Míniú - Conas a chosnaíonn an Banc Ceannais an córas bancéireachta ó chora agus casanna sa gheilleagar?

Cora agus Casanna sa Gheillegaar

Is chun leasa an gheilleagair agus chun leasa tomhaltóirí é córas baincéireachta a fheidhmíonn go maith.
Ceann de na bealaí atá againn chun earnáil baincéireachta fheidhmiúil a chur chun cinn is ea a chinntiú go bhfuil dóthain airgid - nó caipitil - i gcúlchiste ag bainc chun caillteanais gan choinne a chlúdach.
Glaoitear “ceanglais chaipitil” air sin.
D’fhonn an córas baincéireachta a neartú tar éis na géarchéime eacnamaíochta, ba ghá athbhreithniú a dhéanamh ar an méid airgid a choimeád na bainc i gcúlchiste.
Dá bharr sin, cuireadh ceanglas breise caiptitil i bhfeidhm darb ainm “an cúlchiste fritimthriallach” nó an CCyB.
Ceapadh an Cúlchiste Fritimthriallach le go mbeadh an córas baincéirechta ní ba sheasmhaí agus ionas nach mbeadh sé chomh leochailleach céanna do chora agus casanna sa gheilleagar.

Conas a oibríonn an Cúlchiste Fritimthriallach?

Is gnách go mbíonn timthriallta ann sa gheilleagar agus sa chóras baincéireachta. 
Uaireanta bíonn luas faoin bhfás eacnamaíoch agus uaireanta eile tagann moilliú ar an bhfás, nó tagann laghdú air i.e. bíonn cúlú eacnamaíoch ann.
Má fhásann an geilleagar go róthapa, tagann méadú ar iasachtaí bainc agus ar phraghas réadmhaoine, méadú nach féidir a choimeád ag imeacht.
Is féidir róbhorradh a bheith sa gheilleagar dá bharr agus d’fhéadfadh cúlú díobhálach eascairt as sin.
Ar an láimh eile, má fhásann an geilleagar go rómhall, nó má thagann laghdú air, tá baol ann go mbeadh caillteanais ag na bainc agus go ngearrfaidís siar ar iasachtaí.
Rachadh an cúlú eacnamaíoch in olcas da bharr.
Oibríonn an Cúlchiste Fritimthriallach trí cheangal a chur ar bhainc tuilleadh airgid a choinneáil i gcúlchiste nuair a bhíonn fás láidir faoin ngeilleagar agus nuair a bhíonn rioscaí róbhorrtha ann.
Dá bharr sin, bíonn tuilleadh airgid i gcúlchiste acu agus is féidir leo an t-airgead sin a úsáid chun caillteanais amach anseo a mhaolú.
Ar an taobh eile, nuair a bhíonn deacrachtaí airgeadais ann, is féidir an Cúlchiste Firththimthriallach a laghdú chun sreabhadh iasachtaí bainc a choimeád sa gheilleagar.

Cad é an difear idir an Cúlchiste Fritimthriallach agus ceanglais eile?

Ní hionann an Cúlchiste Fritimthriallach agus ceanglais caipitil eile na mbanc, toisc gur féidir athrú teacht air.
Socraítear formhór na gceanglas caiptitil ag céadatán áirithe dá “sócmhainní riosca-ualaithe”, is é sin, céatadán áirithe dá n-iasachtaí agus dá morgáistí, mar shampla.
Socraítear an Cúlchiste Firththimriallach ag céatadán de na sócmhainní sin, agus is féidir é a ardú nó a laghdú ag brath ar a bhfuil ag tarlú sa gheilleagar.
Mar sin, nuair a mheastar gur beag an baol d’iasachtú bainc agus don fhás geilleagarach, is féidir an Cúlchiste Fritimthriallach a shocrú ag leibhéal íseal (nó ag náid).
Má fhásann iasachtú bainc, pragahsanna réadmhaoine nó gnéithe eile den gheilleagar go róthapa, áfach, is féidir an Cúlchiste Fritimthriallach a ardú.

Cé a shocraíonn an Cúlchiste Fritimthriallach?

Is é Banc Ceannais na hÉireann, i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach, a shocraíonn an Cúlchiste Fritimthriallach d’iasachtú in Éirinn.
Déantar athbhreithniú air gach trí mhí le cinntiú go bhfuil sé ag an leibhéal ceart i bhfianaise a bhfuil ag tarlú sa gheilleagar.
Ó tógadh isteach an Cúlchiste Fritimthriallach in 2016, tá sé socraithe ag 0% d’iasachtú in Éirinn.
Ardófar an Cúlchiste Fritimthriallach go 1% i mí Iúil 2019, áfach.
Is féidir an ráta sin a ardú go 2.5%, nó níos airde má mheastar gá a bheith leis.

 Féach freisin: