuil cártaí dochair nasctha leo.  

Ach tá difríochtaí ann maidir leis an gcaoi ina mbíonn siad á rialáil agus maidir leis na cosaintí a chuireann siad ar fáil dá gcustaiméirí.

Comparáid idir na cosaintí do thomhaltóirí

Is gá do sholáthraithe baincéireachta digití déanamh de réir na gcosaintí do thomhaltóirí a thagann faoi Rialacháin na Seirbhísí Íocaíochta 2018 agus faoi na Rialacháin Leasaithe um Airgead Leictreonach 2011.

Mar aon leis na bainc, is gá d’institiúidí ríomh-airgid oibleagáidí áirithe faoin gCód um Chosaint Tomhaltóirí a chomhlíonadh, chomh maith le rialacha a bhaineann le haistriú cuntais

Is féidir leat gearán a dhéanamh leis Ombudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean i dtaobh soláthraí baincéireachta digití.

Tá difríocht sna cosaintí tomhaltóirí maidir leis an gcaoi ina gcosnaítear do chuid airgid.

Is faoin Scéim Ráthaíochta Taiscí (SRT) a chlúdaítear airgead atá á shealbhú i mbanc digiteach.

Is scéim chúitimh í SRT a chosnóidh do chuid taiscí suas le €100,000 i gcás nach mbeidh do bhanc ábalta do chuid airgid a aisíoc leat.

Aon airgead a bheidh á shealbhú in institiúid ríomh-airgid nó in institiúid íocaíochta, beidh sé faoi réir na rialacha a bhaineann le cosaint cistí.

Is rialacha AE iad seo atá ceaptha do chuid airgid a chosaint i gcás ina dteipfidh ar an institiúid.

Soláthraithe baincéireachta digití: comparáid idir na cosaintí do thomhaltóirí

Cosaintí Bainc/bainc dhigiteacha Institiúidí ríomh-airgid Institiúidí íocaíochta
An Scéim Ráthaíochta Taiscí Níl
Cosaint cistí Níl
Teacht ar an Ombudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean
Réiteach gearán
Roghanna maidir le haistriú cuntas

Tá na hoibleagáidí seo ann is cuma an bhfuil an malartach baincéireachta digití á rialáil ag Banc Ceannais na hÉireann nó ag stát LEE eile agus go bhfuil a chuid seirbhísí á bpascheadú go hÉirinn.

Conas is féidir liom a fháil amach an banc, institiúid íocaíochta nó institiúid ríomh-airgid é mo sholáthraí baincéireachta digití?

Chun a fháil amach an banc, institiúid íocaíochta nó institiúid ríomh-airgid é do sholáthraí, is féidir leat ár gclár a sheiceáil, áit a bhfuil sonraí maidir le gnólachtaí atá údaraithe ag Banc Ceannais na hÉireann.

I gcás soláthraí a bhfuil a chuid seirbhísí á bpascheadú go hÉirinn ó thír LEE eile, ba cheart go gcuirfí in iúl go soiléir ina chuid téarmaí agus coinníollacha cén tír ina bhfuil sé údaraithe agus cén t-údarás inniúil náisiúnta a d’údaraigh é.

Ba cheart go mbeadh sonraí le fáil i gcláir an údaráis inniúil náisiúnta de chuid na tíre sin maidir leis an gcineál institiúide atá ann.