An tAthbhreithniú Cobhsaíochta Airgeadais I 2024

Tá an geilleagar domhanda fós ina ábhar iontais maidir lena athléimneacht in aghaidh rátaí úis níos airde, agus tá rioscaí géara macra-airgeadais gearrthéarmacha ag cúlú beagán ó rinneadh an tAthbhreithniú deireanach. Tá laghdú leanúnach ag teacht ar an mboilsciú ar fud an domhain, ach d’fhéadfadh rioscaí a bhaineann le rátaí úis níos airde a bheith ann níos faide ná mar a bhí súil ag go leor daoine leis. Bíonn baol ann le teannas geopholaitiúil go mbeidh suaití breise ann a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhar imní ar leith i ngeilleagair oscailte, dhomhandaithe amhail geilleagar na hÉireann. D’fhéadfadh tréimhse níos faide de rátaí arda úis leochaileachtaí a nochtadh sa chóras airgeadais domhanda.

Tá fás eacnamaíoch marthanach tagtha ar Éirinn, cé go bhfuil an fás sin ag luas níos moille le déanaí, agus is gearr go mbeidh lánfhostaíocht i margadh an tsaothair. Tá teaghlaigh agus gnólachtaí fós athléimneach maidir leis an gcoigeartú leanúnach ar rátaí úis níos airde, gan ach méaduithe beaga ag teacht ar riaráistí agus ar dhócmhainneachtaí go dtí seo.

Tá margadh intíre eastáit réadaigh tráchtála (ERT) i lár géarchoir chun donais, rud a mbeidh impleachtaí aige d’iasachtaithe agus d’iasachtóirí, ach is é breithiúnas an Bhainc Ceannais go bhfuil an earnáil baincéireachta intíre in ann an suaitheadh sin a mhaolú – seachas a mhéadú. Foilsíonn an Banc Ceannais measúnú mionsonraithe sa lá atá inniu ann sa Ghné Speisialta ACA a ghabhann leis.

Bhreac bainc na hÉireann brabúis láidre anuraidh, ag tacú lena n-athléimneacht airgeadais chomh maith lena gcumas athléimneacht oibríochtúil a fhorbairt. I bhfianaise an mhéid sin, tá caipiteal maolánach fritimthriallach (CCyB) á choinneáil ag an mBanc Ceannais ag 1.5 faoin gcéad, rud a neartaíonn athléimneacht na mbanc i leith rioscaí macra-airgeadais, agus leanann sé den chreat macrastuamachta a fhorbairt  do neamhbhainc.

Financial Stability Review 2024 I | pdf 1041 KB Financial Stability Review Special Feature Commercial Real Estate - A Macro-Financial Assessment | pdf 797 KB FSR 2024 I Risks Chartpack | xlsx 8869 KB FSR 2024 I Resilience Chartpack | xlsx 378 KB FSR 2024 I Policy Chartpack | xlsx 106 KB FSR 2024 I Box Chartpack | xlsx 41 KB

Féach freisin: