Nuacht
Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe – Societe Generale (CLONE)
21 Nollaig 2023
Warning Notice
Rabhadh: | Gnólacht Infheistíochta / Gnólacht Gnó Infheistíochta Neamhúdaraithe |
Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe | Societe Generale (CLONE) |
Suíomh gréasáin | n/b |
Seoladh/Seoltaí ríomhphoist a úsáidtear | [email protected] |
Uimhir/Uimhreacha gutháin a úsáidtear | +41 224 246 001 |
Údarú in Éirinn | Níl an gnólacht seo údaraithe chun seirbhísí infheistíochta nó aon seirbhísí airgeadais eile a chur ar fáil in Éirinn. |
Faisnéis bhreise | Tá clónáil déanta ag an ngnólacht neamhúdaraithe seo ar shonraí gnólachta atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus tá sé ag ligean air gur Societe Generale atá ann chun an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir Societe Generale dlisteanach agus an gnólacht neamhúdaraithe. Chuir an t-eintiteas calaoiseach ríomhphost chuig tomhaltóirí ag féachaint le táirgí infheistíochta bréige a dhíol leo, ag úsáid an doiciméid: “The Future is You – Societe Generale” |
Nótaí:
- Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
- Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar sceamálacha airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
- Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi Alt 53 Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.