Nuacht
Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe – Fisher Investments (CLONE)
21 Nollaig 2023
Warning Notice
Rabhadh: | Gnólacht Infheistíochta / Gnólacht Gnó Infheistíochta Neamhúdaraithe |
Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe | Fisher Investments (CLONE) |
Suíomh gréasáin | Níl aon cheann aitheanta |
Seoladh/Seoltaí ríomhphoist a úsáidtear | [email protected] |
Uimhir/Uimhreacha gutháin a úsáidtear | 01 699 4237 |
Údarú in Éirinn | Níl an gnólacht seo údaraithe chun seirbhísí infheistíochta nó aon seirbhísí airgeadais eile a chur ar fáil in Éirinn. |
Faisnéis bhreise | Rinne an t-eintiteas calaoiseach teagmháil le tomhaltóirí trí ríomhphost agus ar an nguthán ag féachaint le táirgí infheistíochta bréige a dhíol leo. Tá clónáil déanta ag an ngnólacht neamhúdaraithe seo ar shonraí gnólachta atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus tá sé ag ligean air gur Fisher Investments Ireland Limited atá ann chun an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir an gnólacht atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus an gnólacht neamhúdaraithe. |
Nótaí:
- Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
- Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar sceamálacha airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
- Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi Alt 53 Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.