Nuacht
Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe – NatWest Markets NV (Dublin) (CLONE)
15 Feabhra 2024
Warning Notice
Rabhadh: | Institiúid Chreidmheasa / Gnólacht Infheistíochta / Gnólacht Gnó Infheistíochta Neamhúdaraithe |
Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe | NatWest Markets NV (Dublin) (CLONE) |
Seoladh/Seoltaí ríomhphoist a úsáidtear | · @natwestmarkets.ie (féadfaidh go gcuirfear ainmneacha fhíorfhostaithe NatWest Markets roimhe) · [email protected] · [email protected] |
Uimhir/Uimhreacha gutháin a úsáidtear | · +353 (01) 254 9055 · +353 (085) 157 7323 |
Údarú in Éirinn | Níl an gnólacht seo údaraithe chun feidhmiú mar institiúid chreidmheasa nó chun seirbhísí infheistíochta nó aon seirbhísí airgeadais eile a chur ar fáil in Éirinn. |
Faisnéis bhreise | Tá clónáil déanta ag an ngnólacht neamhúdaraithe seo ar shonraí an ghnólachta dhlisteanaigh ‘NatWest Markets N.V.’ agus tá sé ag ligean air gur an gnólacht sin atá ann chun an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir an gnólacht dlisteanach ‘NatWest Markets N.V.’ agus an t-eintiteas sceamála. Ar na táirgí a thairgeann an t-eintiteas calaoiseach, áirítear na cinn seo a leanas: · Cuntais Taisce Ráta Shocraithe 198 agus 199 - Deireadh Fómhair 2023 · Eisiúint Cuntais Ráta Shocraithe 197 - Deireadh Fómhair 2023 · Banna Státchiste Rialtas na hÉireann 5.4% Márta 2025 |
Nótaí:
- Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
- Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar sceamálacha airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
- Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.