Tá sé soiléir go bhfuil freagracht ar an mBanc Ceannais aghaidh a thabhairt ar impleachtaí Brexit don chóras airgeadais. Tá san áireamh leis sin cur chuige dian agus éifeachtúil maidir le húdarú agus maoirsiú gnólachtaí atá ag iarraidh oibríochtaí a bhunú nó a leathnú in Éirinn. Chomh maith leis sin tá freagracht orainn measúnú a dhéanamh ar na rioscaí cobhsaíochta airgeadais a bhaineann le Brexit mí-ordúil, agus na rioscaí sin a mhaolú.
Pé cineál Brexit a bheidh ann, beidh tionchar diúltach aige ar Éirinn. Tá éiginnteacht ann fós maidir le cé chomh mór is a bheidh an tionchar, rud a bhaitheann ar am agus cineál na n-athruithe ar shocruithe trádála chomh maith leis an gcumas a bheidh ann an geilleagar a chur in oiriúint do na socruite nua sin.
Tagann rioscaí eacnamaíocha chun cinn ó rísíochtaí díreacha do mhargadh na Ríochta Aontaithe ach tá rísiochtaí indíreacha ann freisin. Mar shampla, tá mórán gnólachtaí in Éirinn leochailleach do bhriseadh i slabhraí soláthair idirnáisiúnta agus do mhéadú ar iomaíocht ó ghnólachtaí sa Ríocht Aontaithe, i gcás laghdú géar eile ar steirling.
Má bhíonn tréimhse fhada éiginnteachta ann maidir le todhchaí an chaidrimh idir Éire agus an Ríocht Aontaithe, imreoidh sé sin éifeacht díspreagtha ar phleananna infheistíochta agus bheadh baint aige sin le laghdú praghais ar raon leathan sócmhainní.
D’imreodh Brexit “crua” – ina ndéanfadh an Ríocht Aontaithe trádáil de réir rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála – an tionchar diúltach is mó ar gheilleagar na hÉireann.
Fiú má bhíonn Brexit níos fabhraí ann ina mbeadh margadh saorthrádála agus socrú aontais custaim, laghdófaí aschur i ngeilleagar na hÉireann agus thiocfadh ardú ar dhífhostaíocht.
De réir mar atá Brexit ag teannadh linn, tá seans ann go n-eascróidh luaineacht eacnamaíoch agus airgeadais bhreise as réiteach na héiginnteachta reatha maidir leis an gcineál caidrimh a bheidh idir an Ríocht Aontaithe agus AE amach anseo, go háirithe más dóichí ná a mhalairt go mbeidh Brexit níos déine ann.