Nuacht

Nóta maidir le Cobhsaíocht Airgeadais: Anailís leochaileachta maidir le nochtadh Ghnóthais Bheaga agus Mheánacha na hÉireann do bhaol maidir le creidmheas

21 Meitheamh 2019 Preas Ráiteas

New 50 euro note

  • De réir sonraí maidir le leibhéil iasachtaí ó Bhanc Aontais Éireann, ó Bhanc na hÉireann agus ó Bhanc Uladh, tá feabhas ginearálta tagtha maidir le punann iasachtaí na nGnóthas Beag agus Meánach (SME).
  • De réir taighde a rinneadh, tá scóranna arda leochaileachta i gceist le 7.3 faoin gcéad d'iarmhéideanna iasachtaí na nGnóthas SME.
  • Is comhartha scór ard leochaileachta gur mó an dóigh go mbeadh deacracht aisíocaíochtaí a dhéanamh dá dtarlódh lagtrá.
  • I Nóta maidir le Cobhsaíocht Airgeadais le Niall McGeever, tugtar cuntas ar thorthaí na  hanailíse leochaileachta ar phunann iasachtaí na nGnóthas SME i dtrí cinn de bhainc in Éirinn.  Déanann an t-údar scór leochaileachta a ríomh i ndáil leis an nochtadh reatha do gach Gnóthas SME de chuid na hÉireann trí thréithe an iasachtaí agus cúrsaí maicreacnamaíochta a cheangal le torthaí mainneachtana go stairiúil.  Tarlaíonn scór leochaileachta níos airde de réir mar is mó an seans go mbeadh deacracht aisíoc a dhéanamh sa chás go dtarlódh cúlú eacnamaíochta.

    Seo a leanas príomhthorthaí an Nóta:

    • Tá fianaise ann go bhfuil feabhas ginearálta tagtha ar chineál phunann na n-iasachtaí le Gnóthais SME ar a n-áireamh uilig le chéile.  Tá feabhas ag teacht maidir le táscairí achoimre, mar shampla an meánscór leochaileachta.
    • Tá sciar de na hiasachtaithe – lena mbaineann 7.3 faoin gcéad de na hiarmhéideanna reatha – a bhfuil scóir arda leochaileachta ag rith leo i gcónaí.  Cé go bhfuil na hiasachtaithe seo feidhmiúil agus bord ar bhord leis an sceideal aisíocaíochta, tá le tuiscint ón obair taighde gur mó an dóigh go mbeadh deacracht acu le haisíocaíocht a dhéanamh i gcás cúlú ginearálta eacnamaíochta.
    • Is réimsí Lóistín & Bia agus Mórdíolachán & Miondíolachán lena mbaineann sciar mór de na hiarmhéideanna ardleochaileachta.  Tá iasachtaithe ardleochaileachta le fáil i ngach réigiún den tír.