Nuacht

Zippy Lends - Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe

11 Márta 2025 Warning Notice

Rabhadh: Gnólacht Creidmheasa Miondíola Neamhúdaraithe / Soláthraí  Creidmheasa Ardchostais Neamhúdaraithe
Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe Zippy Lends
Suíomh gréasáin https://zippylends.com
Uimhir ghutháin a úsáidtear: +353 83 036 6257
+353 83 451 6487
+44 0208 058 7036
Seoladh ríomhphoist a úsáidtear [email protected]
Údarú in Éirinn Níl an gnólacht seo údaraithe chun seirbhísí creidmheasa miondíola nó seirbhísí creidmheasa ardchostais a chur ar fáil in Éirinn.
Faisnéis bhreise Is sampla é an sceamáil seo de ‘chalaois réamhtháille’, áit a n-iarrtar réamhíocaíocht sula gcuirtear iasacht ar fáil. Ní chuirtear na hiasachtaí ar fáil riamh.

Bhain an gnólacht úsáid as ainm gnólachta atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus tá sé ag ligean air gurb é an gnólacht dlisteanach, E & L Credit Ltd, é chun an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir an gnólacht atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus an t-eintiteas calaoiseach seo.
Tuilleadh Faisnéise Tá an t-eintiteas camscéime ceangailte le heintitis chalaoiseacha eile a bhfuil camscéimeanna calaoise réamhtháille á ndéanamh acu faoi na hainmneacha seo a leanas:
Loan Vendors
MLM Group Loans (Clone)
Moore Money Lenders

 

Nótaí:

  1. Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
  2. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar chamscéimeanna airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
  3. Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.