Crypto - Eolas don Phobal

Is foirm dhigiteach de shócmhainn nó léiriú digiteach ar luach é crypto, a dtugtar criptea-airgeadra air go minic.

Athscríbhinn den fhíseán "5 phointe eolais faoi crypto a cheannach"

Faigh tuilleadh eolais faoi crypto inár míniú air.

 

  • Tá an baol ann go gcaillfidh tú d’airgead go léir
    Féadfaidh go gcaillfidh tomhaltóirí a gcuid airgid go léir má cheannaíonn siad crypto. Má tá tú ag smaoineamh ar crypto nó táirgí agus seirbhísí gaolmhara a cheannach, déan cinnte go bhfuil d’acmhainn agat cuid den airgead nó fiú an t-airgead go léir a chaitheann tú a chailliúint.
  • Gluaiseachtaí móra praghsanna
    Bíonn crypto faoi réir gluaiseachtaí móra tobanna. Tá sé amhantrach crypto a cheannach, agus tá crypto mí-oiriúnach mar stór luacha.

  • Faisnéis mhíthreorach
    Bí airdeallach ar fhaisnéis mhíthreorach nó neamhfhíoraithe i bhfógraíocht maidir le crypto. Déantar dianfhógraíocht ar roinnt crypto agus táirgí gaolmhara le faisnéis atá mearbhlach, neamhiomlán, míchruinn agus in amanna míthreorach d’aon ghnó. Bí airdeallach ar na rioscaí a bhaineann le fógraí míthreoracha, ar na meáin shóisialta agus ó thionchairí san áireamh.

  • Caolaois agus mí-ionramháil
    Tá sceamálacha crypto coitianta. Tá d’aidhm ag na sceamálacha sin airgead a fháil uait trí theicnící éagsúla a úsáid, fioscaireacht san áireamh. Bí airdeallach ar eagraíochtaí/daoine aonair a chuireann brú ort airgead a infheistiú “a luaithe is féidir” nó a gheallann torthaí tapa/arda. Má thairgtear rud éigin duit a bhfuil cuma rómhaith air, is dóichí ná a mhalairt gur sceamáil é.  

Léigh ár míniú chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gcaoi ina féidir leat tú féin a chosaint ar sceamálacha airgeadais.

  • Leibhéal cosanta íseal
    Ní chosnaítear crypto faoi aon scéim chúitimh, dá bhrí sin, ní bhfaighidh tú cúiteamh ar bith má chailleann tú cuid de d’airgead nó d’airgead go léir.

Le blianta beaga anuas, tá rabhaidh éagsúla eisithe ag Banc Ceannais na hÉireann, mar aon leis an Udarás Baincéireachta Eorpach agus leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, maidir le cripteatháirgí: 

 

Leagann Banc Ceannais na hÉireann béim láidir ar nuálaíocht theicniúil a chuireann torthaí níos fearr ar fáil don tsochaí agus don chóras airgeadais, agus a bhainistíonn rioscaí ag an am céanna.

Ní táirge airgeadais riáláilte é crypto, tá ardriosca ag baint leis, tá sé fíor-amhantrach, agus b’fhéidir nach mbeidh sé oiriúnach do thomhaltóirí miondíola. Ní mór a bheith airdeallach ar na rioscaí a bhaineann le fógraí míthreoracha, go háirithe ar na meáin shóisialta, áit a n-íoctar airgead le roinnt tionchairí chun crypto agus cripteatháirgí a fhógairt. 

Sula gceannaíonn tú crypto, déan cinnte go bhfuil d’acmhainn agat an t-airgead go léir a chaitheann tú a chailliúint. An bhfuil cuma rómhaith ar na gealltanais maidir le torthaí tapa nó torthaí arda? Má théann cúrsaí in aimhréidh, ní bheidh na cosaintí agat a bheadh agat dá mba rud é go raibh tú tar éis infheistiú i dtáirge airgeadais rialáilte.

Féach freisin: Blag an Ghobharnóra - Cryto agus conas is féidir linn an tomhaltóir a chosaint 

Bhí forbairt an Rialacháin nua maidir le Margaí Cripteashócmhainní (MiCAR) á stiúradh ag an gCoimisiún Eorpach. Leis an reachtaíocht nua seo, tabharfar isteach creat rialála nua isteach ar bhonn céimnithe ó lár na bliana 2024 maidir le cripteashócmhainní Eorpacha. Ina theannta sin, tabharfar isteach oibleagáidí le haghaidh eisitheoirí cripteashócmhainní agus soláthraithe seirbhíse cripteashócmhainní chun a chinntiú go mbeidh gach cumarsáid margaíochta cothrom agus soiléir agus nach mbeidh siad míthreorach.

Is céim chun tosaigh é MiCAR. Mar sin féin, fiú nuair a chuirfear MiCAR i bhfeidhm, níl a leithéid de rud ann agus crypto sábháilte.  Tá an baol ann i gcónaí go gcaillfidh tomhaltóirí a gcuid airgid, agus níl aon chosaintí i bhfeidhm ina leith mar atá i gcás táirgí airgeadais traidisiúnta (e.g. Scéim Ráthaíochta Taiscí agus Scéim Cosanta Infheisteoirí).

Faigh tuilleadh eolais faoin Rialachán maidir le Margaí Cripteashócmhainní (MiCAR)

See alsoCrypto – Consumer Information