Conas a thugann an Banc Ceannais cosaint do dhaoine a bhfuil riaráistí morgáiste acu?

riaráistí-morgáiste

Más rud é go bhfuil aisíocaíocht caillte agat ar do mhorgáiste nó má cheapann tú go gcaillfidh tú aisíocaíocht amach anseo, tá an baol ann go bhfuil, nó go mbeidh, riaráistí morgáiste agat.

Is rud tromchúiseach é duitse agus do do theaghlach má tá riaráistí morgáiste agat.

Má tharlaíonn sé go bhfuil riaráistí morgáiste agat, ba cheart duit labhairt le d’iasachtóir agus fanacht I dteagmháil leis go dtí mbeidh do chás réitithe.

Tá Cód Iompair um Riaráistí Morgáiste (CCMA) ag an mBanc Ceannais chun cosaint a thabhairt do dhaoine a bhfuil riaráistí morgáiste acu, agus is gá d’iasachtóirí cloí leis an gcód sin.

Sa CCMA, leagtar amach creat chun cosaint a thabhairt do dhaoine a bhfuil riaráistí morgáiste acu.

Mar gheall air sin, is gá d’iasachtóirí déileáil le do chás ar bhealach báúil agus dearfach, chun cuidiú leat aisíocaíochtaí a dhéanamh ar do mhorgáiste arís.

Cad iad na hoibleagáidí atá ar iasachtóirí faoin CCMA?

Sa CCMA, cuirtear ceangal ar iasachtóirí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • An Próiseas Réitigh do Riaráistí Morgáiste (MARP) a leanúint
  • Aonad Tacaíochta um Riaráistí a bhunú chun do chás a bhainistiú faoin MARP
  • Próiseas achomhairc a bheith i bhfeidhm ionas gur féidir leat achomharc a dhéanamh in aghaidh cinntí áirithe a dhéanann d’iasachtóir
  • Bord Achomhairc a bhunú chun rialú a dhéanamh ar aon achomharc a dhéanann tú.

Cad é an Próiseas Réitigh do Riaráistí Morgáiste (MARP)?

Tá an Próiseas Réitigh do Riaráistí Morgáiste (MARP) ag croílár an CCMA.

Tugtar sonraí sa MARP maidir le conas is ceart do d’iasachtóir caitheamh leat má tá riaráistí morgáiste agat nó má tá baol ann go mbeidh riaráistí morgáiste agat.
Tá ceithre chuid sa MARP:

Cumarsáid

Sa chuid seo, leagtar amach conas is gá do d’iasachtóir cumarsáid a dhéanamh leat. Mar shampla, ní féidir le d’iasachtóir cumarsáid a dhéanamh leat ach amháin má bhíonn an chumarsáid sin comhréireach agus mura mbíonn sí iomarcach.

Eolas Airgeadais

Is éard atá i gceist leis seo go bhfaigheann Aonad Tacaíochta um Riaráistí an iasachtóra eolas uait faoi do chúinsí airgeadais, trí Ráiteas Caighdeánach Airgeadais a úsáid.

Measúnú

Is éard atá i gceist leis seo go ndéanann an tAonad Tacaíochta um Riaráistí measúnú ar do chás agus déanann sé cinneadh maidir le socrú malartach aisíocaíochta a thairiscint duit do do mhorgáiste.

Réiteach

Is ag an bpointe seo a dhéanann an t-iasachtóir socrú malartach aisíocaíochta a thairiscint duit nó gan é a thairiscint duit. Mura dtairgfidh an t-iasachtóir socrú malartach aisíocaíochta duit, ní mór dó na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin a mhíniú. Is féidir leat achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh sin chuig Bord Achomhairc an iasachtóra.

Gné thábhachtach eile den MARP is ea go dtabharfar ocht mí ar a laghad duit ó dháta tosaigh na riaráistí sula mbeidh an t-iasachtóir in ann imeachtaí dlí a thionscnamh.

Níl thagann sé sin i bhfeidhm ach amháin mura bhíonn tú ag comhoibriú tú leis an iasachtóir.

An féidir liom an chosaint a thugtar faoin MARP a chailleadh?

Is féidir.

Má tá riaráistí morgáiste agat agus mura mbíonn tú ag comhoibriú le d’iasachtóir, tá an baol ann go ndéanfar tú a rangú mar thomhaltóir “nach bhfuil ag comhoibriú”. 

Má tharlaíonn sé sin, cuirfidh d’iasachtóir fógra chugat le rá go bhfuil cosaint PRRM caillte agat.

Ciallaíonn sé sin gur féidir le d’iasachtóir imeachtaí dlí a thioscnamh láithreach agus d’fhéadfá do theach a chailleadh dá bharr.

Ar an gcúis sin, tá sé fíorthábhachtach go gcoimeádann tú i dteagmháil le d’iasachtóir agus go mbíonn tú ag comhoibriú leis i gcónaí.

Cad a tharlóidh má dhíolann an t-iasachtóir mo mhorgáiste?

Má dhíolann d’iasachtóir do mhorgáiste le húinéir neamhrialáilte iasachtaí, beidh cosaint agat fós faoin CCMA.

Má cheanaíonn aon úinéir neamhrialáite iasachtaí an morgáiste, beidh air Gnólacht Seirbhísithe Creidmheasa a cheapadh chun gníomhú ar a shon.

Ní mór don Ghnólacht Seirbhísithe Creidmheasa sin an CCMA, lena n-airítear an MARP, a chomhlíonadh faoin dlí, ar an mbealach céanna le hiaschtóir rialáilte.

Ní thiocfaidh aon athrú ar do chosaint faoin CIRM ná ar do cheart achomharc inmheánach a dhéanamh.

An é an CCMA an t-aon chóras atá ann chun riaráistí morgáiste a réiteach?

Ní hé.

Seachas an CCMA agus sainordú an Bhainc Ceannais, tá tacaíochtaí agus córais eile ar fáil duit.

Tá san áireamh leis sin an tSeirbhís Náisiúnta Riaráistí Morgáiste (Abhaile), atá á hoibriú ag an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid, agus Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann.

Féadfaidh do chás a bheith oiriúnach don scéim Morgáiste go Cíos.

 

Féach freisin: