Míniú: Cad é an Cód um Chosaint Tomhaltóirí 2025 agus conas a chosnaíonn sé mé?

Is sraith rialachán é an Cód um Chosaint Tomhaltóirí 2025 atá ceaptha leas tomhaltóirí airgeadais a chosaint.
Mar bhunchloch chreat Bhanc Ceannais na hÉireann um chosaint tomhaltóirí:
- Léiríonn sé an chaoi ina ina gcuirtear seirbhísí airgeadais ar fáil sa domhan digiteach
- Cuireann sé soiléireacht agus intuarthacht bhreise ar fáil do ghnólachtaí maidir lena n-oibleagáidí um chosaint tomhaltóirí
- Tugann sé isteach roinnt cosaintí nua agus cosaintí feabhsaithe do thomhaltóirí.
Tá sé mar aidhm ag an mBanc Ceannais freastal ar leas an phobail agus tomhaltóirí seirbhísí airgeadais a chosaint, cibé acu tríd an gCód um Chosaint Tomhaltóirí, trí na Bearta Morgáiste, tríd an mbeartas airgeadaíochta, trí fhormhaoirsiú ar an gcóras íocaíochtaí, nó trí mhaoirseacht a dhéanamh chun a chinntiú go bhfuil gnólachtaí athléimneach agus go bhfuil siad ag freastal ar leasa a dtomhaltóirí.
Cuireann an Cód athbhreithnithe le cosaintí an Chóid reatha um Chosaint Tomhaltóirí 2012, agus béim ar leith á cur ar dhigitiú, ar eolas a thabhairt go héifeachtúil, ar mhorgáistí agus aistriú morgáistí, ar ghníomhaíochtaí neamhrialáilte, ar chalaois agus ar chamscéimeanna, ar thomhaltóirí i gcúinsí leochaileacha agus ar an riosca aeráide.
Cé go bhfuil cosaintí nua agus cosaintí feabhsaithe sa Chód athbhreithnithe, tá na cosaintí leathana a Chód reatha i bhfeidhm i gcónaí.

Cinnteoidh na cosaintí reatha (i bhfeidhm faoi láthair) i dteannta na gcosaintí nua (a mbeidh éifeacht leo ón 24 Márta 2026) go gcosnófar leasa tomhaltóirí ar gach bealach faoin gCód um Chosaint Tomhaltóirí san am i láthair agus sna blianta amach romhainn.
Is iad seo a leanas roinnt samplaí de na cosaintí reatha agus cosaintí nua sa Chód um Chosaint Tomhaltóirí.
Aistriú Morgáistí
Faoin gCód um Chosaint Tomhaltóirí 2012, cuirtear de cheangal ar iasachtóirí faisnéis bhreise a thabhairt do shealbhóirí morgáiste sa chaoi go mbeidh sé níos éasca orthu a morgáiste a aistriú.
Ní mór d’iasachtóirí an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Fógra a thabhairt duit, 60 lá sula mbeidh deireadh le morgáiste ráta sheasta, maidir le roghanna níos saoire morgáiste atá ar fáil duit
- A chur in iúl duit más féidir leat aistriú chuig morgáiste níos saoire bunaithe ar chothromas do thí
- Buntáistí agus míbhuntáistí aon dreasachtaí morgáiste ar nós tairiscintí aisairgid a mhíniú go soiléir duit
- Ar iarratas uait, comparáid a dhéanamh idir costas do mhorgáiste agus roghanna morgáiste eile atá ar fáil ón iasachtóir sin
- Gach eolas is gá chun aistriú chuig morgáiste eile a thabhairt duit, lena n-áirítear cá fhad a thógfaidh sé
- Cinneadh maidir le d’iarratas ar aistriú morgáiste a thabhairt duit laistigh de 10 lá oibre
N.B. Tá na cosaintí seo i bhfeidhm faoi láthair agus tá éifeacht leo i gcónaí.
Leis an gCód um Chosaint Tomhaltóirí 2025, feabhsófar na bearta reatha atá i bhfeidhm chun aistriú morgáiste a éascú. Cuirfidh an Cód de cheangal ar iasachtóirí an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Meastachán pearsantaithe ar choigilteas (in euro) a thabhairt duit i dteannta gach rogha athmhaoiniúcháin morgáiste eile
- Meabhrúchán sonrach maidir le roghanna athmhaoiniúcháin morgáiste a thabhairt duit idir ceithre seachtaine agus ocht seachtaine ón bhfógra tosaigh.
