Nuacht

Rabhadh ón mBanc Ceannais ar infheistíocht a dhéanamh i gcriptea-shócmhainní

22 Márta 2022 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

  • Rabhadh uile-Eorpach ar bhéim a leagan ar chineál dainséarach, amhantrach criptea-shócmhainní.
  • Ba cheart do dhaoine a bheith airdeallach maidir le fógraí míthreoracha, go háirithe ar na meáin shóisialta.
  • Míniú ó Bhanc Ceannais na hÉireann agus rabhadh do thomhaltóirí ar airgeadraí fíorúla.

Mar chuid d’fheachtas uile-Eorpach na nÚdarás Maoirseachta Eorpacha, d’eisigh an Banc Ceannais rabhadh nua inniu (an 22 Márta 2022) ar na rioscaí a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh i gcriptea-shócmhainní.

Leag an Banc Ceannais béim arís ar an gcaoi a mbaineann ardriosca le criptea-shócmhainní agus a bhfuil siad amhantrach, agus go mb’fhéidir nach bhfuil siad oiriúnach do chustaiméirí miondíola. Ní mór do dhaoine a bheith airdeallach ach go háirithe faoi na rioscaí a bhaineann le fógraí míthreoracha, go háirithe ar na meáin shóisialta, agus tionchairí á n-íoc chun fógraíocht a dhéanamh ar na criptea-shócmhainní sin.

Is éard a dúirt Derville Rowland, Ard-Stiúrthóir, Iompar Airgeadais: “Tá méadú ag teacht ar leibhéil na fógraíochta agus chur chun cinn ionsaitheach na n-infheistíochtaí criptea-shócmhainní.

Cé go bhféadfadh na hinfheistíochtaí ardbhrabaigh seo atá fógartha daoine a mhealladh chucu, is é lomchlár na fírinne go mbaineann riosca mór leo.

Sula gceannaíonn tú criptea-shócmhainní, ní mór duit smaoineamh ar cibé an bhfuil sé d’acmhainn agat an t-airgead a infheistíonn tú a chailleadh. An bhfeictear duit go bhfuil brabúis sciobtha nó arda rómhaith le bheith fíor?

“Ba chóir do dhaoine a bheith ar an eolas má théann rudaí in aimhréidh nach bhfuil na cosaintí agat a bheadh agat dá ndéanfá infheistíocht i dtáirge rialaithe.”

D’fhoilsigh an Banc Ceannais míniú do thomhaltóirí i dteanga shimplí ar chriptea-shócmhainní.

Nótaí d'Eagarthóirí:

Is Údarás neamhspleách AE é an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) a rannchuidíonn le cobhsaíocht chóras airgeadais an Aontais Eorpaigh trí chosaint infheisteoirí a fheabhsú agus trí mhargaí cobhsaí, rianúla airgeadais a chur chun cinn.

Tá Derville Rowland ina Cathaoirleach ar Bhuanchoiste Bainistíochta Infheistíochta ESMA ó bhí 1 Iúil 2021 ann. Is ionann buanchoistí agus sainghrúpaí a chomhdhéantar as foireann ESMA agus Údaráis Inniúla Náisiúnta. Oibríonn an Buanchoiste Bainistíochta Infheistíochta ar shaincheisteanna a bhaineann le hearnáil na gcistí infheistíochta agus tá sé freagrach as beartas agus gníomhaíochtaí maoirseachta coinbhéirseachta a fhorbairt.