Conas is féidir liom gach tairbhe a bhaint as m’airgead taisce?

(Déan cinnte go bhfuil fianáin “curtha ar siúl” chun an físeán a lódáil) |  Athscríbhinn den fhíseán  "5 mholadh chun cuidiú leat gach tairbhe a bhaint as d’airgead taisce"

An bhfuil d’airgead i dtaisce san áit is fearr chun freastal ar do riachtanais agus chun an toradh is fearr a chur ar fáil duit?

Tá raon leathan rátaí úis agus táirgí coigiltis ar fáil do thomhaltóirí Éireannacha, ag brath ar do chuid riachtanas agus roghanna.
Seo duit roinnt moltaí chun cuidiú leat an margadh is fearr a fháil ar do chuid airgid.

1. Bí cinnte go dtuigeann tú cad a oireann do do riachtanais féin

Smaoinigh ar do chuid riachtanas. Cén fáth a bhfuil airgead á chur i dtaisce agat? An gá duit rochtain a fháil ar chnapshuim nó an bhfuil tú sásta do chuid airgid a chur i dtaisce ar feadh tréimhse sonraithe? An bhfuil tú ag iarraidh bunachar airgid a bhunú duit féin trí mhéid rialta a chur i dtaisce gach mí? Tá roghanna éagsúla ar fáil duit, is cuma cén sprioc atá agat.
 

2. Ba chóir duit soláthraithe uile an mhargaidh a chur san áireamh

Tá raon cuntas ar fáil ar fud an mhargaidh a ngabhann gnéithe agus rátaí úis éagsúla leo. Is féidir leat do sholáthraí a athrú nó d’airgead a roinnt idir soláthraithe éagsúla. Orthu sin, tá An Post/Coigilteas Stáit Éireann, comhair chreidmheasa, na bainc Éireannacha agus bainc rialáilte AE eile a chuireann seirbhísí ar fáil do thomhaltóirí na hÉireann.

Tá Uirlis Airgid ag an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí ar ccpc.ie lenar féidir leat comparáid a dhéanamh go héasca idir chuntais chnapshuime agus chuntais choigiltis.

3. Labhair le do sholáthraí reatha

Nuair a bheidh tú ag breathnú ar na roghanna atá ar fáil, ná déan dearmad labhairt le do sholáthraí reatha. Seans go mbeidh roghanna eile cuntas acu a fhreastalóidh ar do riachtanas agus a chuirfidh toradh níos fearr ar fáil duit.

4. Is féidir leat d’airgead a infheistiú, ach bíonn riosca i gceist leis

B’fhéidir go bhfuil tú ag smaoineamh ar d’airgead a infheistiú chun toadh níos airde a fháil. Má tá tú ag smaoineamh ar do chuid airgid a infheistiú, déan cinnte go bhfuil tú sásta leis an riosca.  Ná déan infheistiú mura dtuigeann tú cad go díreach atá i gceist leis. Faigh tuilleadh eolais san alt maidir le do chuid airgid a infheistiú.

A bhfuil á dhéanamh againn

Táimid ag súil go gcuirfidh gnólachtaí faisnéis shoiléir inrochtana ar fáil do thomhaltóirí maidir leis na táirgí go léir, ar bhealach a bheidh sothuigthe i gcomparáid leis na roghanna malartacha sa mhargadh. 
Ina theannta sin, ba chóir go mbeadh tacaíochtaí ar fáil do thomhaltóirí ar mian leo táirge nó soláthraí a athrú. Ciallaíonn sé sin freisin go gcinnteoidh gnólachtaí go bhfuil an próiseas chun airgead a chur i dtaisce agus a aistriú chomh simplí agus is féidir.   
 
I bhfianaise go bhfuil costais mhaireachtála ag ardú agus go bhfuil timpeallacht na rátaí úis athraithe, táimid ag breathnú ar na tacaíochtaí atá i bhfeidhm dá gcustaiméirí ag na príomhbhainc Éireannacha. Tá iarrtha againn orthu feabhsuithe a chur ar an bhfaisnéis a chuireann siad ar fáil agus ar a gcuid próiseas do chustaiméirí ar mian leos cuntais choigiltis a oscailt nó a gcuid airgid a bhogadh. Leanfaimid dár rannpháirtíocht leo chun a chinntiú go bhfuil ár gcuid ionchas maidir le tacaíochtaí do thomhaltóirí á gcomhlíonadh acu.

Mura bhfuil tú sásta le do tháirge nó do sheirbhís airgeadais reatha, cuimhnigh go bhfuil ceart agat gearán a dhéanamh le do sholáthraí. Ní mór dóibh do ghearán a imscrúdú.

Mura mbeidh tú sásta le toradh phróiseas gearán do sholáthraí, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais.
 

Féach freisin: