Rialachas Inmheánach

Struchtúir Rialachais Inmheánaigh

Cé go bhfuil freagracht fhoriomlán ar an gCoimisiún as bainistiú agus rialú a dhéanamh ar an mBanc Ceannais, bunaíodh coistí inmheánacha éagsúla chun forbairt agus cur chun feidhme beartas a chomhordú agus chun comhairle agus eolas a chur ar fáil maidir le saincheisteanna móra.

Is feidhm neamhspleách, oibiachtúil dearbhaithe agus comhairleoireachta í Iniúchóireacht Inmheánach atá ceaptha feidhmíocht an Bhainc Ceannais a fheabhsú ó thaobh a chuid freagrachtaí straitéiseacha a bhaint amach. Déanann sí measúnú córasach ar éifeachtacht na bpróiseas bainistíochta, rialaithe agus rialachais riosca. Tá Iniúchóireacht Inmheánach ina comhalta den Choiste um Iniúchóireacht Inmheánach (IAC) de chuid BCE agus tá sí freagrach as iniúchóireacht a dhéanamh ar na gnéithe áitiúla de chórais agus de phróisis CEBC. Is feidhm iniúchóireachta inmheánaí don Eurochóras agus don Chóras Eorpach Banc Ceannais é IAC.

Is feidhm tríú líne cosanta í Iniúchóireacht Inmheánach.

Tuairiscíonn Ceannasaí na hIniúchóireachta Inmheánaí go díreach don Ghobharnóir agus bíonn rochtain neamhtheoranta aige/aici ar an gCoiste Iniúchóireachta agus ar na comhaltaí den Choiste Ardcheannaireachta. Tá Iniúchóireacht Inmheánach freagrach as neamhchosaintí suntasacha riosca agus saincheisteanna rialaithe a thuairisciú don Choimisiún and don Ardbhainistíocht.

Tá bainistíocht riosca agus rialú láidir inmheánach ina ngnéithe lárnacha de chórais rialachais agus bainistíochta an Bhainc Ceannais. Cuimsíonn bainistíocht riosca sainaithint agus measúnú rioscaí, cur chun feidhme beart rialaithe, athbhreithniú agus faireachán ar rialuithe agus tuairisciú rialta don ardbhainistíocht agus don Choimisiún maidir le héifeachtacht beart rialaithe. Trí bhíthin chreataí bainistíochta riosca an Bhainc, féachtar le slándáil, leanúnachas, comhlíontacht agus sláine oibríochtaí a chosaint d’fhonn tacú le cuspóirí straitéise agus gnó an Bhainc. Tá cuntasacht na bainistíochta agus na foirne i leith chreataí bainistíochta riosca an Bhainc leagtha amach i raon beartas agus déanann an Coimisiún nó a fhochoistí athbhreithniú agus formheas ar na beartais sin.  

Fonn Riosca

Tá fonn riosca uileghabhálach sainithe ag Coimisiún an Bhainc Ceannais. Tá fonn riosca agus na teorainneacha foluiteacha agus lámhaltais fholuiteacha mar chuid thábhachtach de rialachas inmheánach an Bhainc Ceannais. Tacaíonn an fonn riosca le cur chuige bainistíochta riosca an Bhainc Ceannais, lena n-áirítear bearta chun rioscaí airgeadais agus neamhairgeadais a shainaithint agus a mheasúnú, chun faireachán a dhéanamh ar leordhóthanacht beart rialaithe agus na bearta sin a chur chun feidhme, chun teagmhais agus sáruithe a bhainistiú agus chun stádas rioscaí agus gníomhaíochtaí rialaithe agus feabhais a thuairisciú.  Trí phróifíl iarbhír riosca an Bhainc Ceannais a mheasúnú i gcomparáid lena fhonn riosca, is féidir leis an gCoimisiún leordhóthanacht na ngníomhaíochtaí bainistíochta riosca seo a chinneadh. Tá leagan giorraithe den fhonn riosca anseo thíos.

