Físeáin mhínithe

Conas a dhéanann Banc Ceannais na hÉireann maoirseacht ar ghnólachtaí agus imscrúdú ar éagóir?

Seo í Alex.

Oibríonn Alex i mBanc Ceannais na hÉireann. Bíonn Alex i gcónaí ag bualadh le daoine a bhfuil suim acu foghlaim faoi obair an Bhainc Ceannais.

Míníonn sí anseo conas a bhímid ag obair ar son leas an phobail.

Físeán 6 - Conas a dhéanann Banc Ceannais na hÉireann maoirseacht ar ghnólachtaí agus imscrúdú ar éagóir?

Agus í ar cuairt chuig seó talmhaíochta, míníonn Alex conas a chuidíonn obair mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin an Bhainc Ceannais le hardchaighdeáin a chaomhnú i dtionscal airgeadais na hÉireann.

Físeán 5 – Conas a chosnaíonn Banc Ceannais na hÉireann an pobal?

Tugann Alex cuairt ar rang Bhean Mhic Aonghusa i gContae Chill Chainnigh chun labhairt leo faoin gcaoi ina gcosnaíonn an Banc Ceannais an pobal.

Físeán 4 – Cén ról atá ag Banc Ceannais na hÉireann san Eoraip?

Míníonn Alex do Nessa, bean mhór camógaíochta as Corcaigh, an ról atá ag an mBanc Ceannais san Eoraip agus an tábhacht a bhaineann le hobair foirne. Tá fotheidil Ghaeilge ar fáil ar an bhfíseán seo.

Físeán 3 - Conas a thuilleann Banc Ceannais na hÉireann a chuid airgid?

Míníonn Alex dá cara, Tony, conas a thuilleann an Banc Ceannais a chuid airgid. Tá fotheidil Ghaeilge ar fáil ar an bhfíseán seo.

Físeán 2 - Cad is brí le "arna rialáil ag Banc Ceannais na hÉireann"?

Pléann Alex an frása "arna rialáil ag Banc Ceannais na hÉireann" sa chaifé áitiúil. Tá fotheidil Ghaeilge ar fáil ar an bhfíseán seo.

Físeán 1 - Cad a dhéanann Banc Ceannais na hÉireann?

Sa chéad fhíseán, labhraíonn Alex le rang eacnamaíochta i Luimneach atá ag iarraidh eolas a fháil faoin obair a dhéanann an Banc Ceannais. Tá fotheidil Ghaeilge ar fáil ar an bhfíseán seo.

Féach freisin