Nuacht

Tuarascáil Bhliantúil agus Ráiteas Feidhmíochta Bliantúil 2023 foilsithe ag an mBanc Ceannais

29 Bealtaine 2024 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

Tá Tuarascáil Bhliantúil agus Ráiteas Feidhmíochta Bliantúil don bhliain 2023 foilsithe ag Banc Ceannais na hÉireann inniu (29 Bealtaine 2024).

Le linn dó a bheith ag labhairt ar fhoilsiú na tuarascála, chomh maith le blag mionsonraithe, dúirt an Gobharnóir Gabriel Makhlouf: "D’oibrigh an Banc Ceannais, comhpháirtithe san Eoraip, agus piaraí ar fud an domhain go crua chun córais airgeadais a neartú in 2023 agus ba léir an obair sin de bhrí go raibh geilleagair na hÉireann agus an limistéir euro athléimneach maidir le turraingí geopholaitiúla, beartas airgeadaíochta sriantach agus suaitheadh i margaí baincéireachta domhanda.

Chonacthas freisin na buntáistí a bhaineann leis an athléimneacht a forbraíodh le deich mbliana anuas san fhíorgheilleagar, ó tharla go raibh teaghlaigh agus gnólachtaí ag dul i ngleic le turraingí, ag baint tairbhe as leibhéil níos ísle féichiúnais agus caighdeáin fheabhsaithe iasachtaithe.

Cé is moite de rath leanúnach an bheartais airgeadaíochta agus athléimneacht chóras airgeadais na hÉireann, áirítear ar bhuaicphointí 2023 bogadh ar aghaidh leis na pleananna chun ionad airgid nua a fhorbairt, rud a léiríonn an tiomantas leanúnach atá againn i dtaca le hairgead tirim mar mhodh íocaíochta.

Tairiscint dhigiteach thábhachtach chomhthreomhar ba ea bogadh go dtí céim an ullmhúcháin don Euro Digiteach.  Is príomhchéim é sin i dtionscadal fadtéarmach a chabhróidh leis na córais íocaíochta atá ann cheana ach nach dtiocfaidh ina n-ionad.

Lean muid orainn ag bainistiú éiceachóras na seirbhísí airgeadais atá ag athrú go tapa in Éirinn leis an méadú leanúnach ar líon na ngnólachtaí íocaíochta agus ríomh-airgid, athstruchtúrú agus daingniú earnáil na gcomhar creidmheasa, agus údarú os cionn 600 ciste agus 10 soláthraí seirbhíse cistí.

D'fhoilsigh muid smaointe ar chur chuige maidir le beartas macrastuamachta le haghaidh cistí infheistíochta, agus reáchtáladh comhdháil le déanaí i mBaile Átha Cliath ar an ábhar céanna tar éis rannpháirtíocht shuntasach idirnáisiúnta an Bhainc, agus tá mé ag tnúth leis an ráiteas aiseolais a fhoilsiú sna míonna amach romhainn.

In 2023, achtaíodh Acht an Bhainc Ceannais (Creat Cuntasachta Aonair), 2023.  Tuigimid go bhfuil sé tábhachtach nach dtugtar aghaidh ar chur chun feidhme an Chreata mar bheart comhlíontachta, ach go ndéantar é a inmheánú ar fud chultúr, chur chuige agus chleachtais na ngnólachtaí.

Lean muid ar aghaidh lenár gcuid oibre chun an Cód um Chosaint Tomhaltóirí a nuashonrú agus a nuachóiriú, rud a léiríonn forbairtí le blianta beaga anuas agus na seirbhísí agus na bealaí seachadta a úsáideann daoine sa lá atá inniu ann.  Bunaithe ar thuairimí páirtithe leasmhara, mar aon le taighde agus anailís ón mBanc, d'fhoilsigh muid páipéar comhairliúcháin ar ár dtograí i mí an Mhárta i mbliana.

Cabhraíonn taighde linn díriú ar an todhchaí trí réamh-mheas a dhéanamh ar athruithe sa gheilleagar agus sa chóras airgeadais agus freagairt dóibh. Chun é sin a dhéanamh, táimid ag bogadh ó ghnáth-theicnící anailíseacha agus tacair sonraí chun cabhrú le ceisteanna nua a fhreagairt nó chun dul i ngleic le topaicí taighde atá ann cheana féin ar bhealach nua. Sheol muid an Malartán Taighde nua in 2023 le teagmháil a dhéanamh leis an bpobal taighde in Éirinn agus níos faide i gcéin chun léargais anailíseacha a fheabhsú agus, ar deireadh thiar, chun tacú le seachadadh beartais.

Sheol muid comhairliúchán maidir le nuálaíocht, agus chruthaigh muid bosca gainimh le cur le rannpháirtíocht leis an éiceachóras nuálaíochta níos leithne.  Is mian linn tacú leis an nuálaíocht i seirbhísí airgeadais fad a gcosnaítear tomhaltóirí ag an am céanna – prionsabal atá fós lárnach i ngach rud a dhéanaimid.

Léirítear téamaí na straitéise sna forbairtí seo. Táimíd ag aistriú chuig cur chuige níos réamhbhreathnaithí, agus muid ag déanamh réamh-mheas níos fearr agus ag freagairt níos réamhghníomhaí do na hathruithe móra atá ag tarlú laistigh den gheilleagar agus den tionscal seirbhísí airgeadais.

Is é an aidhm atá againn muinín agus tuiscint an phobail ar ról agus ar chuspóir an Bhainc Ceannais a fhorbairt, muinín sa chóras airgeadais a chur chun cinn, agus athrú cultúir a chothú san iompar agus sa dearcadh i ndáil lenár bpáirtithe leasmhara.

Aithnímid go gcaithfimid a bheith sofhreagrúil, athléimneach, éagsúil agus dírithe ar fhaisnéis agus is díol mórtais dom a bheith i gceannas ar eagraíocht a bhfuil na hathruithe sin á ndéanamh aici ionas go dtarlóidh sé sin."