Nuacht
Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe – Bridget Finance Group
15 Feabhra 2024
Warning Notice
Rabhadh: | Gnólacht Creidmheasa Miondíola Neamhúdaraithe |
Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe | Bridget Finance Group |
Suíomh gréasáin | www.bridgetfinance.com |
Seoladh/Seoltaí ríomhphoist a úsáidtear | [email protected] Nóta: Bíonn an gnólacht ag oibriú ar Telegram freisin faoin ainm úsáideora loanteam1 |
Uimhir/Uimhreacha gutháin a úsáidtear | · Uimhir theagmhála ar an suíomh gréasáin: 083 416 3300 · WhatsApp: 086 800 6174 |
Údarú in Éirinn | Níl an gnólacht seo údaraithe chun seirbhísí creidmheasa miondíola nó aon seirbhísí airgeadais eile a chur ar fáil in Éirinn. |
Faisnéis bhreise | Is sampla é an sceamáil seo de ‘chalaois réamhtháille’, áit ina n-iarrtar íocaíocht láithreach sula gcuirtear iasacht ar fáil. Ní chuirtear na hiasachtaí ar fáil riamh. Tá clónáil déanta ag an ngnólacht neamhúdaraithe seo ar shonraí gnólachta atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus tá sé ag ligean air gur E&L Credit Limited atá ann chun an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir an gnólacht atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus an t-eintiteas calaoiseach seo. |
Nótaí:
- Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
- Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar sceamálacha airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
- Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi Alt 53 Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.