Míniú - An bhfuil aon smacht ag an mBanc Ceannais ar chostas mótarárachais?

Mótarárachais

Níl. Níl aon ról ag an mBanc Ceannais préimheanna a shocrú ná teorainn a chur leo, toisc go mbeadh sé sin in aghaidh dhlí an Aontais Eorpaigh. Is cinneadh tráchtála é do gach cuideachta árachais é praghas préimheanna.
D’fhéadfadh líon ard éileamh agus íocaíochtaí, nó forsaí sa mhargadh, cur le harduithe ar phréimheanna bliantúla.
Mar sin féin, tá freagracht ag an mBanc Ceannais tomhaltóirí na ngnóthas árachais a chosaint.
Is é an phríomhaidhm s’againne a chinntiú go bhfuil cuideachtaí árachais slán agus go bhfuil dóthain sócmhainní acu chun tomhaltóirí a íoc má bhíonn éileamh ann.
Cinntímid freisin go gcaitheann cuideachtaí árachais áirithe go cothrom le tomhaltóirí. Mar shampla, tá rialacha ann a chumhdaíonn an fhaisnéis is gá do chuideachta árachais a thabhairt duit nuair a cheannaíonn tú árachais nó nuair a dhéanann tú d’árachas a athnuachan. Tá rialacha fógraíochta ann freisin is gá do chuideachtaí a leanúint.
Déanaimid rialáil freisin ar an gcaoi a gcaitheann gnóthas le héilimh agus le gearáin ó thomhaltóirí. Is gá do chuideachtaí árachais agus do bhróicéirí díolacháin a dhéanamh i gcomhréir le Rialacha an Bhainc Ceannais (cóid iompair) agus dóthain foirne cáilithe a fhostú.