Nuacht

Toradh an athbhreithnithe ar thacaíochtaí riaráistí morgáiste luatha foilsithe ag an mBanc Ceannais

24 Aibreán 2024 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

  • De réir athbhreithniú an Bhainc Ceannais, tá an creat réitigh maidir le riaráistí morgáiste a leagtar amach sa Chód Iompair maidir le Riaráistí Morgáiste (CCMA) in áit mhaith anois chun cabhrú le hiasachtaithe a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu.
  • Leantar ar aghaidh ag teacht ar réitigh mar thoradh ar rannpháirtíocht luath iasachtaithe a bhíonn ag déileáil le deacrachtaí airgeadais. Mar sin féin, ní mór feabhas a chur ar sheirbhísí do chustaiméirí agus ar thacaíochtaí d'iasachtaithe a bhfuil riaráistí luatha acu.
  • Molann an Banc Ceannais d'iasachtóirí níos mó úsáide a bhaint as Socruithe Aisíocaíochta Malartacha (ARAnna) sealadacha agus cúinsí aonair á meas.

Tá athbhreithniú curtha i gcrích ag Banc Ceannais na hÉireann maidir leis na tacaíochtaí a chuireann bainc, gnólachtaí creidmheasa miondíola agus gnólachtaí seirbhísithe creidmheasa ar fáil d'iasachtaithe atá i riaráistí luatha nó atá i mbaol riaráistí luatha.

Cé go bhfuil réitigh á n-aimsiú d'iasachtaithe, aithníodh san athbhreithniú réimsí chun feabhas a chur ar an gcaoi a gcuireann gnólachtaí faisnéis ar fáil chomh maith leis an gcaoi a dtéann siad i dteagmháil le custaiméirí agus a dtacaíonn siad leo tríd an bpróiseas réitigh morgáiste.

Dúirt an Stiúrthóir um Chosaint Tomhaltóirí, Colm Kincaid: "Rinne an Banc Ceannais an t-athbhreithniú seo lena chinntiú go bhfuil an córas airgeadais ag cabhrú le hiasachtaithe atá ag titim i riaráistí luatha morgáiste. Tagann sé tráth a fheicimid go bhfuil níos mó iasachtaithe ag titim i riaráistí luatha, de réir mar a théann costais mhaireachtála mhéadaithe i bhfeidhm ar airgeadas iasachtaithe.

Fuarthas amach san athbhreithniú go n-aimsítear réitigh chun tacú le hiasachtaithe nuair a bhíonn teagmháil idir iasachtóir agus iasachtaí faoin gCód Iompair maidir le Riaráistí Morgáiste. Fuarthas amach freisin go bhfuil feabhsuithe déanta ag gnólachtaí ar a bpróisis agus ar a dtacaíochtaí. Molaim d'aon iasachtaí a bhfuil aon deacracht airgeadais acu dul i dteagmháil lena soláthraí morgáiste. Ceanglaítear orthu tacú leat agus réiteach a lorg atá inacmhainne agus a fhéachann le tú a choinneáil i do theach. Tá faisnéis maidir leis an méid le bheith ag súil leis ó do sholáthraí morgáiste ar fáil ar Mhol Tomhaltóirí an Bhainc Ceannais.

Mar sin féin, fuarthas amach san athbhreithniú freisin nach bhfuil caighdeán na seirbhíse maith go leor fós le haghaidh custaiméirí i gcomhthéacs na ndúshlán sonrach a mbíonn ar iasachtaithe a bhfuil riaráistí luatha acu aghaidh a thabhairt orthu.  Chonacthas cásanna d'fhaisnéis dhéanach neamhiomlán a bheith á cur ar fáil ag iasachtóirí; eolas doiléir ar an suíomh gréasáin; easpa obair leantach leis an iasachtaí; easpa cúnaimh maidir le páipéarachas a chur i gcrích; agus teipeanna cásanna a aithint ina raibh deacrachtaí airgeadais ag iasachtaithe.

Leag muid amach na feabhsuithe is gá do na gnólachtaí a a bhíonn á rialáil againn a dhéanamh. Chomh maith leis na heasnaimh a d'aithin muid a láimhseáil, thug muid samplaí den dea-chleachtas a chonacthas ar shuíomhanna gréasáin gnólachtaí; an úsáid a bhaineann siad as páipéarachas i mBéarla simplí agus clúdaigh fillte réamhíoctha; dreasachtaí d'iasachtaithe agus, thar aon ní eile, baill foirne a léiríonn comhbhá agus toilteanas freastal ar iasachtaithe i gcásanna fíordheacra amhail bás.

Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh gnólachtaí na feabhsuithe sin chun a bhfreagrachtaí a chomhlíonadh agus tacú le tomhaltóirí a bhfuil riaráistí morgáiste acu nó a bhfuil an baol sin ann chun an baol a sheachaint go dtiocfaidh na riaráistí fadtéarmacha chun cinn. Caithfidh sé sin a bheith ina thosaíocht ag gach gnólacht.”

Tá sé molta ag an mBanc Ceannais freisin do ghnólachtaí úsáid níos mó a bhaint as Socruithe Aisíocaíochta Malartacha (ARAnna) sealadacha chun tacú le hiasachtaithe i gcás ina bhfuil baol ann go n-éireoidh cúinsí níos measa le linn an ama is gá chun faisnéis a bhailiú agus chun measúnú a dhéanamh ar an gcás. Fuarthas amach san Athbhreithniú nár baineadh go leor úsáide as na cineálacha ARAnna sealadacha seo i bhformhór na ngnólachtaí, agus ní raibh sé soiléir i gcónaí i mbeartais na ngnólachtaí cad iad na cúinsí a gcuirtear seirbhísí ar fáil dá n-úsáid.

Nótaí don Eagarthóir

Tugadh faoin Athbhreithniú seo mar chuid d'obair leanúnach an Bhainc Ceannais chun a chinntiú go bhfuil soláthraithe rialáilte seirbhísí airgeadais ag tacú le tomhaltóirí seirbhísí airgeadais chun tírdhreach eacnamaíoch atá ag athrú agus costas maireachtála méadaithe a láimhseáil.

Rinne an tAthbhreithniú measúnú ar éifeachtacht thuras an iasachtaí, agus béim ar leith ar rannpháirtíocht agus cumarsáid chun a chinntiú go bhfuil na tacaíochtaí agus na leibhéil acmhainní agus seirbhíse is gá i bhfeidhm ag gnólachtaí chun tacú le tomhaltóirí a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu.

Léirigh an t-athbhreithniú go bhfuil réitigh á n-aimsiú nuair a bhíonn teagmháil idir an t-iasachtaí agus an gnólacht. Aithníodh freisin feabhsuithe a rinne gnólachtaí ar a bpróisis. Mar sin féin, aithníodh roinnt príomhréimsí le haghaidh feabhsúcháin:

  • Rannpháirtíocht le hiasachtaithe: Aithníodh roinnt fadhbanna maidir le seirbhísí do chustaiméirí, rud a mhéadaíonn rioscaí do rannpháirtíocht custaiméirí. I measc na saincheisteanna a aithníodh bhí cásanna díobh seo a leanas:
  • Obair leantach easnamhach le hiasachtaithe nár chuir rannpháirtíocht chun cinn nó a ghlac tréimhsí fada ama;
  • Drocheolas nó droch-chumarsáid foirne a d'fhág gur cuireadh faisnéis dhoiléir nó mhícheart ar fáil d'iasachtaithe;
  • Mainneachtain comharthaí soiléire a aithint ar dheacracht airgeadais iasachtaí;
  • Mainneachtain gearáin a thaifeadadh nó aghaidh a thabhairt orthu mar is cuí;
  • Easpa cabhrach chun an Ráiteas Caighdeánach Airgeadais a chomhlánú; agus
  • Iarrachtaí iomarcacha teagmhála bunaithe ar chúinsí iasachtaí.
  • Faisnéis a cuireadh ar fáil d'iasachtaithe: Aithníodh fadhbanna a chuireann leis an riosca maidir le nochtadh neamhéifeachtach. Ní mór d'aon fhaisnéis a chuirtear ar fáil d'iasachtaithe i litreacha, ar shuíomh gréasáin nó i leabhráin eolais an fhaisnéis go léir a sholáthar go hiomlán, go cothrom agus go soiléir chun tacú le cinnteoireacht na gcustaiméirí.  Bhí fianaise ann freisin ar chásanna ina raibh moill ar fhaisnéis a chur ar fáil d'iasachtaithe nó measúnú a dhéanamh ar a gcás laistigh d'amlínte an ghnólachta féin.
  • Socruithe Aisíocaíochta Malartacha (ARAnna) Sealadacha: Mhol an Banc Ceannais do ghnólachtaí úsáid níos mó a bhaint as ARAnna sealadacha chun tacú le hiasachtaithe i gcás ina raibh baol ann go rachadh cúrsaí in olcas le linn an ama is gá chun faisnéis a bhailiú agus chun measúnú a dhéanamh ar an gcás. Fuarthas amach san Athbhreithniú nár baineadh go leor úsáide as na cineálacha ARAnna sealadacha seo i bhformhór na ngnólachtaí, agus ní raibh sé soiléir i gcónaí i mbeartais na ngnólachtaí cad iad na cúinsí a gcuirtear seirbhísí ar fáil dá n-úsáid.