Freagracht Shóisialta Chorparáideach

(Is gá fianáin a chur “ar siúl” chun breathnú ar an bhfíseán thíos.)

Déan cinnte go bhfuil fianáin “curtha ar siúl” chun an físeán a lódáil.

Athscríbhinn den fhíseán: “Banc Ceannais na hÉireann - Freagracht Shóisialta Chorparáideach in 2021”

Mar chuid dár misean foriomlán, táimid meáite ar bheith ag feidhmiú mar eagraíocht atá freagrach go sóisialta agus atá inbhuanaithe, rud a chabhróidh linn ár bhfís a bhaint amach: muinín ag an bpobal asainn, meas ag ár bpiaraí orainn, ionad oibre sásúil don fhoireann.  

Bíonn ár ngíomhaíochtaí maidir le freagracht shóisialta corparáideach (FSC) á rialú ag ár Ráiteas Beartais FSC. Tá ár Meitheal FSC déanta suas de shaorálaithe ón bhfoireann a thagann le chéile go rialta agus a dhéanann maoirseacht ar ghníomhaíochtaí uile FSC a bhíonn idir lámha agus á maoiniú ag an mBanc Ceannais. Tuairiscíonn an mheitheal seo do Choiste Ardcheannaireachta an Bhainc Ceannais, cuireann sí Tuarascáil Bhliantúil FSC ar fáil do Choimisiún an Bhainc Ceannais, agus bíonn alt aici freisin i dTuarascáil Bhliantúil an Bhainc Ceannais

business-working-responsibly

Is comhalta muid de Ghnó sa Phobal in Éirinn (BITCI), comhlacht neamhbhrabúis a chabhraíonn le heagraíochtaí cur chuige straitéiseach a fhorbairt i ndáil le FSC. Aithníonn BITCI samplaí de dhea-chleachtas FSC trí "Mharc na nGnóthaí atá ag Obair go Freagrach", a bhronnadh. Maireann an marc sin trí bliana. Bronntar an creidiúnú seo ar eagraíochtaí a bhfuil measúnú déanta ag BITCI orthu agus a bhfuil ardchaighdeáin léirithe acu ó thaobh freagracht chorparáideach de. Déanann an tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann iniúchóireacht neamhspleách ar an measúnú sin. Bronnadh an comhartha seo ar an mBanc Ceannais den chéad uair in 2018 agus is ábhar bróid dúinn athdheimhniú a fháil ó BITCI in 2021 as ár n-obair FSC.

Conas a dhéanaimid measúnú ar thionchar ár dtionscnamh FSC?

Tuigimid go rímhaith gur féidir linn tionchar dearfach a imirt ar iompar daoine eile trí shaincheisteanna tábhachtacha sóisialta níos leithne a bhaineann lenár sainordú a chur chun cinn, agus trí chaighdeáin a leagan síos don tionscal seirbhísí airgeadais.  Déanaimid comhordú ar an dul chun cinn agus tuairiscímid ar an dul chun cinn sin ar ár suíomh gréasáin agus inár dTuarascáil Bhliantúil, agus tuairiscímid do Choimisiún an Bhainc Ceannais ina leith, faoi na cúig philéar straitéiseacha seo a leanas:

  1. Áit Oibre
  2. Comhshaol
  3. Rialachas agus Cumarsáid
  4. Cúrsaí Pobail
  5. An tIonad Margaidh