Nuacht
Promontoria (Arrow) Limited (Clón) - Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe
12 Nollaig 2024
Warning Notice
Rabhadh: | Gnólacht Creidmheasa Miondíola Neamhúdaraithe |
Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe | Promontoria (Arrow) Limited (Clón) |
Suíomh gréasáin | www.promontoriaarrowlimited.com |
Seoladh ríomhphoist a úsáidtear | · [email protected] |
Uimhir/Uimhreacha gutháin a úsáidtear | · 01 254 9382 · 089 947 7450 |
Údarú in Éirinn | Níl Promontoria (Arrow) Limited (Clón) údaraithe chun seirbhísí creidmheasa miondíola a sholáthar in Éirinn. |
Faisnéis bhreise | Is sampla é an sceamáil seo de ‘chalaois réamhtháille’, áit ina n-iarrtar íocaíocht láithreach sula gcuirtear iasacht ar fáil. Ní chuirtear na hiasachtaí ar fáil riamh. Tá clónáil déanta ag an ngnólacht neamhúdaraithe seo ar ainm gnólachta atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus tá sé ag ligean air gurb é an gnólacht dlisteanach, Promontoria (Arrow) Limited, atá ann chun an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir an gnólacht atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus an t-eintiteas calaoiseach seo. |
Nótaí:
- Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
- Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar chamscéimeanna airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
- Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.