Nuacht

Tá sé léirithe ag iniúchadh arna dhéanamh ag an mBanc Ceannais go bhfuil Táirgí Miondíola Struchtúrtha níos casta agus níos rioscúla á dtairiscint ag gnólachtaí do thomhaltóirí

01 Meán Fómhair 2016 Irish Category
  • Ag imeacht ó tháirgí taisce-bhunaithe le caipiteal cosanta i dtreo táirgí casta le caipiteal faoi riosca
  • Socruithe laga maidir le rialachas táirgí aitheanta i bhforbairt agus i margú Táirgí Miondíola Struchtúrtha
  • Is údar imní ar leith é go bhfuil Nótaí Creidmheas-Nasctha á ndíol le tomhaltóirí

Ina Thuarascáil Ionchais um Chosaint Tomhaltóirí 2016, léirigh an Banc Ceannais na rioscaí a bhaineann le gnólachtaí do bheith ag díol táirgí a mbaineann riosca níos airde leo i dtimpeallacht rátaí ísle úis mar aon le maoirseacht agus rialachas lag táirgí. Ceann de na téamaí tosaíochta a aithníodh sa Tuarascáil sin ab ea athbhreithniú ar Tháirgí Miondíola Struchtúrtha (TMSanna) i margadh na hÉireann ó tharla go bhfuil na táirgí sin á dtairiscint do thomhaltóirí mar mhalairt ar thaiscí. Tá an Banc Ceannais den tuairim nach mbíonn TMSanna oiriúnach i gcónaí do thomhaltóirí mar mhalairt ar thaiscí i bhfianaise a gcastachta agus toisc go bhféadfaí cuid den infheistíocht nó an infheistíocht iomlán a chailliúint.

Ba iad seo a leanas príomhthorthaí an iniúchta:

  • Seoladh 371 TMS in 2015 a bhí déanta suas de dhá tháirge don chuid is mó: TMSanna Taisce-Bhunaithe agus TMSanna Nóta-Bhunaithe, díolacháin arbh ionann iad agus €971m;
  • Táthar tar éis imeacht ó tháirgí taisce-bhunaithe le caipiteal cosanta agus gluaiseacht i dtreo táirgí casta le caipiteal faoi riosca;
  • Trí Chomparáid Feidhmíochta Táirgí a dhéanamh, léiríodh gur ghabh tearcfheidhmíocht le breis agus leath de na TMSanna a tháinig in aibíocht in 2014 agus 2015 i gcomparáid le Coigilteas Stáit a bhí ar fáil an tráth a seoladh na TMSanna sin;
  • Aithníodh socruithe laga maidir le rialachas táirgí i roinnt gnólachtaí i réimsí áirithe lena n-áirítear aithint an spriocmhargaidh agus tástáil táirgí;
  • Tá líon beag gnólachtaí ag díol Nótaí Creidmheas-Nasctha le tomhaltóirí agus, i gcásanna áirithe, ní leagtar béim leordhóthanach ar na rioscaí níos airde a bhaineann le táirgí den sórt sin;
  • Tá cineálacha éagsúla TMSanna á margú mar TMSanna le ‘caipiteal cosanta’ ach bíonn leibhéal na cosanta caipitil éagsúil ag brath ar struchtúr an táirge.

Mar a deir an Stiúrthóir ar Chosaint Tomhaltóirí, Bernard Sheridan: ‘Is ardtosaíocht don Bhanc Ceannais é tomhaltóirí a infheistíonn i dtáirgí a mbaineann riosca níos airde leo a chosaint. Tá sé tábhachtach go dtabharfar gach eolas do thomhaltóirí faoi na rioscaí atá á nglacadh acu agus go bhfaighidh siad comhairle iomchuí. Ní hionann na Táirgí Miondíola Struchtúrtha go léir; d’fhéadfadh go mbeidís an-chasta agus rioscúil agus nach mbeidís oiriúnach chun freastal ar riachtanais tomhaltóirí a mbeadh fonn riosca íseal acu. Tá Nótaí Creidmheas-Nasctha fíorchasta agus gabhann riosca níos airde leo, dá bhrí sin, d’fhéadfadh nach mbeidís oiriúnach don chuid is mó de na tomhaltóirí.’

Tá an Banc Ceannais i dteagmháil leis na gnólachtaí sin inar tháinig saincheisteanna chun cinn agus tá breithniú á dhéanamh aige ar úsáid iomchuí a chumhachtaí maoirseachta chun dul i ngleic leis na saincheisteanna a aithníodh. Tá litir eisithe ag an mBanc Ceannais freisin chuig na gnólachtaí go léir lena mbaineann, ina sonraítear torthaí an iniúchta mar aon le moltaí chun a gcuid socruithe um chomhlíonadh a fheabhsú i gcás inar cuí sin.

Tuilleadh Faisnéise: An Phreasoifig, 01-2246299, [email protected]

Críoch