N.B. Beidh éifeacht leis na hathruithe seo ón 24 Márta 2026.
Féach freisin:
- Míniú - Conas a éascaíonn an Banc Ceannais an próiseas chun aistriú chuig morgáiste eile?
- Míniú – Cad ba chóir dom a dhéanamh má tá deacracht agam mo mhorgáiste a íoc?
Digitiú
Faoi láthair, baineann gnólachtaí úsáid as teicneolaíocht dhigiteach chun táirgí agus seirbhísí a chur ar fáil do thomhaltóirí. Tá an Cód um Chosaint Tomhaltóirí 2012 neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de. Ciallaíonn sé sin go bhfuil na prionsabail chéanna i bhfeidhm beag beann ar na bealaí ina mbíonn teagmháil ag gnólacht lena chuid tomhaltóirí: i bpearsa, ar an nguthán, i scríbhinn nó ar líne (lena n-áirítear cineálacha nua teicneolaíochta). Measaimid go bhfuil sé tábhachtach a chinntiú go mbeidh cáilíocht na rannpháirtíochta trí mhodhanna digiteacha sách ard chun tacú le torthaí dearfacha do thomhaltóirí.
N.B. Tá na cosaintí seo i bhfeidhm faoi láthair agus tá éifeacht leo i gcónaí.
Leanfaidh an Cód athbhreithnithe de bheith neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de ach tá ceanglais nua á dtabhairt isteach againn:
- Gnólachtaí a mbaineann úsáid as teicneolaíocht dhigiteach chun seirbhísí a chur ar fáil, ceanglaítear orthu a chinntiú go bhfuil an teicneolaíocht deartha agus curtha chun feidhme ar bhealach a dhíríonn ar chustaiméirí.
- Gnólachtaí a mbaineann úsáid as teicneolaíocht chun faisnéis a thabhairt do chustaiméirí, ní mór dóibh ceanglais a chomhlíonadh chun a chinntiú go gcuirtear custaiméirí ar an eolas go héifeachtach.
- Ní mór do ghnólachtaí a chinntiú nach bhfuil a gcuid táirgí nó seirbhísí, lena n-áirítear úsáid na teicneolaíochta chun iad a sheachadadh, deartha ar bhealach a fhéachann le dúshaothrú a dhéanamh nó teacht i dtír ar iompair, nósanna, roghanna nó ar chlaontachtaí custaiméirí, a bhféadfadh dochar a dhéanamh don chustaiméir. Tá sé seo riachtanach chun muinín agus iontaoibh tomhaltóirí as an teiceolaíocht dhigiteach a chothú.
- Ní mór do ghnólachtaí a chinntiú go bhfuil ardáin deartha ar bhealach gur furasta do chustaiméirí iad a úsáid agus a nascleanúint agus ní mór dóibh a chinntiú go ndéanfar teicneolaíocht ghaolmhar a thástáil, agus go gcuirfidh an teicneolaíocht sin torthaí seasmhacha, oibiachtúla ar fáil d’úsáideoirí.
N.B. Beidh éifeacht leis na hathruithe seo ón 24 Márta 2026.
Eolas a thabhairt go héifeachtach
Leis an gCód um Chosaint Tomhaltóirí 2012, féachtar lena chinntiú go dtugtar faisnéis leordhóthanach do thomhaltóirí - ag an am cuí agus ar an mbealach cuí - chun a chumasú dóibh cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le táirgí agus seirbhísí airgeadais. Ceanglaítear ar ghnólachtaí “faisnéis ríthábhachtach” a thabhairt ar aird tomhaltóirí. Is ionann faisnéis ríthábhachtach agus aon fhaisnéis ar dóigh di tionchar a imirt ar ghníomhartha nó ar chinntí tomhaltóra maidir le táirge nó seirbhís.
N.B. Tá na cosaintí seo i bhfeidhm faoi láthair agus tá éifeacht leo i gcónaí.
Leis an gCód um Chosaint Tomhaltóirí 2025, tugtar Caighdeán nua Gnó isteach lena gceanglaítear ar ghnólachtaí eolas a thabhairt go héifeachtach dá dtomhaltóirí ina nochtadh faisnéise agus ina gcumarsáidí. Ar an gcaoi sin, athraítear an bealach ina gcomhlíonann gnólachtaí a gcuid ceanglas maidir le nochtadh ó bhealach “ticeála boscaí” chuig bealach ina gcuirtear custaiméirí ar an eolas go héifeachtach.
