Nuacht

Ráiteas do na Meáin maidir le PFS Card Services (Ireland) Limited (PCSIL)

17 Eanáir 2024 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

Tar éis do PFS Card Services (Ireland) Limited (PCSIL), institiúid ríomh-airgid atá údaraithe ag Banc Ceannais na hÉireann, iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte, tá Banc Ceannais na hÉireann ar an eolas faoi cheapachán Kieran Wallace agus Andrew O'Leary ó Interpath mar chomhleachtaitheoirí sealadacha (CLSanna) ag PCSIL. Bunaithe ar an bhfaisnéis airgeadais reatha, tá na CLSanna ag súil go mbeidh an leachtú sócmhainneach. Leanfaidh na CLSanna orthu ag déanamh measúnú ar an tsócmhainneacht ar bhonn leanúnach, le linn an phróisis leachtaithe. 

Soláthraíonn PCSIL cártaí réamhíoctha (fíorúil agus fisiciúil) trí líonra dáileoirí ar fud an Aontais Eorpaigh. Tá gealltanas tugtha ag PCSIL agus ag Interpath gur féidir le gach sealbhóir cárta reatha, faoi réir teorainneacha nua, leanúint orthu ag cur cistí ar a gcárta go dtí an 17 Iúil 2024 agus leanúint orthu ag caitheamh airgid ar a gcárta suas go dtí an 17 Eanáir 2025 faoi réir athruithe áirithe agus na téarmaí & coinníollacha.

Tá an Banc Ceannais ag súil go gcinnteoidh an gnólacht go gcosnófar leasanna custaiméirí go hiomlán. Ní bheidh tionchar ag an leachtú seo ar stádas rialála an ghnólachta, leanfaidh PCSIL air ina sholáthraí rialáilte seirbhíse airgeadais agus ceanglaítear air leanúint de bheith ag cloí leis na ceanglais rialála uile is infheidhme lena n-áirítear cosaint, caipiteal, frithsciúradh airgid/maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac agus ceanglais iompair le linn clabhsúir.

Tá Ceisteanna & Freagraí do shealbhóirí cárta ar fáil anseo

Tuilleadh eolais 

Oibríonn PCSIL ar fud an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch, agus tá brainsí aige sa Spáinn agus sa Fhrainc ina bhfuil líonra dáileoirí. I measc na seirbhísí a chuirtear ar fáil tá cártaí ginearálta in-athluchtaithe, cártaí réamhíoctha bronntanais, cártaí réamhíoctha miondíola, cártaí íocaíochta airgid, cártaí párolla corparáideacha agus cártaí réamhíoctha rialtais. 

Tá tuilleadh eolais do chustaiméirí PCSIL ar fáil ag https://www.interpathadvisory.com/pcsil

D’fhiosruithe a bhaineann leis an leachtú, déan teagmháil le Kieran Wallace ([email protected]) agus Andrew O'Leary ([email protected]).

D’fhiosruithe ó na meáin a bhaineann le PCSIL, déan teagmháil le Eavan Gannon i gCúirt an Phaoraigh ([email protected]). D’fhiosruithe ó na meáin a bhaineann le Banc Ceannais na hÉireann, déan teagmháil le [email protected].