Straitéis airgid thirim an Eurochórais Banknotes and Coins

Tá sé mar aidhm ag straitéis airgid thirim an Eurochórais a chinntiú go bhfuil airgead tirim ar fáil go forleathan agus go nglactar leis mar mhodh íocaíochta agus stór luacha araon. Is ceann de do roghanna íocaíochta é airgead tirim. Tá sé ríthábhachtach chun ionchuimsiú airgeadais a chinntiú do gach grúpa sa tsochaí.

Is dlíthairiscint iad nótaí bainc agus boinn euro sa limistéar euro, agus is é airgead tirim an t-aon chineál airgid phoiblí ar féidir le gach duine rochtain dhíreach a fháil air. Tá freagracht bhunúsach ar an mBanc Ceannais Eorpach agus ar na bainc cheannais náisiúnta - ar a dtugtar an tEurochóras freisin - i gcomhar leis an earnáil baincéireachta, soláthar rianúil airgid thirim a chinntiú agus íocaíochtaí in airgead tirim a éascú do dhaoine agus do ghnóthaí.

Cúig Bhealach ina gcosnaíonn an tEurochóras Todhchaí an Airgid Thirim

1. Infhaighteacht airgid thirim in euro a chinntiú

Oibríonn an tEurochóras lena chinntiú go mbíonn nótaí bainc agus boinn euro ar fáil don phobal i gcónaí. Cuireann na bainc cheannais náisiúnta seirbhísí airgid thirim ar fáil saor in aisce ina dtíortha féin agus oibríonn siad freisin chun an timthriall airgid a dhéanamh chomh héifeachtach agus is féidir ó thaobh costais de. Cuireann an tEurochóras riachtanais na margaí idirnáisiúnta san áireamh freisin toisc go bhfuil idir 30% agus 50% de na nótaí bainc euro i gcúrsaíocht lasmuigh den limistéar euro. Dá n-eiseofaí euro digiteach amach anseo, bheadh sé ann in éineacht leis an airgead tirim.

2. Ag tacú le rochtain ar sheirbhísí airgid thirim do gach duine

Tá an tEurochóras ag iarraidh go mbeadh rochtain ag daoine agus ag gnóthaí ar a gcuid airgid, is cuma cé na roghanna agus na riachtanais íocaíochta atá acu. Le go dtarlóidh sé sin, ní mór do na bainc seirbhísí leordhóthanacha airgid thirim a chur ar fáil, lena n-áirítear aistarraingtí airgid thirim atá saor in aisce nó nach ngearrtar ach táillí réasúnacha ina leith. Tacaíonn an tEurochóras freisin le miondíoltóirí a sholáthraíonn seirbhísí airgid comhlántacha ar nós “airgead ar ais” nó a éascaíonn aistarraingtí agus taiscí teoranta airgid. Cabhraíonn an tEurochóras le bainc déileáil le borradh tobann ar an éileamh ar nótaí bainc. Cinntíonn sé freisin gur féidir airgead tirim a úsáid mar mhodh íocaíochta cúltaca i gcás nach mbeidh íocaíochtaí leictreonacha ar fáil go sealadach.

3. Ag tacú le glacadh le hairgead tirim i ngach áit

Is fearr le formhór na ndaoine sa limistéar euro airgead tirim a úsáid le haghaidh íocaíochtaí miondíola fós. Dá bhrí sin, is cuid ríthábhachtach den chóras íocaíochta é glacadh le hairgead tirim agus tá sé ag teacht le stádas airgid thirim mar dhlíthairiscint freisin. Tugann sé rogha íocaíochta do thomhaltóirí agus, dá bhrí sin, níl daoine nach bhfuil rochtain acu ar íocaíochtaí leictreonacha faoi mhíbhuntáiste.

4. Forbairt nótaí bainc euro atá nuálach agus slán

Tá nótaí bainc euro faoi chosaint ag na teicneolaíochtaí is déanaí agus is éifeachtaí. Dá bharr sin, is rídheacair iad a ghóchumadh agus is furasta iad a fhíordheimhniú. Cinntíonn an tEurochóras barántúlacht agus ardcháilíocht na nótaí bainc euro atá i gcúrsaíocht agus forfheidhmíonn sé caighdeáin dhochta maidir leis an gcaoi ina ndéanann bainc agus láimhseálaithe airgid thirim iad a sheiceáil agus a fhíordheimhniú. Faoi chlár PERICLES de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, spreagtar go bhforbrófar gnéithe slándála i gcás aon uasgráduithe a dhéanfaí amach anseo ar na hainmníochtaí bonn euro atá againn faoi láthair. Agus ar ndóigh, tá sé d’aidhm ag an Eurochóras nótaí bainc euro a dhearadh a mbeidh ceangal ag muintir na hEorpa leo.

5. Nótaí bainc a choinneáil sábháilte agus inbhuanaithe

Cinntíonn an tEurochóras go bhfuil nótaí bainc sábháilte le húsáid trí thaighde a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag táirgeadh agus ag cúrsaíocht nótaí bainc euro ar an tsláinte phoiblí agus trí scrúdú agus tástáil eolaíoch a dhéanamh. Breathnaíonn an tEurochóras freisin ar lorg comhshaoil na nótaí bainc d’fhonn deiseanna a shainaithint chun a dtionchar ar an gcomhshaol a laghdú le táirgí agus próisis nua. Cinntíonn sé sin go mbeidh nótaí bainc euro agus a bpróisis táirgthe chomh hinbhuanaithe, chomh glas agus chomh neamhdhíobhálach don chomhshaol agus is féidir.

Féach freisin: