Cad is smioscaireacht ann agus conas is féidir liom í a sheachaint?

 Smishing

Is ionann smioscaireacht - focal atá déanta suas de na focail “SMS” agus “fioscaireacht” - agus sceamáil ina mbaineann calaoiseoirí úsáid as teachtaireacht téacs chun dallamullóg a chur ort sa chaoi go n-osclóidh tú ceangaltán nó nasc mailíseach.

Go hiondúil, bíonn an chuma ar na teachtaireachtaí téacs seo gur ó eagraíocht iontaofa atá siad, amhail do bhanc, d’eisitheoir cárta, soláthraí seirbhíse ar nós do chuideachta fóin mhóibíligh, nó fiú roinn rialtais amhail na Coimisinéirí Ioncaim.

Is deacair go minic sceamáil den sórt seo a aithint agus b’fhéidir go bhfeicfidh tú na teachtaireachtaí mar chuid d’fhíorsnáithe teachtaireachtaí téacs a fuair tú roimhe seo ó eagraíocht iontaofa.

Ionsaithe smioscaireachta le déanaí

Díríodh sceamálacha smioscaireachta ar roinnt banc miondíola Éireannach agus ar a gcuid custaiméirí, go háirithe ó shamhradh 2020 i leith agus ó thús phaindéim COVID-19.

Go minic, déanann teachtaireachtaí smioscaireachta iarracht tú a scanrú ag rá gur gá duit rud éigin práinneach a dhéanamh chun toradh tromchúiseach a sheachaint.

Mar shampla, b’fhéidir go bhfaighidh tú teachtaireacht téacs ó do bhanc, mar dhea, ag rá leat gur cuireadh bac ar do chárta bainc, ar do chuntas bainc nó ar rochtain ar líne nó go bhfuil do chárta nó do chuntas bainc calctha de bharr “gníomhaíocht neamhghnách” nó de bharr idirbhearta calaoiseacha.

Iarrfaidh an téacs ort cliceáil ar nasc chun an bac a bhaint de do chuntas.

Má chliceálann tú ar an nasc, áfach, tabharfar tú chuig suíomh gréasáin atá bréagach ach a bhfuil cuma dhílis air toisc go bhfuil aithris á déanamh aige ar shuíomh gréasáin do bhainc.

Ansin, iarrfar ort logáil isteach agus cód a bheidh faighte agat i dtéacs a chur isteach chun na hidirbhearta nó an ghníomhaíocht a chosc.

I ndáiríre, trí logáil isteach agus an cód seo a chur isteach, tá tú ag ligean do na calaoiseoirí rochtain a fháil ar do chuntas agus idirbhearta a phróiseáil.

Conas smioscaireacht a sheachaint

  • Bí amhrasach faoi aon teachtaireachtaí téacs a fhaigheann tú gan choinne ó eagraíocht iontaofa, mar dhea, amhail banc nó eisitheoir cárta creidmheasa/dochair.
  • Bí airdeallach ar aon teachtaireachtaí téacs a iarrann ort glao a chur ar uimhir ghutháin nó cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin chun fadhb a réiteach nó chun do chuid sonraí a dheimhniú ar bhonn práinne.
  • Ná tabhair freagra ar theachtaireachtaí téacs a lorgaíonn sonraí pearsanta, ar nós do chuid sonraí cuntais bainc, gan seiceáil a dhéanamh go neamhspleách roimh ré gur ó fhoinse dhílis a thángadar.
  • Ná tabhair freagra riamh ar theachtaireachtaí téacs a iarrann do PIN, do phasfhocal don bhaincéireacht ar líne, nó aon phasfhocal eile.
  • Bí cúramach faoi ghlao a chur ar aon uimhir ghutháin nó faoi chliceáil ar aon nasc, atá laistigh de theachtaireacht téacs.

 Más dóigh leat go bhfuil teachtaireacht téacs smioscaireachta faighte agat, ba cheart duit dul i dteagmháil láithreach le do bhanc nó le do sholáthraí seirbhíse.

 Féach freisin: