Soláthar breise tithíochta a éascú d’fhonn caighdeáin mhaireachtála a fheabhsú, san am i láthair agus san am atá le teacht - Aitheasc a thug an Leas-Ghobharnóir Vasileios Madouros ag an gComhdháil maidir le Bonneagar agus Pleanáil Tithíochta
26 Meán Fómhair 2024
News Categories - Irish
Dia dhaoibh ar fad ar maidin.1
Táim an-bhuíoch as an gcuireadh a bheith anseo in bhur láthair ag comhdháil an lae inniu.
Tá téama na comhdhála – maidir leis an mbonneagar tithíochta – tábhachtach tráthúil i ndáil leis na deacrachtaí atá le sárú faoi láthair maidir le cúrsaí eacnamaíocha na hÉireann.
Tríd is tríd, tá gnóthaí eacnamaíocha ag feidhmiú go maith, ainneoin a raibh de bhuillí ón taobh amuigh le fulaingt le blianta beaga anuas, agus sin i dtimpeallacht lena mbaineann breis éiginnteachta ar leibhéal an domhain.
Tá borradh i gcónaí faoi ghnóthaí eacnamaíocha intíre, tá buaicleibhéil fostaíochta i gceist faoi láthair agus forás tréan faoi ioncam an teaghlaigh.
Ina leithéid sin de chomhthéacs, áirítear ar na príomhréimsí dúshláin a bhíonn le sárú leis an mbeartas poiblí a chinntiú go gcoinníonn cúrsaí bonneagair suas leis an mborradh faoi chúrsaí eacnamaíocha.
Agus, maidir le réimsí éagsúla an bhonneagair, tá cúrsaí tithíochta le háireamh ar an gcuid is mó a bhfuil béim orthu agus tábhacht leo ó thaobh an bheartais phoiblí.
Dá réir sin, i mo chuid cainte anseo inniu, tráchtfaidh mé ar an measúnóireacht eacnamaíoch i ndáil leis na tosca is mó a rachaidh i bhfeidhm ar chumas an chórais tithíochta an soláthar a mhéadú.
Lorg na géarchéime airgeadais ar an margadh tithíochta
Sula dtugtar an tsúil chun cinn, is mian liom breathnú siar.
Le tuairim is fiche bliain anuas anois, is díol suntais an luaineacht a bhí sa mhargadh tithíochta in Éirinn, nuair a tharla ceann de na sraitheanna is mó riamh a raibh bruth agus sruth leis in áit ar bith ar domhan.
D’fhág an ghéarchéim airgeadais lorg doleigheasta ar earnáil na tógála.
Is iomaí cuideachta nár fhéad leanúint i mbun gnó agus chuaigh cuid mhór oibrithe tógála ar imirce as Éirinn tar éis an chruacháis.
D’fhág an tsraith mhór-rabharta agus lagtrá seo toradh fadtréimhseach ar an soláthar tithíochta, sa mhéid go bhfuil aschur tithíochta den ioncam náisiúnta anseo in Éirinn i bhfad níos ísle ná meánsciar an limistéir euro ar feadh tamall fada (Cairt 1).
Tráth a raibh téarnamh tréan faoi chúrsaí eacnamaíocha go ginearálta, agus borradh níos tréine ná mar a measadh a bheadh ar an daonra, tharla éagothroime go fada leanúnach maidir leis an éileamh ar thithíocht agus an soláthar.
Idir na blianta 2011 agus 2022, tháinig ardú 12.2% ar dhaonra na tíre, tráth nár tháinig fairsingiú níos mó ná 5.9% ar an stoc tithíochta.
Cairt 1: Is ísle an infheistíocht i gcúrsaí tithíochta, arna lua mar sciar den ioncam náisiúnta, ná meánsciar an limistéir euro le tamall fada
Foinse: An Phríomh-Oifig Staidrimh agus Eurostat.
Cairt 2: Is tréine an t-ardú le deich mbliana anuas ar phraghsanna tithe agus ar chíos ná ar an ioncam teaghlaigh
Foinse: Ríomh arna dhéanamh ag an bPríomh-Oifig Staidrimh agus ag Banc Ceannais na hÉireann. Nótaí:
An cuntas is deireanaí ar phraghsanna tithe & cíos 2024R2, ioncam indiúscartha in aghaidh an teaghlaigh 2024R1.
Tá deacrachtaí breise maidir le tithíocht inacmhainne ann mar gheall ar an éagothroime sin idir éileamh agus soláthar tithíochta.
Is tréine an t-ardú le deich mbliana anuas ar phraghsanna tithe agus ar chíos ná ar ioncam, rud a fhágann brú ar bhuiséad na dteaghlach (Cairt 2).
Tá impleachtaí sóisialta agus dáiliúcháin dá bharr sin, mar is léir ón mbéim atá á leagan leis an mbeartas poiblí le tamall de bhlianta anuas ar chúrsaí tithíochta.
Tagann torthaí maicreacnamaíocha agus torthaí carnacha dá bharr freisin.
Mar shampla, déanann an rochtain ar thithíocht, ar phraghsanna inacmhainne agus i láithreacha atá cóngarach don ghníomhaíocht eacnamaíoch, difear do chumas na bhfostóirí oibrithe a mhealladh.
Go deimhin, nuair a bhímid ag dul timpeall na tíre ag caint le gnóthaí, cloisimid go minic an deacracht a bhíonn acu le fostaithe a mhealladh mar gheall ar shrianta tithíochta.
Téann sin, arís eile i bhfeidhm ar chinntí lucht gnó faoin áit agus faoin dóigh ina ndéanfaidh siad forás agus infheistíocht.
Dá bhrí sin, chomh maith leis an tionchar soiléir ar an duine aonair, d’fhéadfadh éagothroime idir éileamh agus soláthar tithíochta srian a chur le cumas foráis gheilleagar na tíre, rud a bhféadfadh toradh chun dochair a bheith aige ar fhás inbhuanaithe ar chaighdeáin mhaireachtála.
Ar ndóigh, nuair a chuirtear na forbairtí le déanaí san áireamh, tá sé tábhachtach béim a leagan ar an ardú suntasach atá tagtha ar an aschur tithíochta le blianta beaga anuas, agus ar an ngníomh beartais a bhí ag gabháil leis sin.
Tháinig ardú tréan sa bhliain 2022 agus sa bhliain 2023 ar líon na n-áras tithíochta a bhí á dtabhairt chun críche, ardú níos tréine ná mar a bhí á thuar ag cuid mhaith, an Banc Ceannais ina measc, i réamhthuairiscí roimhe sin.
Tháinig ardú ar líon na n-áras a tugadh chun críche ó 20,000 in aghaidh na bliana idir 2019-2021 go dtí tuairim is 33,000 sa bhliain 2023 (Cairt 3), líon a bhí ag teannadh leis na meastacháin roimhe sin maidir leis an mbunéileamh bliantúil i ndáil le haonaid tithíochta.
Cairt 3: Tá ardú suntasach tagtha ar an soláthar tithíochta ó 2019 i leith.
Foinse: An Phríomh-Oifig Staidrimh
Cairt 4: Tá caiteachas Rialtas na hÉireann ar chúrsaí tithíochta ard i gcomórtas leis an gcuid eile den limistéar euro
Foinse: Eurostat, An Phríomh-Oifig Staidrimh.
Tá sé sin amhlaidh in ainneoin ardú tréan ar rátaí úis i rith na tréimhse faoi chaibidil, rud a bhíonn ina ualach go hiondúil maidir le hinfheistíocht in árais chónaithe.
Tháinig an t-ardú ar an soláthar tithíochta chun cinn i gcomhthéacs béim bhreise beartais ar sheachadadh tithíochta ar fud réimse gnéithe éagsúla.
Ó thaobh gnóthaí fioscacha, mar shampla, tá caiteachas an Stáit ar thithíocht le háireamh ar an gcuid is airde caiteachas san Eoraip i gcoibhéis le geilleagar na tíre (Cairt 4).
Agus tá caiteachas an Stáit, ó thaobh comhréire, chomh hard agus a bhí sa bhliain 2008, tar éis ardú ó €1.2bn go €6.5bn ón mbliain 2015 i leith.
An riachtanas tithíochta san am atá romhainn a thuar
Tugaimís aghaidh chun cinn anois.
I saothar domhainanailíse a d’fhoilsíomar an tseachtain seo caite, tá nuashonrú déanta againn ar gcuid meastachán, i bhfianaise na bpátrún déimeagrafaíoch, maidir leis an mbunéileamh tithíochta.
Agus, ní hé an t-éileamh ar áiteanna le ceannach atá i gceist agam leis sin. Is é an t-éileamh ar áiteanna cónaithe.
Cuirtear dhá thoisc san áireamh leis na meastacháin nuashonraithe seo.
Ar an gcéad dul síos, réamhthuairiscí nuashonraithe ón bPríomh-Oifig Staidrimh maidir leis an daonra, a ndearnadh athbhreithniú aníos orthu mar gheall ar an Daonáireamh is deireanaí agus eile.
Ar an dara dul síos, tá oiread an éilimh charntha le deich mbliana anuas.
Tá na patrúin a bhaineann le foirmiú teaghlaigh in aoisghrúpaí níos óige ar cheann de na modhanna inar féidir an t-éileamh “carntha” sin a léiriú.
Ó Dhaonáireamh 2011 i leith, is i measc daoine níos óige a fheictear an t-ísliú is géire maidir le rátaí áitreabhachais (’ceannas tí’), droim ar ais leis an bpatrún foráis ba léir ina leith go dtí sin (Cairt 5).
Cairt 5: Tá ísliú géar ar ráta ceannas tí le feiceáil i measc daoine níos óige ó 2011 go 2022
Foinse: An Phríomh-Oifig Staidrimh
Tá sin ag teacht leis na daoine níos óige sin a bheith ina gcónaí in áras a muintire nó in aontíos le daoine eile ar feadh tréimhse níos faide ná mar a bhíodh cheana, i gcodarsnacht le háitreabhachas neamhspleách dá gcuid féin a dhéanamh.
Is léiriú é ar an dóigh ina dtagann éileamh “carntha” chun cinn iarbhír.
Dá bhrí sin, nuair a chuirtear ardú daonra san am atá romhainn san áireamh chomh maith le maolú de réir a chéile ar an éileamh carntha, measaimid go bhfuil thart ar 52,000 áras cónaí nua in aghaidh na bliana ag teastáil amach go dtí lár an chéid seo.
Is ionann é sin agus ardú tuairim is 20,000 áras cónaí i gcomórtas le haschur na bliana seo caite.
Ar ndóigh, agus ba mhaith liom béim a leagan air seo, baineann éiginnteacht leis na meastacháin.
Tá siad ag brath ar thoimhdí, mar shampla maidir leis an ardú sa todhchaí ar an daonra nó ar an meánlíon tí, figiúirí nach deimhin.
Tá sé tábhachtach athscrúdú a dhéanamh ó am go chéile ar na toimhdí seo, i bhfianaise shonraí a chruinnítear idir an dá linn, go háirithe sa chás go mbíonn meastacháin den sórt seo ina mbonn dá réir sin arís le spriocanna maidir leis an mbeartas poiblí.
Bíodh sin mar atá, tá bonn daingean faoin teachtaireacht is tábhachtaí: tá gá le soláthar tithíochta ar scála níos airde arís i rith na mblianta atá le teacht.
Croílár an dúshláin: inmharthanacht na tógála ar mhórscála.
Conas is féidir córas tithíochta na hÉireann a athrú go dtí córas lena mbaineann leibhéal soláthair den sórt sin?
Is cinnte gur deacracht sin atá le sárú ag an mbeartas poiblí, agus nach bhfuil aon tobréiteach uirthi.
Tá téama barrthábhachtach mar bhonn faoinár measúnú: go bunúsach, baineann an dúshlán bunaidh le cumas an chórais tithíochta tionscadail tithíochta inmharthana a sholáthar ar scála iomchuí.
I bhfocail eile, tá neamhréir idir costas tógála aonad tithíochta ar mhórscála ag an earnáil tógála agus praghsanna (ceannacháin nó cíosa) atá inacmhainne ag teaghlaigh in Éirinn i bhfianaise leibhéil ioncaim.
Tá trí réimse beartas leathan aitheanta againn ónár gcuid anailíse trína bhféadfaí inacmhainneacht bhreise a thabhairt i gcrích ar scála níos leithne.
Ar an gcéad dul síos, infhaighteacht talún atá criosaithe agus seirbhísithe. Is é sin an túsphointe maidir le hobair tógála agus tá ról fíorthábhachtach ag an Stát ina leith.
Is féidir a chinntiú, le caiteachas caipitil, go mbíonn na bunghnéithe bonneagair – uisce, séarachas, fuinneamh agus iompar – ar fáil in am, de réir an scála is gá, agus sna láithreacha is cóngaraí don áit ina bhfuil éileamh ar thithíocht.
Ar an dara dul síos, tá an próiseas pleanála agus an córas rialála maidir le cúrsaí tithíochta agus tógála.
Is deacair an ról a bhíonn ag moilleanna, agóidí agus tranglam sa chóras pleanála a chainníochtú nó a chur i gcomparáid ar bhonn idirnáisiúnta.
Ach is é atá le tuiscint ón bhfianaise, go bhféadfaí soláthar breise a chur ar fáil costais tógála a a ísliú le córas níos éifeachtaí.
Is léir ón anailís atá déanta againn freisin go bhfuil patrún láidir i gceist le soláthar breise sna réigiúin thart ar Bhaile Átha Cliath ach go bhfuil an soláthar sin níos laige i gceantair atá gar do lár na cathrach agus ionaid cathrach eile amhail Corcaigh agus Gaillimh (Cairt 6).
Cairt 6: Is mó an t-ardú atá tagtha ar an soláthar i gcriosanna comaitéireachta.
Foinse: Ríomh arna dhéanamh ag an bPríomh-Oifig Staidrimh agus ag Banc Ceannais na hÉireann
Nóta: Líon na n-áras arna dtabhairt chun críche in aghaidh na bliana de réir an réigiúin roinnte ar líon measta na dteaghlach in áras buan cónaí faoi Dhaonáireamh 2022 (macasamhail sonraí faoin stoc tithíochta). Réigiúin arna sainmhíniú mar seo a leanas: Cathair Bhaile Átha Cliath arna cheapadh le limistéar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath faoi seach. Baile Átha Cliath Seachas an Chathair (Fine Gall, Dún Laoghaire-Ráth an Dúin, Deisceart Chontae BÁC); Mórcheantar Bhaile Átha Cliath (an Mhí, Cill Dara, Cill Mhantáin); Ceantair Uirbeacha Eile (Gaillimh, Corcaigh, Luimneach, Port Láirge).
Ó thaobh cúrsaí timpeallachta, chomh maith le bonneagar, is tábhachtach dul i ngleic ar leibhéal beartais le haon rud a chuireann moill ar forbairt tithíochta atá cóngarach do lárionaid fostaíochta, ard-dlús tithíochta san áireamh.
Ar an tríú dul síos, tá táirgiúlacht agus acmhainneacht na hearnála tógála.
Tugann ár gcuid anailís le tuiscint gur ísle le deich mbliana anuas na leibhéil infheistíochta san earnáil tógála in Éirinn ná i dtíortha eile na hEorpa (Cairt 7).
Fágann leagan amach na hearnála – déanta suas as líon mór gnólachtaí beaga – nach furasta leas a bhaint as barainneachtaí scála san obair thógála.
Ar ndóigh, tá lorg fadtéarmach na géarchéime le lua le roinnt de na pátrúin seo.
Ach is é bun na cúise gur ísle an breisluach in aghaidh na huaire oibre san earnáil ná i dtíortha eile an limistéir euro (Cairt 8).
D’fhéadfadh lucht beartais dá réir sin féachaint le scála níos mó agus breis táirgiúlachta a spreagadh san earnáil, trí ghlacadh níos fearr le modhanna nua-aimseartha tógála nó le dearadh caighdeánaithe, i measc nithe eile.
Tá tábhacht faoi leith leis sin ó tharla go bhfuil lánfhostaíocht i gceist leis an ngeilleagar níos leithne agus go bhféadfadh dúshlán a bheith ann oibrithe nua a earcú.
Neartódh bearta beartais i ngach réimse de na trí cinn sin lena chéile agus, i dteannta a chéile, thacóidís le hinmharthanacht bhreise ar mhórscála.
Cairt 7: Tá stoc caipitil earnáil na tógála níos ísle arís faoi bhun na leibhéal a bhí ann roimh an ngéarchéim ná mar atá i dtíortha inchomórtais.
Foinse: Eurostat
Cairt 8: Tá táirgiúlacht na hearnála tógála níos ísle ná mar atá i dtíortha inchomórtais sa limistéar euro.
Foinse: Ríomh arna dhéanamh ag an bPríomh-Oifig Staidrimh agus ag Banc Ceannais na hÉireann
An maoiniú ar riachtanais maidir leis an soláthar tithíochta san am atá romhainn a mheas
Breathnóidh mé anois ar chúrsaí airgeadais maidir le forbairt tithíochta ar leibhéal níos tréine.
Tá maoiniú ina ghné bhunriachtanach, ar ndóigh, den ghníomhaíocht tógála.
Tá sé tábhachtach, áfach, an ról atá aige a chur i gcomhthéacs.
Ní leor maoiniú breise, agus é sin amháin, le héagothroime i gcúrsaí tithíochta a chur ina cheart, mura mbíonn bearta chun tabhairt faoi thosca an chórais, mar a luaitear thuas, san áireamh chomh maith.
Go deimhin, mar atá fúm a leagan amach, is é atá le tuiscint ón obair anailíse seo againne nach é an teacht ar chistí airgid is mó atá i gceist le srianadh ar an soláthar tithíochta.
Ach an comhthéacs sin a choinneáil i gcuimhne, dírím isteach ar cheist an mhaoiniúcháin.
Is mian liom aird a dhíriú ar an tábhacht a bhaineann le héagsúlacht.
Is mór idir cineál an mhaoiniúcháin le tamall beag de bhlianta anuas i gcodarsnacht leis an mborradh faoi ghnóthaí tithíochta anall go dtí an bhliain 2007.
An tráth sin, is i bhfoirm fiachais a tharlaíodh cuid mhór den mhaoiniú agus sin á chur ar fáil ag earnáil baincéireachta na hÉireann.
I gcodarsnacht leis sin, tá éagsúlacht fholláin i gceist le sreafaí maoiniúcháin atá mar bhonn faoin bhforbairt le blianta beaga anuas.
Go deimhin, is doiligh foinsí an mhaoiniúcháin d’fhorbairt tithíochta is bun leis na haonaid a cuireadh ar fáil sa bhliain 2023 a mheas.
Tá sé seo amhlaidh, go páirteach, toisc go n-eascraíonn roinnt den mhaoiniú sin as foinsí nach bhfuil á rialáil ag an mBanc Ceannais.
Is mian linn ár dtuiscint ar an réimse sin a fheabhsú sna blianta amach romhainn.
Cé go bhfuil éiginnteacht i gceist, measaimid gur dócha go raibh thart ar €10bn-€11bn de mhaoiniú forbraíochta ina bhonn treise faoin tithíocht a cuireadh ar fáil sa bhliain 2023.
Bhí ról tábhachtach ag an Stát, ag earnáil baincéireachta na hÉireann féin agus ag idirghabhálaithe airgeadais neamhbhainc sa mhéid seo.
Is bua éagsúlacht den sórt seo ó thaobh cúrsaí macrairgeadais de, agus bhí ról tábhachtach ag insreabhadh fiachais agus cothromais ón iasacht.
Is féidir, dá réir sin, rioscaí a chomhroinnt agus íogaireacht an mhaoinithe don timthriall eacnamaíoch intíre a mhaolú.
Beidh sé riachtanach, dá bhrí sin, éagsúlacht den chineál sin a chothú chun tacú le haistriú inmharthana chuig leibhéil níos airde soláthair.
Ag féachaint romhainn, measaimid go mbeadh gá le €6.5bn-€7bn breise i ndáil le 20,000 aonad breise, de bhreis ar leanúint leis an maoiniú ba bhun le soláthar na bliana seo caite.
Cé go bhfuil ról tábhachtach ag an Stát anseo, is gá go n-eascróidh an chuid is mó den mhaoiniú breise ó fhoinsí príobháideacha – in Éirinn agus ón iasacht.
Tá caiteachas caipitil maidir le cúrsaí tithíochta méadaithe go mór cheana féin ag an Stát.
Beidh tábhacht i gcónaí le ról an Stáit, go háirithe maidir le freastal ar riachtanais na ndaoine ag an dáileadh ioncaim is ísle.
I bhfianaise a éagsúla atá riachtanais tithíochta ar fud an daonra ar fad, is ó mhargadh seanchóirithe arna mhaoiniú go príobháideach a eascróidh mórchuid an tsoláthair bhreise.
An bhfuil acmhainn ann na sreafaí breise maoiniúcháin seo a chur ar fáil?
Ag glacadh leis go leanfaidh an Stát den mhaoiniú céanna a chur ar fáil agus a cuireadh ar fáil in 2023, meastar go mbeadh tuairim is €5bn de dhíth ón earnáil phríobháideach mar acmhainn bhreise.
Bheadh an dealú cruinn idir fiachas agus cothromas ag brath ar thoimhdí, amhail an cóimheas fiachais le costas a bhainfeadh ar an meán le cistí forbraíochta.
Ba réasúnta ar chuma ar bith deighilt €3bn de chistí fiachais le €2bn de chistí cothromais maidir leis an airgead breise.
Bheadh le tuiscint ó fhógraí le tamall anuas ó bhancanna na tíre seo féin go bhfuil socrú do suas le €1.25bn de mhaoiniúchán breise iasachta i gceist cheana féin.
Anuas ar an méid sin, meastar go bhfuil an cistiúchán fiachais atá gan tarraingt anuas, ach geallta cheana féin, taobh istigh den fhonn riosca, ag iasachtóirí bainc agus neamhbhainc, cothrom le tuairim is €1bn-€2bn.
Taobh amuigh den chineál sin, is foinsí cistiúcháin ionchasacha iad sreafaí cistiúcháin fiachais trasteorann áirithe, a bhfuil tábhacht ar leith leo maidir le forbairtí mórscála, ach nach gcuirtear san áireamh inár gcuid sonraí.
I dteannta a chéile, d’fhéadfadh na foinsí seo rannchuidiú go mór le maoiniú méadaithe fiachais.
Is é ár mbreith ar an ábhar go forghinearálta go mbeidh córas airgeadais in ann, laistigh de pharaiméadair inghlactha frithghealltanais, rannchuidiú go mór le seachadadh tithíochta ar leibhéil níos airde.
Is dúshlán níos mó é maoiniú cothromais.
Measaimid go mbeidh gá le €2bn maoiniú cothromais breise gach bliain chun 20,000 áras breise a chur ar fáil, sa bhreis ar an méid a gealladh chun bonn a chur faoi sholáthar na bliana 2023.
D’fhéadfadh cothromas ó chláir chomhardaithe na bhforbróirí féin a bheith i gceist, nó cothromas ó fhoinsí seachtracha, de chineál intíre nó, is dóichí ná a mhalairt, trí shreabhadh breise ón iasacht as cistí sainspeisialta agus ó infheisteoirí institiúideacha.
Tá le tuiscint, ón gcaidreamh a bhí againn le saineolaithe earnála, go bhfuil deacracht i gcónaí ag gnóthaí foirgníochta agus forbartha níos lú, ar chúiseanna éagsúla, teacht ar mhaoiniú cothromais leordhóthanach.
Dá bhrí sin, is gá dom filleadh ar na trí bhunréimse béime beartais a leagtar amach thuas, toisc gur féidir le dul chun cinn sna réimsí sin tacú le hinmharthanacht agus, ar an gcaoi sin, le rochtain ar shreafaí maoiniúcháin a éascú.
Mar shampla, trí bhíthin infhaighteacht talún atá criosaithe agus seirbhísithe, chomh maith le cinntí pleanála níos cinnte agus níos tapúla, chuideofaí le maoiniú cothromais breise a chur ar fáil, lena n-áirítear as tíortha thar lear.
Go deimhin, is é an dearcadh idirnáisiúnta go mbíonn torthaí iomaíocha á dtairiscint i gcónaí ag margadh Bhaile Átha Cliath i gcomparáid le láithreacha eile san Eoraip.
Ar an gcuma chéanna, is fearr a bheadh earnáil tógála níos táirigiúla, a bheadh ag feidhmiú ar scála níos mó, in ann maoiniú cothromais a chruthú nó a rochtain agus go n-éascófaí, ar an gcaoi sin, rochtani ar mhaoiniú fiachais.
D’fhéadfadh, ina dhiaidh sin is uile, bearta beartais áirithe tacú le sreafaí airgeadais.
D’fhéadfadh go mbainfidís sin, mar shampla, le tionscnaimh lena gcarnaítear isteach cothromas breise trí rannpháirtíocht an Stáit.
Sampla de sin is ea samhail CISÉ trína mbaintear leas as a chaipiteal mar chatalaíoch chun comhinfheistíocht tríú páirtí a mhealladh.
An tábhacht a bhaineann le hathléimneacht i cúrsaí airgeadais
Is mian liom labhairt anois ar an tábhacht atá le hathléimneacht i gcúrsaí airgeadais, rud a bhaineann go mór lenár sainordú féin anseo sa Bhanc Ceannais.
Má tá ciall ceannaithe ar chor ar bith le himeacht 20 bliain anuas, is é atá foghlamtha nach féidir - agus nach ceart – soláthar tithíochta breise a bheith bunaithe ar bhunsraith airgeadais nach bhfuil docht daingean.
Is rómhór an costas, don tsochaí ina hiomláine, a ghabhfadh lena leithéid.
Is léir sin dúinn ón lorg fadtréimhseach a d’fhág an ghéarchéim ar an earnáil tógála agus ó impleachtaí gaolmhara sóisialta agus eacnamaíocha na tréimhse thearcsholáthair.
Ar an gcuma chéanna, ina ainneoin sin, tá sé tábhachtach go n-aithneofar go mbíonn tairbhí agus costais ag baint le bearta lena gcosnaítear athléimneacht airgeadais.
Bítear lánsoiléir faoina bhfuil á rá agam ina leith sin. Ní hé cur chuige Bhainc Ceannais féachaint le hathléimneacht a bhaint amach ar shlí amháin nó ar shlí eile. Ní dhéanfadh sin rath ná fónamh don tsochaí.
Tá sé mar chuspóir ag an mBanc Ceannais an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir an tairbhe agus an costas a ghabhann lenár gcuid idirghabhálacha beartais.
Tabharfaidh mé míniú ar a bhfuil i gceist agam trí thagairt a dhéanamh do na bearta macrastuamachta atá tugtha isteach againn le himeacht deich mbliana nó mar sin d’fhonn athléimneacht airgeadais a chumhdach.
Níl na bearta sin dírithe go sonrach ar mhaoiniú forbraíochta, ach téann siad i gcionn ar an margadh tithíochta ar bhealaí éagsúla.
Ar ndóigh, tá sé mar aidhm ag na bearta morgáiste seo caighdeáin inbhuanaithe iasachtaithe sa mhargadh morgáiste.
Leis na bearta seo, tá uasteorainneacha curtha ó 2015 i leith ar an sciar d’iasachtú nua ag na leibhéil is airde den fhiachas teaghlaigh.
Rinneamar mionathbhreithniú ar ár gcreat sa bhliain 2022. Mar chuid den athbhreithniú sin, rinneamar coigeartú sonrach ar chalabrú na mbeart, rud a tháinig i bhfeidhm ag tús na bliana anuraidh.
Bhí an calabrú seo de thoradh ár measúnaithe ar an gcothromaíocht idir an tairbhe agus an costas a ghabhann leis na bearta.
Mheasamar go raibh ardú tagtha le himeacht ama ar an gcostas a ghabh leis na bearta de réir an chalabrúcháin roimhe sin, mar gheall ar an éagothroime leanúnach idir soláthar agus éileamh sa mhargadh tithíochta, ainneoin go raibh tairbhí suntasacha ag baint leo i gcónaí.
Leis an athrú ó 3.5 go 4 ar an gcóimheas iasachta le hioncam i gcás Ceannaitheoirí Céaduaire, aithníodh gur ghá costas na mbeart a mhaolú fad a dhéanfaí na tairbhí athléimneachta a bhain leo do chóras na morgáistí agus don chóras tithíochta a chosaint.
Go deimhin, tá an t-iasachtú ag ardleibhéal fiachais go mór faoi bhun na mbuaicleibhéal a chonacthas i lár na 2000idí Cairt 9), fiú tar éis an athchalabraithe a rinneamar.
Cairt 9: Tá an sciar den iasachtú nua ag ardleibhéil fiachais i bhfad níos ísle ná an sciar a bhí ann i lár na 2000idí
Foinse: Banc Ceannais na hÉireann.
Nóta: Baineann ardleibhéal fiachais le hiasachtú ag cóimheas iasachta le hioncam is airde ná 4. Iasachtaí le Ceannaitheoirí Céaduaire agus le Ceannaitheoirí Athuaire maidir le háitreabh a cheannach nó le háras a thógáil dóibh féin. Ní áirítear cásanna maidir le cothromas a fhuascailt, morgáiste breisiúcháin nó morgáiste athmhaoiniúcháin.
Ó thaobh athléimneacht na mbanc, tá d’aidhm lenár gcreata macrastuamachta agus micreastuamacht a chinntiú go mbeidh an córas baincéireachta in ann turraingí díobhálacha a iompar seachas iad a mhéadú.
Ar an gcaoi sin, éascaítear sreabhadh inbhuanaithe maoiniúcháin chun tacú le gníomhaíocht eacnamaíoch.
Tá de chuspóir ag calabrú na maolán caipitil macrastuamachta do na bainc, a ndearnadh mionathbhreithniú air in 2022, cothromaíocht a bhaint amach idir tairbhí maicreacnamaíocha na hathléimneacht breise agus costais mhaicreacnamaíoch na leibhéal chaipitil níos airde mar gheall ar an tionchar ar iasachtaí.
Ó shin i leith, tugadh bearta isteach maidir le cistí réadmhaoine arna n-údarú in Éirinn.
Leis sin, aithnítear go páirteach cineál athraitheach mhaoiniú an mhargaidh réadmhaoine intíre agus gur mó an ról anois le maoiniú neamhbhainc.
Cé gur i bhfoirgnimh thráchtála a dhéanann mórchuid mhór na gcistí maoine a gcuid infheistíochta – mar shampla, in oifigí, in árais mhiondíolacháin nó in árais lóistíochta – tá borradh freisin faoi líon na sócmhainní cónaithe a ghabhann leis na cistí sin.
Is é atá de chuspóir le bearta an bhainc go gcaomhnaítear athléimneacht idirghabháil airgeadais den sórt seo a bhfuil borradh faoi trí leochaileachtaí a bhaineann le giaráil a sheachaint.
Agus na bearta seo á gcalabrú againn, chinntíomar gur bhaineamar cothromaíocht amach idir a gcuid tairbhí agus costas.
Go deimhin, ba bhonn eolais tábhachtach é an t-aiseolas a fuaireamar ón bpróiseas comhairliúcháin a sheolamar ó thaobh ár dtuiscint ar an gcothromaíocht sin a neartú.
Mar gheall ar an aiseolas sin, tugadh tréimhse forfheidhmiúcháin níos faide i gceist maidir leis na bearta; cuireadh cistí maidir le tithíocht shóisialta as an áireamh mar gheall ar a gcuid saintréithe; agus, rinneadh coigeartú modheolaíoch i ndáil le cistí a mbíonn gníomhaíocht forbraíochta d’aidhm leo.
Tá monatóireacht ghéar ar siúl anois maidir leis na bearta seo go léir agus an Banc dírithe ar an tionchar a bhíonn acu a mheas.
Is dea-chomhartha gur leanadh, i rith na bliana 2023 ar fad, de ghlansreafaí isteach a fheiceáil maidir le cistí réadmhaoine, lena n-áirítear na cinn sin a infheistítear i réadmhaoin chónaithe, agus tugtar faoi deara go bhfuil éileamh leanúnach maidir le cistí nua a sheoladh i rith na bliana 2023 agus anall go dtí an bhliain 2024 chomh maith.
Cé gur ísle na sreafaí isteach ná mar a bhí i gceist sa bhliain 2022, rud atá ag teacht leis an bpátrún ar fud an domhain mar gheall ar rátaí úis níos airde, is comhartha é seo go bhfuil fonn ar infheisteoirí i gcónaí caipiteal a chur ar fáil.
Comhairle
Is dúshlán beartais ilghnéitheach atá i gceist le cúrsaí tithíochta, dúshlán lena mbaineann beartaíocht phoiblí agus beartaíocht phríobháideach araon.
Ar deireadh thiar, tá acmhainn an chórais tithíochta chun freastal ar bhunriachtanais dhéimeagrafacha príomhspreagadh an fháis inbhuanaithe ar chaighdeáin mhaireachtála, san am i láthair agus san am atá le teacht.
Measaimid gur cheart an bhéim beartais a leagan ar athleasú ar réimsí an tsoláthair.
Áirítear orthu sin, bonneagar, próisis rialála agus pleanála, agus bearta chun tacú le táirgiúlacht agus le hacmhainneacht san earnáil tógála a chumasú.
Ar ndóigh, tagann impleachtaí maicreacnamaíocha níos forleithne i gceist chomh maith le 20,000 aonad tithíochta breise a chur ar fáil in aghaidh na bliana agus ní mór na himpleachtaí sin a bhainistiú go cúramach.
Is amhlaidh an cás go háirithe i bhfianaise go bhfuil an geilleagar ag feidhmiú ar a lánacmhainn agus i gcomhthéacs riachtanais níos leithne maidir le hinfheistíocht i mbonneagar.
Is féidir roinnt de na comhbhabhtálacha maicreacnamaíocha a mhaolú le bearta a thacaíonn le táirgiúlacht na hernála tógála.
Leis na comhbhabhtálacha sin, áfach, leagtar béim ar an ngá atá le tús áite a thabhairt d’aon chaiteachas caipitil breise chun tacú le soláthar tithíochta mar chuid de réimeas glanchaiteachais foriomlán an Rialtais.
Gabhaim buíochas libh as an aird a thug sibh orm.
[1] Táim go mór faoi chomaoin, maidir le hábhar na cainte seo, ag Alt (PDF 3.03MB) a foilsíodh i bhFaisnéis Ráithiúil Bhanc Ceannais na hÉireann Faisnéis Ráithiúil 3, 2024. Táim buíoch go speisialta de Thomas Conefrey, Fergal McCann agus Martin O’Brien as a gcuid ceannródaíochta i mbun an tsaothair sin. Agus de Patrick Haran as an gcúnamh a thug sé le hábhar na cainte seo.