Toradh a athbhreithnithe ar fheidhmeanna maoirseachta an Bhainc Ceannais i ndáil le cosaint tomhaltóirí foilsithe ag ECFE
16 Nollaig 2024
Preas Ráiteas

D’fhoilsigh ECFE inniu (Dé Luain, an 16 Nollaig 2024) an toradh a athbhreithnithe ar fheidhmeanna maoirseachta Bhanc Ceannais Éireann i ndáil le Cosaint Tomhaltóirí.
Choimisiúnaigh an Banc Ceannais ECFE le hathbhreithniú a dhéanamh ar a fheidhmeanna maoirseachta i gcomparáid le caighdeáin ar fud an domhain i ndáil le cosaint tomhaltóirí airgeadais – Prionsabail Ardleibhéil G20/ECFE maidir le Cosaint Tomhaltóirí Táirgí Airgeadais (Prionsabail G20/OECD). Rinne ECFE measúnú dian géar ar chur chuige an Bhainc Ceannais mar ghné amháin den athbhreithniú agus tugadh san áireamh aiseolas ó na páirtithe leasmhara seachtracha príomhthábhachta ag sraith cruinnithe misin.
Ba é tátal mheasúnú ECFE go raibh an Banc Ceannais tugtha go dúthrachtach do Phrionsabail G20/ECFE a chothú agus a choinneáil ar bun, go dtagtar leis na caighdeáin idirnáisiúnta agus go bhfuil na gnáis ar aon dul le rialtóirí piaraí.
Deir Gabriel Makhlouf, Gobharnóir an Bhainc Ceannais: “Fáiltím roimh thorthaí an athbhreithnithe seo le ECFE inar tugadh deis feidhmeanna maoirseachta an Bhainc Ceannais i ndáil le Cosaint Tomhaltóirí a mheas ag tríú páirtí oibiachtúil neamhspleách i gcomórtas le caighdeáin idirnáisiúnta. Is é seo an chéad athbhreithniú den sórt seo ag ECFE agus ba chúis áthais do Bhanc Ceannais na hÉireann, i bhfianaise chomh tugtha agus atá an dá eagraíocht do chosaint tomhaltóirí, a bheith i gceann an róid maidir le hobair dá sórt.
“Baineann cosaint tomhaltóirí go dlúth le gach a ndéanann an Banc Ceannais, ag teacht go díreach leis an aidhm dá dtugtar tús áite go seasta leanúnach, saothrú ar son leas mhuintir na hÉireann uilig. Le deich mbliana anuas, bhí ról suntasach ag an mBanc Ceannais, i gcomhar le hinstitiúidí poiblí buntábhachtacha eile, maidir le creatchóras chosaint tomhaltóirí na hÉireann a neartú d’fhonn a chinntiú go mbeadh an córas agus na bearta cosanta sa tír seo ar aon dul le caighdeáin ar fud an domhain. Cé go bhfuil feabhas ó thaobh cúnamh taca agus torthaí beartaíochta don tomhaltóir mar gheall ar an gcreatchóras a neartú, feictear ag an am céanna gur tábhachtach a chinntiú go leantar de chaomhchóiriú agus d’athrú ar an gcóras ionas go mbíonn sé oiriúnach don chuspóir i gcónaí agus cóiriúil maidir leis an saol atá i ndán.
“Le cur chun feidhme na moltaí seo, comhlánófar an creat nua rialála agus maoirseachta agus an Cód nua um Chosaint Tomhaltóirí atá le foilsiú go gairid agus cinnteofar go bhfeidhmíonn comhlachtaí rialta de réir réimse rialacha agus modhanna oibre nua-aimseartha agus sinn ag déileáil le córas eacnamaíoch atá i mbun athrú ar fud an domhain.”
Deir Carmine Di Noia, Stiúrthóir ECFE maidir le Gnóthaí Airgeadais agus Fiontraíochta: “Tá buntábhacht le cosaint tomhaltóirí airgeadais ionas go gcinntítear go gcaitear go cóir le tomhaltóirí, go gcuirtear faisnéis ar fáil go follasach dóibh agus go gcosnaítear iad ar mhíbheartaíocht nuair a bhíonn táirgí agus seirbhísí airgeadais á gceannach acu. Fágann timpeallacht dhigiteach na linne seo go bhfuil bealach le déanamh ag an tomhaltóir trí réimsí i bhfad níos casta agus ciallaíonn sin gur mó arís an tábhacht atá le feidhm an rialtais agus feidhm mhaoirseoirí amhail Banc Ceannais na hÉireann, ar bhearta a dhéantar ar an margadh.
“Is iad Prionsabail Ardleibhéil G20/ECFE maidir le Cosaint Tomhaltóirí Táirgí Airgeadais na caighdeáin idirnáisiúnta maidir le creatchórais chuimsitheacha chríochnúla i ndáil le cosaint tomhaltóirí. Is treochlár iad ag tíortha maidir le beartais agus córais rialála a fheabhsú nó a cheapadh as an nua.
“B’ábhar ríméid do ECFE a bheith ag obair i gcomhar leis an mBanc Ceannais maidir leis an athbhreithniú tábhachtach seo ina léirítear na buanna iomadúla atá leis na modhanna maoirseachta i ndáil le tomhaltóirí táirgí airgeadais a chosaint, agus bearta is féidir a dhéanamh san am atá le teacht ionas go leantar de bheith ag cloí go dlúth le Prionsabail G20/ECFE.
“Is chun leas an gheilleagair ina iomláine cosaint éifeachtúil tomhaltóirí. Cothaítear muinín as an gcóras airgeadais, tacaítear le lánpháirtíocht airgeadais agus cuidítear le rioscaí amhail an rófhiachas a sheachaint, chun go gcuirtear le hathléimneacht eacnamaíoch agus le dea-bhail airgeadais. Déantar gairdeas leis an mBanc Ceannais as tabhairt faoin saothar tábhachtach seo.”
Deir Derville Rowland, Leas-Ghobharnóir, Cosaint Tomhaltóirí agus Infheisteoirí: “Tá breith ECFE go bhfuil an Banc Ceannais ag feidhmiú de réir Phrionsabail G20/ECFE an-dearfach. Déanfaidh moladh ECFE fónamh maidir le nuachóiriú ar na modhanna rialála agus maoirseachta. Fáiltímid, go háirithe, roimh mholtaí ECFE lena dtugtar tús áite do dearcadh an tomhaltóra agus lena dtugtar léargas tábhachtach agus sinn ag saothrú ar mhaithe lena chinntiú gur dlúthchuid an dearcadh sin den chur chuige comhtháite maidir le gnóthaí maoirseachta. Tugtar san áireamh leis sin léargas ar an modh ina gcuireann an Banc Ceannais eolas ar fáil don tomhaltóir; an obair a dhéantar ar mhaithe le tomhaltóirí atá i gcúinsí cruacháis a chosaint; agus, i ndeireadh báire, an modh ina ndéantar éifeachtúlacht na hoibre a mheas i ndáil leis an toradh a bhíonn air don tomhaltóir.
“Tá plean cuimsitheach forfheidhmiúcháin leagtha amach ag an mBanc chun déileáil leis na moltaí agus iad a thabhairt i bhfeidhm, i gcomhréir le hionchais ECFE. Le cur chun feidhme mholtaí ECFE, mar aon leis an gCód leasaithe um Chosaint Tomhaltóirí, leis an gCreatchóras maidir le Freagracht Aonair (IAF) agus leis an gcreatchóras nua maoirseachta, beidh comhlachtaí rialáilte ag feidhmiú faoi chóras rialacha atá cothrom le dáta agus faoi réir cur chuige comhtháite maidir le gnóthaí maoirseachta.
Nótaí don eagarthóir
Is iad Prionsabail Ardleibhéil G20/ECFE maidir le Cosaint Tomhaltóirí Táirgí Airgeadais na caighdeáin idirnáisiúnta maidir le creatchórais chuimsitheacha chríochnúla i ndáil le cosaint tomhaltóirí. Formheasadh ar dtús iad ag Ceannairí G20 i mí na Samhna 2011 agus glacadh i bhfoirm Molta iad an 17 Iúil 2012 ag Comhairle ECFE. Rinneadh Prionsabail G20/ECFE a bhreithniú agus a leasú sa bhliain 2022, trí bhíthin próiseas cuimsitheach oibre, ionas go gcuirfí san áireamh forbairtí nua a tharla sna deich mbliana tar éis iad a chomhaontú ar dtús.
Is é seo an chéad athbhreithniú riamh a rinne ECFE maidir le tír nó údarás poiblí faoi leith i ndáil le Prionsabail G20/ECFE agus tugadh san áireamh leis an bpróiseas athbhreithniú ábhar a chuir an Banc Ceannais ar fáil nó a chruthaigh an Banc Ceannais chomh maith le caidreamh le réimse leathan de pháirtithe leasmhara an Bhainc Ceannais.
Beidh tuairisc ar athbhreithniú ECFE san áireamh i Ráiteas Feidhmíochta Bliantúil 2025 an Bhainc Ceannais i gcomhréir le hAlt 32L in Acht an Bhainc Ceannais. Cuirfidh athbhreithniú ECFE freisin le hoibleagáidí an Bhainc Ceannais faoi Alt 32M in Acht an Bhainc Cheannais 1942 i ndáil le socrú a dhéanamh d’athbhreithniú tráthrialta ar fheidhmíocht a chuid feidhmeanna rialála.