Athbhreithniú ar an gCód um Chosaint Tomhaltóirí

(Is gá fianáin a chur “ar siúl” chun breathnú ar an bhfíseán thíos)

Páipéar Comhairliúcháin ar an gCód um Chosaint Tomhaltóirí (Márta 2024) 

 

Tá athbhreithniú cuimsitheach á dhéanamh ag Banc Ceannais na hÉireann ar an gCód um Chosaint Tomhaltóirí 2012.

Tá ár bPáipéar Comhairliúcháin seolta againn anois. Tugann an Páipéar Comhairliúcháin deis do pháirtithe leasmhara aiseolas a thabhairt maidir leis an gcaoi a bhfuil sé beartaithe againn an Cód um Chosaint Tomhaltóirí a nuashonrú. 

Leis an athbhreithniú seo, tá sé mar aidhm againn Cód nuashonraithe nuachóirithe um Chosaint Tomhaltóirí a chur ar fáil a bheidh dírithe ar chosaint leasanna custaiméirí ag gnólachtaí. Tá sé seo riachtanach chun torthaí dearfacha a bhaint amach do thomhaltóirí.  

Ina theannta sin, tá pacáiste spriocdhírithe cosaintí á moladh againn a fhreagraíonn don chaoi ina mbíonn seirbhísí airgeadais á rochtain ag tomhaltóirí sa lá atá inniu ann. Áirítear sa phacáiste sin tograí a bhaineann leis an digitiú, le heolas a chur ar fáil go héifeachtach, le creidmheas morgáiste agus le haistriú morgáiste, le gníomhaíochtaí neamhrialáilte, le calaois agus le sceamáil, le leochaileachtaí agus riosca aeráide.

Ar an iomlán, is mian linn an méid seo a leanas a dhéanamh: 

• A chinntiú go gcuirfidh gnólachtaí leasanna custaiméirí san áireamh go héifeachtach ina gcuid straitéisí agus cinnteoireachta
• Soiléireacht a chur ar fáil do ghnólachtaí maidir lena gcuid oibleagáidí um chosaint tomhaltóirí
• Tacú le tomhaltóirí agus le gnólachtaí an Cód um Chosaint Tomhaltóirí a rochtain agus rudaí a aimsiú ann trí thacaíochtaí, treoracha agus mínithe ar líne a chur ar fáil. 

 

Tá tuilleadh eolais maidir lenár dtograí anseo thíos. 

Tá an Páipéar Comhairliúcháin ar oscailt le haghaidh aiseolais ar feadh trí mhí suas go dtí an 7 Meitheamh 2024. 

Is féidir le páirtithe leasmhara aighneachtaí a dhéanamh leis an ríomhphost chuig: [email protected] nó leis an bpost chuig Banc Ceannais na hÉireann, Bosca PO 559, Baile Átha Cliath 1.

 

Ár gComhairliúchán

Na Chéad Chéimeanna Eile

Beidh ár bPáipéar Comhairliúcháin ar an gCód um Chosaint Tomhaltóirí ar oscailt ar feadh trí mhí suas go dtí an 7 Meitheamh 2024. I ndiaidh an chomhairliúcháin, breithneoimid an t-aiseolas uait sula bhfoilseoimid an Cód athbhreithnithe um Chosaint Tomhaltóirí go luath in 2025, i dteannta ráiteas aiseolais ina leagfar amach na cúiseanna a bhí againn leis na nuashonruithe ar an gCód athbhreithnithe um Chosaint Tomhaltóirí. 

Cén chaoi a bhfuil an t-athbhreithniú á dhéanamh?

Tá trí chéim i gceist leis an athbhreithniú: 
 

Taighde

Mar chuid den athbhreithniú ar an gCód um Chosaint Tomhaltóirí, rinneamar taighde tomhaltais chun cuidiú linn tuiscint níos fearr a fháil ar dhearcthaí na ndaoine sin a bhíonn ag brath ar chosaintí an chreata.
Bhí na tátail ónár gcuid taighde, i dteannta na dtorthaí ónár suirbhé ar líne, ár gcuid anailíse féin agus an aiseolais a chuir ár bpáirtithe leasmhara ar fáil trínár rannpháirtíocht Plépháipéir, mar bhonn eolais dár mbreithnithe beartais agus d’fhorbairt ár dtograí beartais atá leagtha amach sa Pháipéar Comhairliúcháin ar an gCód um Chosaint Tomhaltóirí a foilsíodh ar an 7 Márta.

Mar chuid dár rannpháirtíocht ar an athbhreithniú, thugamar aghaidh ar shráideanna Bhaile Átha Cliath chun tuairimí an phobail a fháil ar réimse ábhar a bhaineann le tomhaltóirí. Breathnaigh ar na físeáin thíos.

 
 
(Is gá fianáin a chur “ar siúl” chun breathnú ar an bhfíseán thuas) I Athscríbhinn den fhíseán “Word on the Street”