Athbhreithniú Macra-Airgeadais II 2018

Macro-Financial Review 2018.1

Luaitear sa dara hAthbhreithniú Macra-Airgeadais do 2018 gurb é Brexit an príomhriosca roimh gheilleagar na hÉireann, go háirithe, an fhéidearthacht go mbeadh Brexit “gan chomhaontú” nó Brexit crua ann.

Léigh an tAthbhreithniú iomlán: Athbhreithniú Macra-Airgeadais II 2018.

Macro-Financial Review

Luaitear na nithe seo i measc na bpríomhrioscaí a bhaineann le Brexit a dtarraingítear aird orthu san Athbhreithniú:

  • Laghdú tuilleadh ar steiriling, rud a fhágfadh go mbeadh onnmhairí Éireannacha chuig an Ríocht Aontaithe ní ba dhaoire
  • Ardú ar tharaifí ar onnmhairí Éireannacha i gcás Brexit crua
  • Méadú ar iomaíocht ó sholáthróirí sa Ríocht Aontaithe de bharr gluaiseachtaí móra marthanancha airgeadra
  • Ríosíochtaí na mbanc miondíola Éireannach d’iasachtú maoine in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe.

Dúirt Sharon Donnery, an Leas-Ghobharnóir, Baincéireacht Cheannais: “Pé Brexit a bheidh ann, beidh tionchar diúltach aige ar Éirinn. Fiú má bhíonn comhaontú ann, tá neart éiginnteachta ann fós maidir leis an timpeallacht le linn na tréimhse iaraistrithe agus d’fhéadfadh sé sin leanúint de bhrú a chur ar infheistíocht atá ríthábhachtach do phoist agus d’fhás eacnamaíoch.”

Sonraíodh rioscaí eile san Athbhreithniú d’ionchas eacnamaíoch na hÉireann, lena n-áirítear:

  • Aisiopmú ar sheintimint infheisteoirí sna margaí airgeadais agus ceartú praghasanna sócmhainní.
  • Luaineacht margaí mhéadaithe de bharr forbairtí geopholaitiúla, lena n-áirítear caomhnaitheacht sa trádail idirnáisiúnta agus athruithe ar shocruithe cánach idirnáisiúnta.
  • Constaicí acmhainne a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus an geilleagar a bheith ag feidhmiú os cionn acmhainneachta sa ghearrthéarma.
  • Fás praghais ar eastát réadach cónaithe lena gcuirfear luachanna gar don mhéid a bheadh ag teacht le forbairtí leathana eacnamaíocha, nó os cionn an méid sin. 

San Athbhreithniú Macra-Airgeadais, tugtar forbhreathnú ar staid reatha na timpeallachta macra-airgeadais in Éirinn.

Féach freisin:

Preaseisiúint maidir leis an MFR