Leis an gCód athbhreithnithe, leathnaítear an dualgas ginearálta a bhíonn ar ghnólachtaí chun a chinntiú go bhfuil an t-eolas a thugann siad do chustaiméirí soiléir, cruinn, cothrom le dáta, agus scríofa i dteanga shimplí, inrochtana, agus go seachnaítear úsáid neamhriachtanach téarmaí teicniúla. Ní mór do ghnólachtaí leanúint d’eolas a thabhairt do chustaiméirí ar mhodh tráthúil, agus ní mór dóibh aon eolas ríthábhachtach a thabhairt ar aird a gcustaiméirí.
N.B. Beidh éifeacht leis na hathruithe seo ón 24 Márta 2026.
Árachas - Athnuachan Uathoibríoch Táirgí Áirithe
Bíonn athnuachan uathoibríoch i gceist nuair is féidir polasaí a athnuachan go huathoibríoch faoi chonradh árachais, mura gcuireann an custaiméir a mhalairt in iúl don soláthraí árachais roimh an dáta athnuachana.
Faoi láthair, “rogha an diúltaithe” is ea an próiseas le haghaidh athnuachaintí uathoibríocha seachas “rogha a bheith páirteach”. Ciallaíonn sé seo gur gá do thomhaltóirí rogha an diúltaithe a fheidhmiú mura dteastaíonn uatha go ndéanfar polasaí árachais a athnuachan go huathoibríoch. Bíonn buntáiste luachmhar ag baint le hathnuachaintí uathoibríocha do thomhaltóirí toisc go laghdaítear an riosca nach ndéanfar an polasaí a athnuachan roimh an spriocdháta, rud a d’fhágfadh go mbeadh a gclúdach árachais as feidhm. Ach bíonn rioscaí i gceist freisin, mar shampla mura mbíonn táirge ag freastal ar riachtanais custaiméara a thuilleadh.
N.B. Tá na cosaintí seo i bhfeidhm faoi láthair agus tá éifeacht leo i gcónaí.
I gcás táirgí áirithe, baineann buntáistí do thomhaltóirí le ceanglas soiléir “rogha an diúltaithe” a thabhairt isteach.
Faoin gCód um Chosaint Tomhaltóirí 2025, tugtar isteach athnuachan “rogha a bheith páirteach” le haghaidh árachas fiacla, peata, giúirléide agus taistil. Ciallaíonn sé go mbeidh ar thomhaltóirí rogha a dhéanamh a bheith páirteach chun na táirgí árachais sin a athnuachan go huathoibríoch. Ó tharla nach ndéanfar na cineálacha táirgí árachais seo a athnuachan go huathoibríoch gan toiliú soiléir ó na custaiméirí, is lú an dóchúlacht go mbeidh tomhaltóirí ag íoc as táirgí nach bhfuil de dhíth orthu a thuilleadh nó nach bhfuil oiriúnach dóibh. Leis an gceanglas seo, laghdófar an riosca go gcaillfidh tomhaltóirí amach ar dheiseanna teagmhála lena soláthraí árachais nó ar dheiseanna chun an margadh is fearr a lorg agus an táirge is oiriúnaí nó is cost-éifeachtaí a aimsiú.
N.B. Beidh éifeacht leis na hathruithe seo ón 24 Márta 2026.
Inmharthanacht maidir le Soláthar Seirbhísí Airgeadais - Oiriúnacht & Fógraíocht
Faoi láthair, ceanglaítear ar ghnólachtaí seirbhísí airgeadais faisnéis leordhóthanach ó thomhaltóirí a bhailiú agus a thaifeadadh sula ndéanfaidh siad táirge nó seirbhís a bheidh oiriúnach don tomhaltóir sin a thairiscint, a mholadh, a eagrú nó a chur ar fáil dóibh. Is gá go mbeidh leibhéal na faisnéise a bhaileofar leordhóthanach chun a chumasú don ghnólacht seirbhís ghairmiúil a chur ar fáil agus is gá go n-áireofar san fhaisnéis sin sonraí maidir leis an méid seo a leanas:
- Riachtanais agus cuspóirí na dtomhaltóirí (cén fáth a bhfuil an táirge nó an tseirbhís seo de dhíth ort? Cad atá uait ón táirge nó ón tseirbhís seo? Cé chomh fada agus a bheidh an táirge nó seirbhís seo de dhíth ort?)
