Nuacht

Quantum AI - Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhchláraithe

02 Nollaig 2024 Warning Notice

Warning

Rabhadh: Soláthraí Seirbhísí Sócmhainní Fíorúla (‘VASP’) 
Ainm an Ghnólachta Neamhchláraithe Quantum AI
Suíomh gréasáin https://quantum-ai.ie/
Seoladh ríomhphoist a úsáidtear [email protected]
Clárúchán in Éirinn Níl Quantum AI cláraithe chun seirbhísí sócmhainní fíorúla a sholáthar in Éirinn.
Faisnéis bhreise Maíonn Quantum AI go gcuireann sé seirbhísí trádála criptea-airgeadra ar fáil trína bhunteicneolaíocht intleachta saorga
Baineann Quantum AI úsáid as físeáin dhomhainbhrionnaithe arna nginiúint ag an intleacht shaorga, ailt nuachtáin bhréige agus grianghraif de dhaoine mór le rá ar na meáin shóisialta chun an dallamallóg a chur ar dhaoine chun go gcreidfidh siad gur eintiteas dlisteanach é an t-eintiteas calaoiseach seo agus chun gníomhaíocht Quantum AI a chur chun cinn.

 

Nótaí:

  1. Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
  2. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar chamscéimeanna airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
  3. Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.