Nuacht
Córas airgeadais a fheidhmíonn go maith agus a thacaíonn le geilleagar atá faoi athrú - an tríú Comhdháil Bhliantúil faoi Chórais Airgeadais á heagrú ag an mBanc Ceannais
18 Samhain 2024
Preas Ráiteas

Tá an tríú Comhdháil Bhliantúil faoi Chórais Airgeadais á heagrú inniu (an 18 Samhain) ag an mBanc Ceannais. Roghnaíodh “Córas airgeadais a fheidhmíonn go maith agus a thacaíonn le geilleagar atá faoi athrú” mar théama do Chomhdháil na bliana seo. Beidh ceannairí tionscail, ionadaithe tomhaltóirí agus lucht ceaptha beartais as Éirinn agus tíortha eile AE i measc lucht freastail ag an gComhdháil.
Ag labhairt dó ag an ócáid, deir Gabriel Makhlouf, Gobharnóir an Bhainc Ceannais: “I bhfianaise athrú ar an éiceachóras, ní mór do bhancanna ceannais, don lucht rialála, do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí cóiriú, claochlú agus athrú a dhéanamh dá réir.
“D’fhonn an dúshlán a shárú, tá sinne, mar bhanc ceannais, ag cur athrú ar mhodhanna cumarsáide, ar mhodhanna oibre agus ar chreatchórais d’fhonn freastal don saol lena mbaineann níos mó de na réimsí digiteacha.
“Seoladh Clár Bosca Gainimh Nuálaíochta agus tá súil againn na rannpháirtithe a roghnaítear a fhógairt go gairid.
“Leanfar de na creatchórais eile a nuachóiriú, ina measc an Cód nua um Chosaint Tomhaltóirí agus tá cainteanna ar siúl maidir le Rialachán nua de chuid AE maidir le Rochtain ar Shonraí Airgeadais.
“Le súil chun cinn, feictear gur gá go mbeidh an nuálaíocht phoiblí i gcórais íocaíochta ag coinneáil suas leis an nuálaíocht phríobháideach. Is gá freisin cur leis an acmhainn maidir le macasamhlaíocht agus IS, dhá réimse teicneolaíochta a bhféadfadh claochlú a theacht dá mbarr agus a d’fhéadfadh breis áisiúlachta agus rogha a fhágáil ag tomhaltóirí.
“Tá ár gcuid oibre ar fud na hEorpa maidir le Euro Digiteach ag freagairt don athrú ar rogha na dtomhaltóirí - airgead tirim i bhfoirm dhigiteach a bheadh anseo, arna eisiúint ag an mbanc ceannais, a bheadh ar fáil i dteannta nótaí bainc, ag gach duine sa limistéar euro, ionas go mbeadh rogha uilechuimsitheach maidir le híoc digiteach ar fáil ar fud an limistéir euro, saor ó tháille maidir le húsáid bhunúsach.
“Ár gcreatchóras nua maoirseachta is ea ár bhfreagairt is cuimsithí don athrú ar an gcóras airgeadais. Beidh an creatchóras, ar ndóigh, bunaithe i gcónaí ar rioscaí, ach tá sé ag forbairt freisin chun cur chuige níos comhtháite a chur ar fáil agus chun cosaint tomhaltóirí a chur i gcroílár na maoirseachta ó lá go lá.
“Beidh meon leanúnach amháin le cloisteáil ag gnólachtaí ón mBanc, le teachtaireachtaí níos comhordaithe agus níos comhsheasmhaí agus éilimh níos cuíchóirithe uainn maidir le gnéithe uile den chúram rialála agus maoirseachta atá orainn.
“Beidh cur chuige níos oscailte agus níos follasaí maidir leis an obair mhaoirseachta á chur chun cinn, sa mhéid go ndéanfar tosaíochtaí straitéiseacha maoirseachta a aithint agus a chur in iúl go soiléir agus go tráthúil.
“D’fhonn ár gcóras maoirseachta nua a chur i bhfeidhm, táthar ag athrú go dtí struchtúr eagraíochtúil nua, faoi mar a leagamar amach cheana. Beidh buntábhacht leis an strúchtúr foirne comhtháite seo, a bheidh bunaithe ar réimsí earnálacha, maidir leis an gcreat nua maoirseachta a chur i bhfeidhm go críochnúil, éifeachtach.