Míniú – Conas a oibríonn Éascú Cainníochtúil?

Quantative Easing

 De ghnáth, oibríonn beartas airgeadaíochta trí rátaí úis gearrthéarmacha a stiúradh. I dtréimhsí ina bhfuil fás eacnamaíoch íseal agus boilsciú íseal ann ar bhonn leanúnach, áfach, b’fhéidir nach mbeifí in ann rátaí úis a laghdú.
I dtréimhsí mar sin, úsáideann bainc cheannais Éascú Cainníochtúil chun an geilleagar a spreagadh. Glaoitear an Clár Ceannaithe Sócmhainní leathnaithe (CCS) ar an uirlis sin sa limistéar euro.
Laistigh den Chlár Ceannaithe Sócmhainní, ceannaíonn bainc cheannais náisiúnta an Eurochórais sócmhainní ó na bainc. Mar gheall air sin, tagann ardú ar phraghas na sócmhainní sin agus cruthaítear airgead sa chóras baincéireachta. Íslítear raon leathan rátaí úis mar thoradh air sin agus éiríonn iasachtaí níos saoire. Is féidir le daoine agus gnólachtaí níos mó airgid a fháil ar iasacht agus ní gá dóibh an oiread airgid a chaitheamh chun a gcuid fiacha a aisíoc. Dá bharr sin, tagann borradh faoi thomhaltas agus infheistíocht. Nuair a bhíonn níos mó tomhaltais agus infheistíochta ann, tacaíonn sé sin le fás eacnamaíoch agus cruthú post.
Cuireadh tús leis an gClár Ceannaithe Sócmhainní leathnaithe i Márta 2015, agus meastar go leanfar leis go dtí Meán Fómhair 2018 ar a laghad.
I ndiaidh ghéarchéim airgeadais 2008-2009, rinne bainc cheannais mhóra amhail an Cúlchiste Feidearálacha i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Banc Shasana tús a chur le cláir ceannaithe sócmhainní freisin d’fhonn fás eacnamaíoch a spreagadh.

Féach freisin: