Nuacht

Tá téarnamh an gheilleagair ag neartú leis i gcónaí, ach tá baoil iarbhír agus éagsúla ann go fóill

18 Nollaig 2017 Irish Category

Central Bank of Ireland

  • Tá baoil éagsúla ann do théarnamh an gheilleagair, idir Brexit, socruithe trádála domhanda, fiachas agus an bonneagar
  • Cé go raibh cúinsí creidmheasa sa gheilleagar trí chéile maolaithe ábhar, tá siad ag neartú le blianta beaga anuas. Is mó i gcónaí an t-éileamh ar thithíocht ná an soláthar agus tá go leor teaghlach i mbaol de bharr méaduithe fiachais agus rataí úis
  • Agus lánfhostaíocht nach mór bainte amach in Éirinn, tá baol go mbeadh róbhorradh sa gheilleagar trí chéile ann.

D’fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann an dara heagrán den Athbhreithniú Macr-Airgeadais 2017 (MFR), a thugann spléachadh ar staid reatha an mhacrairgeadais in Éirinn. In ainneoin go bhfuil geilleagar an domhain ag téarnamh i gcónaí, tarraingíonn an tAthbhreithniú béim ar raon baol do gheilleagar na hÉireann agus don chóras airgeadais. Is gné lárnach de mhisean an Bhainc Ceannais i ndáil le cobhsaíocht a chaomhnú agus tomhaltóirí a chosaint é béim a leagan ar bhaoil den chineál seo.

Ar na baoil a luaite san MFR is déanaí tá Brexit, cur isteach ar shocruithe trádála domhanda, róbhorradh agus leibhéil arda fiachais i measc teaghlach agus gnólachtaí.

Ba é a dúirt Sharon Donnery, Gobharnóir Ionaid, Baincéireacht Láir: In ainneoin go bhfuil téarnamh gheilleagar na hÉireann ag neartú i gcónaí, tá baoil iarbhír agus éagsúla ann. Fáiltítear roimh an gcomhaontú a socraíodh an tseachtain seo caite idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach, ach is baol mór do gheilleagar na hÉireann i gcónaí é Brexit i bhfianaise go gcaithfear a thuilleadh plé a dhéanamh ar aon réiteach deiridh, plé a bheidh suntasach agus casta.

“De bhrí nach eol dúinn mionsonraí an réitigh dheiridh, is stuama an beart é go dtarraingeoimis aird ar na baoil seo i gcónaí. Tá earnálacha dá leithéidí gnó agraibhia agus earraí monaraithe, atá ag brath go mór ar an Ríocht Aontaithe ó thaobh na trádála de, leochaileach i gcónaí. De bhrí nach bhfuil réiteach deiridh trádála ann, tá baol ann go gcuirfear isteach ar shlabhraí soláthair, i bhfianaise go bhfuil go leor gnólachtaí ag baint úsáide as an Ríocht Aontaithe mar dhroichead talún chun earraí a iompar anseo. Dá ndéanfaí aon athrú ar bhealaí iompair nó dá mbeadh tréimhsí ní b’fhaide feithimh ann ag an teorainn, seans go mbeadh ar shiopadóirí na hÉireann praghsanna ní b’airde a íoc. Anuas air sin, tá baol ann go gcuirfeadh leibhéil arda fiachais i measc gnólachtaí Éireannacha cosc ar infheistíocht agus go mbeidís leochaileach dá bharr dá maolódh an geilleagar nó nach mbeidís in ann teacht ar mhaoiniú chun a samhlacha gnó a athrú iar-Brexit.”

Luaitear san MFR chomh maith go bhféadfadh go mbeadh iarmhairt dhiúltach ag maolú gheilleagar na Ríochta Aontaithe de bharr Brexit ar bhrabúsacht bhainc miondíola na hÉireann san fhadtréimhse, toisc go bhfuil siad gan chosaint go mór i margadh na Ríochta Aontaithe. Is cosúil go gcuirfidh gnólachtaí a bheidh ag athlonnú chun na hÉireann brú breise ar mhargadh réadmhaoine atá faoi bhrú cheana féin i mBaile Átha Cliath, idir mhaoin chónaithe agus tráchtála. Anuas air sin, tá easnamh bonneagair ann ó thaobh iompair agus cumarsáide. Tá an cúlchiste fritimthriallach, a leagann an Banc Ceannais síos, i ndáil le hairgead bhainc na hÉireann atá gan chosaint, fós ar 0 faoin gcéad.   Is léiriú é an ráta sin ar a mhaolaithe atá cúinsí creidmheasa faoi láthair siúd is go bhfuil siad ag neartú.

Tarraingíonn measúnacht an lae inniu aird arís ar an mbaol a bhaineann le róbhorradh an gheilleagair, agus lánfhostaíocht nach mór bainte amach in Éirinn. Tá baol ag baint le heasnaimh ó thaobh iompair, cumarsáide agus maoine cónaithe don fhás toisc go gcuireann siad srian leis an bhfás ar lámh amháin agus go méadóidh an caiteachas breise a bheidh de dhíth chun dul i ngleic leo brú an róbhorrtha.

Ba é a dúirt an Gobharnóir Ionaid Donnery: “Tá dúshlán nach beag le sárú ag Éirinn chun na bearnaí sin sa bhonneagar a chistiú gan róbhorradh a chruthú sa gheilleagar trí chéile. Molaimid do dhaoine a bheith stuama i gcónaí i ndáil le caiteachas poiblí agus le leithdháileadh ciallmhar ioncaim bharrachais idir ciste d’am an ghátair agus laghdú leanúnach a dhéanamh ar fhiach phoiblí an náisiúin.”

Meastar go bhfuil sciar mór an fhiachais, fiachas morgáiste san áireamh, leochaileach i ndáil le méadú ar rátaí úis, ina measc rátaí beartais an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Anuas air sin, is iasachtaí a bhaineann le réadmhaoin is mó iad na fiacha atá dlite do na bainc, rud a fhágann go bhfuil na bainc i mbaol de bharr forbairtí diúltacha i margaí réadmhaoine cónaithe agus tráchtála. Sna chéad naoi mí de 2017, tarraingíodh anuas €7.6 billiún d’iasachtaí nua morgáiste, ar méadú 16 faoin gcéad é sin ar an tréimhse chéanna in 2016.

Is é a dúirt Ms Donnery: “Thug an t-athbhreithniú a rinneamar le déanaí ar bhearta morgáiste le fios nár tháinig puinn athraithe orthu agus muid ag iarraidh a dheimhniú nach mbeidh iasachtaí ag úinéirí tí nach acmhainn dóibh a aisíoc. Maolóidh méadú ar an soláthar tithíochta an brú atá ar phraghsanna, gan amhras, ach faoi mar is léir ó na baoil ar tarraingíodh aird orthu inniu, tig le praghsanna tí ardú agus ísliú.

“Tá 10 mbliana nach mór caite ó tharla an ghéarchéim airgeadais agus tá sé tábhachtach go mbeadh teaghlaigh airdeallach ar na baoil a bhaineann le fiacha nua a tharraingt orthu féin. Tá an Banc Ceannais réidh chun bearta morgáiste agus uirlisí eile a leasú, cuir i gcas caipiteal maolánach fritimthriallach a thugann ar bhainc cúlchistí breise a bheith ar láimh acu, d’fhonn an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú.”