Risk appetite statement | pdf 297 KB

Coistí Ardleibhéil atá faoi Chathaoirleacht an Ghobharnóra

  • Bíonn Coiste an Ghobharnóra ag plé go príomha leis na hullmhúcháin do chruinnithe an Choimisiúin, le ceapacháin shinsearacha agus le saincheisteanna straitéiseacha eile. Bíonn ról maoirseachta ag an gCoiste i ndáil leis na gníomhaíochtaí eagraíochtúla go léir agus tugann sé an formheas deiridh i gcás saincheisteanna arna gcur ar aghaidh chuige ó Choistí inmheánacha eile sa Bhanc Ceannais. Is é an Gobharnóir atá ina chathaoirleach ar an gcoiste seo agus bíonn an bheirt Leas-Ghobharnóirí agus an Príomh-Oifigeach Oibríochtaí air chomh maith.
  • Déanann an Coiste Ardcheannaireachta comhordú ar fhorbairt agus ar chur chun feidhme beartas agus cinntí bainistíochta sa Bhanc Ceannais. Orthu sin, áirítear pleanáil, buiséadú, leithdháileadh acmhainní, córais agus bonneagar, agus rioscaí agus rialuithe. Is é an Gobharnóir atá ina chathaoirleach ar an gCoiste seo agus bíonn an bheirt Leas-Ghobharnóirí, an Príomh-Oifigeach Oibríochtaí, an dáréag Stiúrthóirí agus an Comhairleoir don Ghobharnóir air chomh maith.
  • Cuidíonn an Coiste um Chobhsaíocht Airgeadais le gnóthú shainordú an Bhainc Ceannais, is é sin rannchuidiú le cobhsaíocht airgeadais in Éirinn agus sa limistéar euro. Déanann comhaltaí an Choiste faireachán agus measúnú ar fhorbairtí eacnamaíocha agus airgeadais intíre agus idirnáisiúnta, tarraingíonn siad aird ar réimsí imní atá ábhartha do chóras airgeadais na hÉireann agus baineann siad tátail as an anailís. Is é an Gobharnóir atá ina chathaoirleach ar an gCoiste seo agus bíonn an bheirt Leas-Ghobharnóirí air chomh maith, mar aon leis an gComhairleoir don Ghobharnóir, na stiúrthóirí agus ceannasaithe rannán ó na réimsí ábhartha baincéireachta ceannais agus rialála airgeadais.
  • Cuireann an Coiste um Bearta Macrastuamachta comhairle ar fáil maidir leis na hathbhreithnithe rialta ar bhearta macrastuamachta náisiúnta a bhaineann leis na bainc agus déanann sé moltaí maidir le leasuithe ar na rialacha sin.  Is é an Gobharnóir atá ina chathaoirleach ar an gCoiste seo agus bíonn na Leas-Ghobharnóirí, an Stiúrthóir ar Eacnamaíocht agus an Stiúrthóir ar Chomhair Chreidmheasa air chomh maith.
  • Bíonn an Coiste Formhaoirseachta um Rialáil Airgeadais freagrach as obair rialála agus tionscnamh beartais gaolmhar trasna an Bhainc a chomhordú. Ní bhreithneoidh an Coiste cúraimí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) nó nithe oibríochtúla.

Coistí Ardleibhéil Eile

  • Déanann an Coiste Feidhmiúcháin Riosca maoirseacht ar bhainistíocht rioscaí airgeadais agus oibríochtúla de chuid an Bhainc Ceannais.  Leagann sé béim ar leith ar shócmhainní infheistíochta, ar na bunrioscaí a bhaineann le cur chun feidhme bheartas airgeadaíochta an Eurochórais, ar bhainistíocht sócmhainní agus dliteanas, agus ar bhainistíocht riosca oibríochtúil. Tá an Coiste seo faoi chathaoirleacht an Leas-Ghobharnóra (Baincéireacht Cheannais), agus bíonn an Stiúrthóir ar Oibríochtaí Airgeadais, an Stiúrthóir ar Mhaoirseacht ar Institiúidí Creidmheasa agus Ceannasaithe Rannán ábhartha air chomh maith.
  • Cuireann an Coiste Réitigh comhairle ar an nGobharnóir maidir le saincheisteanna atá lárnach do ghnóthú ról Bhanc Ceannais na hÉireann (an “Banc”) maidir le réiteach institiúidí faoi raon feidhme Acht an Bhainc Ceannais agus na bhForas Creidmheasa (Réiteach) 2011 agus Rialacháin an Aontais Eorpaigh um Thobhach an Chiste Réitigh (Téarnamh agus Réiteach Bainc) 2015 agus Rialacháin an Aontais Eorpaigh (An Sásra Réitigh Aonair) 2015.  Tá an Coiste seo faoi Chathaoirleacht an Leas-Ghobharnóra (Baincéireacht Cheannais), agus bíonn an Stiúrthóir ar Réiteach & ar Ghnóthaí Corparáideacha agus an Ceannasaí ar Réiteach air chomh maith.
  • Bunaíodh an Coiste Beartas chun comhairle a chur ar an Leas-Ghobharnóir (Rialáil Airgeadais) maidir le beartas maoirseachta agus rialála a bhaineann le baincéireacht stuamachta, árachas stuamachta, comhair chreidmheasa, cistí, urrúis agus margaí, rialachas corparáideach, cuntasaíocht agus iniúchóireacht, cosaint tomhaltóirí agus forfheidhmiú agus beartas AE agus idirnáisiúnta.  Tá an Coiste seo faoi chathaoirleacht an Leas-Ghobharnóra (Rialáil Airgeadais) agus bíonn an seisear Stiúrthóirí Rialála, an Príomh-Eacnamaí agus Ceannasaithe Rannán ábhartha air chomh maith.
  • Cuireann an Coiste Maoirseachta comhairle ar an Leas-Ghobharnóir (Rialáil Airgeadais) agus ar stiúrthóireachtaí agus rannáin ábhartha i ndáil le saincheisteanna atá lárnach do bhainistiú rioscaí maoirseachta agus i ndáil le forbairt agus feabhsú na maoirseachta agus na rannpháirtíochta riosca-bhunaithe. Tá an Coiste seo faoi chathaoirleacht an Leas-Ghobharnóra (Rialáil Airgeadais) agus bíonn an seisear Stiúrthóirí Rialála agus Ceannasaithe na Rannán Rialála air chomh maith.
  • Bunaíodh an Coiste Oibríochtaí mar fhochoiste den Choiste Ardcheannaireachta chun pleananna a bhaineann le feidhmiú éifeachtach an Bhainc Ceannais a fhoirmiú agus a bhaint amach. Cinntíonn sé go ndéanfaidh an eagraíocht a ghnó a sheoladh agus a acmhainní go léir a úsáid, lena n-áirítear cumas teicneolaíochta agus acmhainní daonna, ar mhodh éifeachtúil agus cost-éifeachtach. Tá an Coiste seo faoi chathaoirleacht an Phríomh-Oifigigh Oibríochtaí agus bíonn Stiúrthóirí arna n-ainmniú ó gach piléar (Rialáil Airgeadais, Baincéireacht Cheannais, Oibríochtaí) den Bhanc Ceannais air chomh maith.
  • Cinntíonn Coiste Infheistíochta an Bhainc Ceannais go ndéanfar measúnú éifeachtach ar infheistíocht ar leibhéal na heagraíochta, go dtabharfar tosaíocht do Thionscadail a mbíonn acmhainní fiontair ag teastáil ina leith (Cistí Infheistíochta agus/nó acmhainní Teicneolaíochta). Tá sé faoi chathaoirleacht an Phríomh-Oifigigh Oibríochtaí agus bíonn Stiúrthóirí arna n-ainmniú ó gach piléar (Rialachán, Baincéireacht Cheannais agus Oibríochtaí) air chomh maith, mar aon le saineolaithe ón Oifig um Bainistíocht Tionscadal, ón Rannán um Bainistíocht Faisnéise agus um Theicneolaíocht Faisnéise, ón Rannán um Rialú Airgeadais agus ón Rannán Soláthair.
  • Déanann an Coiste Stiúrtha um Bainistíocht Leanúnachais Ghnó treo straitéiseach chlár Leanúnachais Ghnó an Bhainc Ceannais a chomhaontú, i gcomhréir le fonn riosca an Bhainc Ceannais agus tugann sé tosaíocht do thionscnaimh Leanúnachais Ghnó.  Tá sé faoi chathaoirleacht an Phríomh-Oifigigh Oibríochtaí agus bíonn Ceannasaithe Rannán ábhartha air chomh maith.