Físeáin mhínithe

Alex ag féachaint ar ríomhaireSeo í Alex.

Oibríonn Alex i mBanc Ceannais na hÉireann. Bíonn Alex i gcónaí ag bualadh le daoine a bhfuil suim acu foghlaim faoi obair an Bhainc Ceannais.

Cuirfidh sibh aithne ar Alex agus í ag labhairt le muintir na tíre faoin obair a dhéanann an Banc Ceannais chun an pobal a chosaint.

Sa chéad fhíseán, labhraíonn Alex le rang eacnamaíochta i Luimneach atá ag iarraidh eolas a fháil faoin obair a dhéanann an Banc Ceannais.

Físeán 1 - Cad a dhéanann Banc Ceannais na hÉireann?

Tá fotheidil Ghaeilge ar fáil ar an bhfíseán seo.

Féach ar an leathanach seo arís an mhí seo chugainn chun an dara físeán a fheiceáil, ina míneoidh Alex cad is brí leis an bhfrása "arna rialáil ag Banc Ceannais na hÉireann".

Féach freisin