Ráiteas maidir le hInrochtaineacht

Tá Banc Ceannais na hÉireann meáite ar shuíomh gréasáin a chur ar fáil a bhfuil an lucht úsáide is leithne is féidir aige, beag beann ar an teicneolaíocht nó ar chumas.
Táimid ar ár ndícheall ag iarraidh inrochtaineacht agus inúsáidteacht ár suímh gréasáin a mhéadú agus ag an am céanna cloí le go leor de na caighdeáin agus de na treoirlínte atá ar fáil.  Leagann an ráiteas seo amach an soláthar atá déanta againn le caighdeán ard inrochtaineachta a chinntiú ar fud an tsuímh gréasáin seo.

Comhlíonadh Caighdeán

Cloíonn leathanaigh an tsuímh seo le caigheáin WCAG AA, agus le treoirlínte uile Thosaíocht 2 arna leagan amach ar W3C Web Content Accessibility Guidelines .

Tá leathanaigh an tsuímh seo ag teacht le Treoirlínte Inrochtaine IT an Údaráis Náisiúnta Míchumais.

Cloíonn leathanaigh an tsuímh seo le hAlt 508, agus le treoirlínte uile U.S. Federal Government Section 508.

Cuireadh an suíomh seo le chéile agus úsáid á baint as cód a chomhlíonann caighdeáin W3C um XHTML agus CSS. Feictear an suíomh mar is ceart i mbrabhsálaithe reatha agus de bhrí go mbaintear úsáid as cód XHTML/CSS feicfear an suíomh mar is ceart i mbrabhsálaithe amach anseo.
Dearadh leathanaigh an tsuímh seo go mbeidís bailí mar XHTML 1.0 Transitional.
Baineann gach leathanach ar an suíomh seo úsáid as marcáil shéimeantach struchtúrtha. Baintear úsáid as clibeanna H1 do na ceannteidil, agus as clibeanna H2 do na fotheidil.

NÓTA:

Cé go ndéanaimid ár seacht ndícheall cloí le caighdeáin agus le treoirlínte inghlactha um inrochtaineacht agus inúsáidteacht, ní féidir é sin a dhéanamh i gcónaí i ngach mír den suíomh. Má bhíonn aon deacracht agat le hinrochtaine an tsuímh seo, ná bíodh aon drogall ort teagmháil a dhéanamh linn.

Cáipéisí PDF

Tá cuid de na cáipéisí PDF atá ar an suíomh seo inrochtaine.  Ní hamhlaidh atá cuid eile acu. Táimid ag cinntiú faoi láthair go bhfuil gach cáipéis PDF dár gcuid inrochtaine.  Nuair a roghnaítear cáipéisí PDF ar an suíomh idirlín seo osclófar i bhfuinneog nua iad.

Íomhánna

Tá clib thuairisciúil ALT nó LONGDESC ag gabháil le gach íomhá a úsáidtear ar an suíomh seo.

Dearadh Físiúil

Baineann an suíomh seo úsáid as stílbhileog chascáideach don leagan amach físiúil.
Baineann an suíomh seo úsáid as clómhéideanna coibhéiseacha, a oireann don rogha úsáideora "clómhéid" i mbrabhsálaithe físiúla.

Tagairtí don Inrochtaineacht

  • Teicníochtaí inrochtaineachta W3, a mhíníonn conas gach treoirlíne a chur i bhfeidhm.
  • Seicliosta inrochtaineachta W3, treoir inrochtaineachta d'fhorbróirí gnóthacha.
  • U.S. Federal Government Section 508 treoirlínte inrochtaineachta.  
    Bogearraí Inrochtaineachta
  • JAWS léitheoir scáileáin do Windows. Is féidir leagan samplach, a bhfuil srian ama leis, a íoslódáil.
  • Lynx brabhsálaí gréasáin téacs amháin saor ó chostas d'úsáideoirí dalla ag a bhfuil taispeántán in-athnuaite Braille.
  • Nasc, brabhsálaí gréasáin saor in aisce téacs amháin d'úsáideoirí físiúla a bhfuil bandaleithead íseal acu.

Riachtanais an Bhrabhsálaí

Ba chóir go bhféadfaí suíomh gréasáin Bhanc Ceannais na hÉireann a úsáid ar bhrabhsálaí ar bith atá bunaithe ar chaighdeáin nua-aimseartha. Ní éilíonn ná ní mholann an Banc aon bhrabhsálaí faoi leith de bhrí gur féidir ár suíomhanna gréasáin agus feidhmchláir atá dírithe ar an bpobal a rochtain le leaganacha reatha na mórbhrabhsálaithe. Déantar an tástáil den chuid is mó ar na brabhsálaithe is coitianta a úsáidtear. I láthair na huaire, áirítear orthu sin go sonrach Internet Explorer, Chrome, agus Firefox – níor chóir go mbainfeadh deacracht le brabhsálaithe eile, cuir i gcás Safari, Opera agus Edge, ach ní dhéantar diantástáil orthu de bharr nach minic a úsáidtear iad chun ár suíomhanna a rochtain. Ní féidir ach leaganacha dá bhfuil tacaíocht díoltóra ar fáil a úsáid le suíomh an Bhainc - níor chóir leaganacha nach bhfuil tacaíocht ar fáil dóibh a úsáid de bhrí go mbaineann baol slándála leo.
Amhail Eanáir 2016, is iad na leaganacha brabhsálaithe a bhfuil tacaíocht ar fáil dóibh agus a ndéanaimid tástáil orthu:

  • IE 11
  • Firefox - an leagan reatha 
  • Chrome - an leagan reatha

An tOifigeach Rochtana

Tá eolas breise ar inrochtaineacht le fáil ón Oifigeach Rochtana, Liam McMunn ar [email protected]