Nuacht

Réimse rioscaí ann a d’fhéadfadh fás eacnamaíoch a chur i mbaol

07 Nollaig 2018 Irish Category

Central Bank of Ireland

  • Brexit ina phríomhriosca romhainn fós.
  • Áirítear i measc rioscaí eile luaineacht i margaí airgeadais, fás praghais ar eastát réadach cónaithe agus geilleagar na hÉireann a bheith ag feidhmiú os cionn acmhainn tháirgiúil.
  • An Banc Ceannais dírithe ar athléimneacht a neartú i mbainc agus sa chóras airgeadais.

Tá an dara hAthbhreithniú Macra-Airgeadais do 2018 foilsithe ag an mBanc Ceannais inniu. Tugtar forbhreathnú ann ar staid reatha na timpeallachta macra-airgeadais in Éirinn agus leagtar béim ann ar na rioscaí don gheilleagar agus don chóras airgeadais.

Luaitear na nithe seo i measc na rioscaí a bhaineann le Brexit a dtarraingítear aird orthu san Athbhreithniú Macra-Airgeadais (MFR):

  • Dá laghdófaí steirling tuilleadh, bheadh onnmhairí Éireannacha chuig an Ríocht Aontaithe ní ba dhaoire. I gcás Brexit crua, d’fhéadfadh punt níos laige a bheith ann an tráth céanna le méadú ar tharaifí ar na honnmhairí sin. Is FBManna iad formhór na ngnóthas Éireannach a bhfuil caidreamh díreach trádála acu leis an Ríocht Aontaithe. D’fhéadfadh iomaíocht ó sholáthróirí teacht chun cinn, fiú d’earnálacha a raibh cosaint acu cheana ar iomaíocht ó ghnóthais sa Ríocht Aontaithe, de bharr gluaiseachtaí móra marthanancha airgeadra.
  • Tá leabhair iasachta na mbanc miondíola Éireannach comhchruinnithe go mór in iasachtú maoine d’Éirinn agus don Ríocht Aontaithe; is ionann iasachtaithe lonnaithe sa Ríocht Aontaithe agus 26% de rísíochtaí. D’fhéadfadh aon turraingí eacnamaíocha díobhálacha arna n-eascrú as Brexit brabúsacht banc a laghdú agus tionchar ábhartha a imirt ar cháilíocht chreidmheasa phunanna na mbanc.

Mar a deir Sharon Donnery, an Leas-Ghobharnóir, Baincéireacht Cheannais: “Pé Brexit a bheidh ann, beidh tionchar diúltach aige ar Éirinn. Fiú má bhíonn comhaontú ann, tá neart éiginnteachta ann fós maidir leis an timpeallacht le linn na tréimhse iaraistrithe agus d’fhéadfadh sé sin leanúint de bhrú a chur ar infheistíocht atá ríthábhachtach do phoist agus d’fhás eacnamaíoch.”

Déantar cur síos ar roinnt rioscaí don chóras airgeadais agus don gheilleagar níos leithne agus meastar go bhfuil na rioscaí sin tar éis méadú ó bhí an MFR deireanach ann.

  • Aisiopmú ar sheintimint infheisteoirí sna margaí airgeadais agus ceartú praghasanna sócmhainní.
  • Luaineacht margaí mhéadaithe de bharr forbairtí geopholaitiúla Eorpacha agus domhanda, lena n-áirítear caomhnaitheacht sa trádail idirnáisiúnta agus athruithe ar shocruithe cánach idirnáisiúnta.
  • Tá ábhar imní tagtha chun cinn maidir le timpeallacht láidir eacnamaíoch intíre i dtaca leis an bhféidearthacht go dtiocfaidh constaicí acmhainne chun cinn agus go mbeidh an geilleagar ag feidhmiú thar acmhainn sa ghearrthéarma. Dhéanfaí turraing eacnamaíochta sheachtrach a ghéarú dá mbeadh an geilleagar ag feidhmiú os cionn na hacmhainne táirgiúla.
  • Fás praghais ar eastát réadach cónaithe lena gcuirfear luachanna gar don mhéid a bheadh ag teacht le forbairtí leathana eacnamaíocha, nó os cionn an méid sin. Is riosca atá sna heasnaimh bhonneagair, go háirithe san earnáil tithíochta. Maidir le cúrsaí soláthair, is ar phraghasanna árasán atá an t-ardú is mó, cé nach mó ná 14% d’fhoirgnimh nuathógtha iad arásáin.

Mar fhocal scoir, dúirt an Leas-Ghobharnóir Donnery: “Taobh amuigh de Brexit, tá réimse leathan rioscaí ann roimh fhás eacnamaíoch na hÉireann. Tá sé tábhachtach go ndéanann teaghlaigh, bainc agus an córas airgeadais athléimneacht a neartú. Maidir lenár gcúram, tá san áireamh ann ár mbearta morgáiste a threisiú agus ceangal a chur ar bhainc dóthain caipitil a choimeád ionas go mbeadh siad in ann tréimhsí deacra amach anseo a sheasamh.”