- Imthosca pearsanta (aois, sláinte, eolas/taithí ar an gcineál táirge nó seirbhíse seo, cleithiúnaithe, stádas fostaíochta, imthosca athraitheacha)
- Staid airgeadais (foinsí ioncaim, coigilteas, iasachtaí reatha nó táirgí airgeadais eile, oibleagáidí airgeadais)
- Fonn riosca, go háirithe an tábhacht a bhaineann le hurrús caipitil don tomhaltóir (an mbeifeá sásta do chaipiteal a chur faoi riosca?)
A luaithe a bheidh an fhaisnéis seo bailithe ag an ngnólacht, ullmhóidh sé measúnú oiriúnachta.
N.B. Tá na cosaintí seo i bhfeidhm faoi láthair agus tá éifeacht leo i gcónaí.
Tá feabhas á chur againn ar na ceanglais reatha sa Chód maidir le hoiriúnacht chun a chinntiú go mbeidh aird chuí ag gnólachtaí ar inmharthanacht i ráitis oiriúnachta. Ceanglaítear ar ghnólachtaí roghanna oiriúnachta tomhaltóirí a chur san áireamh nuair a bheidh measúnuithe oiriúnachta á ndéanamh acu. Mar shampla, más mian leat go rachaidh d’infheistíocht chun tairbhe don timpeallacht nádúrtha, b’fhéidir gurbh fhearr leat infheistíocht a dhéanamh i gcuideachtaí atá tiomanta do chúiseanna timpeallachta (e.g. astaíochtaí carbóin a ísliú, acmhainní nádúrtha a chaomhnú, nó truailliú a laghdú).
Tá ceanglas nua do ghnólachtaí sa Chód um Chosaint Tomhaltóirí 2025 chun a chinntiú nach gcuirfidh a bhfógraíocht custaiméirí amú maidir le hinmharthanacht táirge nó seirbhíse, maidir le “dintiúir ghlasa” an ghnólachta féin nó a shamhla gnó. Ar an gcaoi seo, cinntítear go gcuirtear táirgí inmharthana i lathair do chustaiméirí ar mhodh cruinn cothrom d’fhonn an riosca maidir le “glas-snasú” a sheachaint.
N.B. Beidh éifeacht leis na hathruithe seo ón 24 Márta 2026.
Raon feidhme chur i bhfeidhm an Chóid um Chosaint Tomhaltóirí
Tá feidhm ag Prionsabail Ghinearálta an Chóid um Chosaint Tomhaltóirí 2025 maidir le gnó a dhéantar le custaiméirí, FBManna san áireamh (a shainítear sa Chód mar chomhlachtaí corpraithe ar lú ná €3m a láimhdeachas sa bhliain atá caite). Sna Prionsabail Ghinearálta, tá ceanglais do ghnólachtaí chun an méid seo a leanas a chinntiú nuair a bheidh siad ag plé le custaiméirí:
Go ngníomhóidh siad go hionraic, go cothrom agus go proifisiúnta chun leasa a gcustaiméirí agus ar mhaithe le sláine an mhargaidh
Go ngníomhóidh siad le scil, cúram agus dúthracht chuí chun leasa a gcustaiméirí
Nach gcuirfidh siad custaiméirí amú go meargánta, le faillí nó d’aon ghnó maidir leis na buntáistí nó míbhuntáistí, bídís fíor nó braite, a bhaineann le haon táirge nó seirbhís.
N.B. Tá na cosaintí seo i bhfeidhm faoi láthair agus tá éifeacht leo i gcónaí.
Tá raon feidhme chur i bhfeidhm an Chóid um Chosaint Tomhaltóirí leathnaithe chun go gclúdófar FBManna ar lú ná €5m a láimhdeachas sa bhliain atá caite. Ar an gcaoi seo, aithnítear an ról tábhachtach atá ag gnóthaí beaga sa gheilleagar, coinnítear suas le hathruithe boilscitheacha agus cuirtear cosaintí tábhachtacha ar fáil do ghnólachtaí beaga.
N.B. Beidh éifeacht leis na hathruithe seo ón 24 Márta 2026.
Tuilleadh eolais: