An Coimisiún

Bunaíodh Coimisiún an Bhainc Ceannais leis an Acht um Athchóiriú an Bhainc Ceannais 2010 agus tá sé freagrach as a chinntiú go gcomhlíontar feidhmeanna reachtúla an Bhainc Ceannais go cuí . Is iad an Gobharnóir, beirt Leas-Ghobharnóirí an Bhainc Ceannais, Ard-Rúnaí na Roinne Airgeadais agus seisear comhaltaí arna gceapadh ag an Aire Airgeadais a dhéanann suas an Coimisiún. Cliceáil ar na grianghraif de na comhaltaí thíos chun beathaisnéis ghearr a léamh. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin gCoimisiún, faoina ról, faoina choistí agus faoina mhiontuairiscí.

Is iad seo a leanas na comhaltaí den Choimisiún (seasann * do chomhaltaí ex-officio):

Gabriel Makhlouf

Gabriel Makhlouf

Gobharnóir*

Léigh próifíl iomlán

 

Sharon Donnery

Sharon Donnery

An Leas-Ghobharnóir, Rialáil Airgeadais*

Léigh próifíl iomlán

Vasileios Madouros

Vasileios Madouros

Leas-Ghobharnóir, Cobhsaíocht Airgeadaíochta agus Airgeadais

Léigh próifíl iomlán

Patricia Byron

Patricia Byron

Léigh próifíl iomlán

John Hogan

John Hogan, Ardrúnaí na Roinne Airgeadais*

Léigh próifíl iomlán

Niamh Moloney

Niamh Moloney

Léigh próifíl iomlán

John Trethowan

John Trethowan

Léigh próifíl iomlán

Neil Whoriskey

Rúnaí an Bhainc

Tá Neil Whoriskey ina Cheannasaí ar an Rannán um Rialachas Inmheánach sa Bhanc Ceannais

 

Léigh próifíl iomlán

Ról an Choimisiúin

Is iad seo a leanas feidhmeanna reachtúla Choimisiún an Bhainc Ceannais (an Coimisiún): gnóthaí agus gníomhaíochtaí an Bhainc a bhainistiú agus a rialú; a áirithiú go ndéanfar feidhmeanna baincéireachta ceannais agus rialála airgeadais de chuid an Bhainc a chomhtháthú agus a chomhordú; agus a áirithiú go gcomhlíonfar go cuí na cumhachtaí agus na feidhmeanna reachtúla a thugtar don Bhanc.  Ina theannta sin, tá téarmaí tagartha dá chuid féin glactha ag an gCoimisiún ina leagtar amach an chaoi is fearr inar féidir leis na freagrachtaí sin a bhaint amach.

Le hAcht an Bhainc Cheannais 1942 (arna leasú), foráiltear go bhféadfaidh an Coimisiún aon cheann de na feidhmeanna reachtúla a tharmligean chuig an nGobharnóir, chuig an Leas-Ghobharnóir nó chuig fostaí de chuid an Bhainc. Ar mhaithe le bainistiú éifeachtach, éifeachtúil an Bhainc agus le feidhmiú a chumhachtaí agus a fheidhmeanna, déantar feidhmiú fhormhór fheidhmeanna agus chumhachtaí reachtúla an Bhainc a tharmligean chuig comhaltaí bainistíochta an Choimisiúin.  I gcás ina dtarmligtear feidhmeanna amhlaidh, is é nó is í an comhalta bainistíochta sin a bheidh freagrach nó cuntasach as feidhmiú na bhfeidhmeanna sin. Ar a shon sin, déanann an Coimisiún, trí bhíthin a thrí choiste go minic (an Coiste Iniúchóireachta, an Coiste Buiséid & Luacha Saothair, Riosca), faireachán agus athbhreithniú ar fheidhmíocht comhaltaí bainistíochta le linn dóibh na feidhmeanna agus cumhachtaí sin a fheidhmiú agus déanann sé scrúdú ar rialuithe inmheánacha an Bhainc freisin.  Ina theannta sin, i gcás ina ndéanfar nithe oibríochtúla a thabhairt os comhair an Choimisiúin lena gcinneadh, cinnteoidh an Coimisiún go ngníomhóidh an Banc ar shlí iomchuí i gcomhréir lena chuid feidhmeanna agus cumhachtaí reachtúla.

Bíonn cumarsáid idir an Coimisiún agus na comhaltaí bainistíochta maidir le saincheisteanna a mbaineann tábhacht straitéiseach leo i dtaca leis an mBanc (ar leith ó fheidhmeanna CEBC eile) agus tugann an Coimisiún comhairle, tacaíocht agus dúshlán cuiditheach dóibh de réir mar is cuí.  Ina theannta sin, rannchuidíonn sé le ceapadh straitéise chun go mbeidh an Banc in ann a fheidhmeanna reachtúla a bhaint amach agus déanann sé athbhreithniú ar fheidhmíocht an Bhainc i ndáil leis an straitéis sin.

In 2011 agus ag tús 2012, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar a éifeachtacht féin chun a chinntiú go raibh na cumhachtaí agus feidhmeanna reachtúla a tugadh dó á bhfeidhmiú agus á gcomhlíonadh go cuí aige agus chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht an Choimisiúin i gcomhréir lena chuid cuspóirí.  Go luath in 2012, rinneadh an Coimisiún breithniú ar na fionnachtana agus ar an moltaí a d’eascair as an athbhreithniú sin.

Cód Eitice do Chomhaltaí Choimisiún an Bhainc Ceannais

Tá éifeacht leis an gCód Eitice do Chomhaltaí Choimisiún an Bhainc Ceannais ón 1 Meitheamh 2023.

 

Coistí an Choimisiúin

An Coiste Iniúchóireachta

  • Shay Cody (Cathaoirleach)
  • Mary Condon
  • John Trethowan

Téarmaí Tagartha an Choiste Iniúchóireachta

An Coiste Luacha Saothair

  • Sarah Keane (Cathaoirleach)
  • Niamh Moloney 
  • Sharon Donnery
  • Marcella Flood

Téarmaí Tagartha an Choiste Luacha Saothair

Coiste na Mórthionscadal

  • Niamh Moloney (Cathaoirleach)
  • Sarah Keane
  • David Miles

Téarmaí Tagartha Choiste na Mórthionscadal

An Coiste Riosca

  • John Trethowan (Cathaoirleach)
  • Shay Cody
  • Marcella Flood
  • Vasileios Madouros
  • David Miles

Téarmaí Tagartha an Choiste Riosca

Miontuairiscí

Léigh miontuairiscí an Choimisiúin ó 2014 i leith.