An tAthbhreithniú Cobhsaíochta Airgeadais I 2020

Is turraing as an ngnáth í paindéim COVID-19 a spreag teacht chun cinn rioscaí a bhí sainaitheanta le fada don chobhsaíocht airgeadais chomh maith le tobthitim ar ghníomhaíocht eacnamaíoch dhomhanda. Eascraíonn na rioscaí don chobhsaíocht airgeadais intíre as stad tobann na gníomhaíochta intíre, as forbairtí sa mhargadh airgeadais, lena n-áirítear athphraghsáil ghéar ar phréimheanna riosca, agus as na leochaileachtaí struchtúracha a bhaineann le geilleagar beag oscailte atá neamhchosanta ar rioscaí ar an taobh thíos i ndáil le téarnamh an éilimh dhomhanda.

Cé go bhfuil athléimneacht teaghlach agus gnólachtaí i bhfad níos láidre anois ná mar a bhí ag tosach na géarchéime airgeadais deich mbliana ó shin, tá scála na turrainge eacnamaíche gan fasach agus cuirfidh sé brú ar staid airgeadais iasachtaithe agus iasachtóirí. Beidh tamall ann sula dtarchuirfear na rioscaí sin chuig an bhfíorgheilleagar agus mar fhreagairt orthu, tá réimse beart fioscach, airgeadaíochta, macrastuamachta agus micreastuamachta glactha ag lucht déanta beartais chun méadú turraingí a mhaolú agus chun a chumasú don chóras airgeadais tacú le teaghlaigh agus gnóthaí le linn na géarchéime seo.

Financial Stability Review 2020: 1 | pdf 1552 KB FSR 2020 I - Risk Chartpack | xls 690 KB FSR 2020 I - Resilience Chartpack | xls 569 KB FSR 2020 I - Policy Chartpack | xls 39 KB FSR 2020 I - Box Chartpack | xls 369 KB Financial Stability Review 2020 1 - Analyst Briefing | pdf 1572 KB

Féach freisin: