Nuacht
Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le hEintiteas Neamhúdaraithe
- High Credit Partner
31 Deireadh Fómhair 2023
Warning Notice
Tá sé tagtha ar aird Bhanc Ceannais na hÉireann ('an Banc Ceannais') go bhfuil eintiteas calaoiseach, High Credit Partner, a bhfuil an suíomh gréasáin https://credipartner.com/ á oibriú aige, ag feidhmiú mar ghnólacht creidmheasa miondíola sa Stát in éagmais údarú iomchuí.
Is sampla é an sceamáil seo de ‘chalaois réamhtháille’, áit ina n-iarrtar íocaíocht láithreach sula gcuirtear iasacht ar fáil. Ní chuirtear na hiasachtaí ar fáil riamh. Ar na sonraí teagmhála a úsáideann an t-eintiteas sceamála seo, áirítear an seoladh ríomhphost [email protected] agus na huimhreacha gutháin +1 774-901-7815 agus +1 302-585-2628.
Tá liosta de na gnólachtaí neamhúdaraithe go léir arna bhfoilsiú go dtí seo le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais.
Is cion coiriúil é ag eintiteas neamhúdaraithe (gnólacht/duine ) seirbhísí airgeadais a sholáthar in Éirinn, ar seirbhísí iad a gceanglaítear údarú ina leith ón mBanc Ceannais faoin reachtaíocht ábhartha. Tomhaltóirí a bhíonn ag plé le heintiteas nach bhfuil údaraithe, ní bheidh siad i dteideal cúiteamh a fháil ó aon cheann de na Scéimeanna Cúitimh atá ar fáil.
Ba cheart do dhaoine bearta breise áirithe a dhéanamh sula ndéileálann siad le gnólachtaí/daoine a mhaíonn go mbíonn seirbhísí airgeadais á dtairiscint acu:
- Má tá táirge airgeadais amhail iasacht, árachas, infheistíocht nó pinsean á cheannach agat, nó má tá tú ag baint úsáid as seirbhís airgeadais amhail comhairle infheistíochta, déan cinnte nach ndéileálann tú ach le gnólacht/duine atá údaraithe ag an mBanc Ceannais - seiceáil ár gClár chun a fháil amach an bhfuil an gnólacht/duine sin údaraithe. Déan cinnte go bhfaigheann tú rochtain ar an gClár trínár suíomh gréasáin seachas trí naisc i ríomhphoist nó ar shuíomh gréasáin gnólachta/duine.
- Déan athsheiceáil i gcónaí ar an URL agus ar shonraí teagmhála gnólachta/duine ar fhaitíos gur ‘gnólacht/duine clónála’ atá ann ag ligean air gur gnólacht/duine údaraithe é, amhail do bhanc nó fíorghnólacht infheistíochta.
- Seiceáil an liosta de ghnólachtaí neamhúdaraithe. Mura bhfuil an gnólacht/duine ar an liosta, ná glac leis gur gnólacht/duine dlisteanach é - b’fhéidir nár tuairiscíodh don Bhanc Ceannais go fóill é.
- Seiceáil go bhfuil an tseirbhís atá á tairiscint duit le fáil ar shuíomh gréasáin an ghnólachta dhlisteanaigh.
- Má tá tú ag smaoineamh ar tháirge airgeadais a cheannach nó ar dhéileáil le gnólacht, trí shuíomh gréasáin nó trí na meáin shóisalta, nó má fhaigheann tú glao gutháin, ríomhphost, teachtaireacht téacs nó bosca aníos gan choinne ná iarraidh, déan tástáil SAFE roimh ré.
- Le haghaidh tuilleadh faisnéise, téigh go dtí Sceamálacha & Gníomhaíocht Neamhúdaraithe a Sheachaint ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais.
Cuimhnigh le do thoil:
- nach ndéanfaidh an Banc Ceannais teagmháil leat chun airgead, sonraí pearsanta nó uimhir PSP a lorg uait; agus
- má thairgtear rud éigin duit a bhfuil cuma rómhaith air, is dóichí ná a mhalairt gur sceamáil é.
Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 4000. Is féidir le daoine den phobal glaoch a chur ar an uimhir seo freisin chun a fháil amach an bhfuil gnólacht ar leith údaraithe.
Críoch
Nótaí d'eagarthóirí
Foilsítear an fógra seo faoi Alt 53 Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.