Móréiginnteacht don ionchas eacnamaíoch, tugann cásanna éagsúla le tuiscint go mbeidh géarchor chun donais ann in 2020 - Banc Ceannais na hÉireann
03 Iúil 2020
Preas Ráiteas
- Tugann sonraí fíor-ama le tuiscint go ndeachaigh geilleagar na hÉireann ó rath i mí Aibreáin agus go bhfuil an ghníomhaíocht os cionn an phointe ísil sin anois.
- Mar sin féin, tá an ghníomhaíocht eacnamaíoch i bhfad níos ísle ná na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim.
- Bhí éagsúlacht le feiceáil sna réigiúin éagsúla ó thaobh an tionchair eacnamaíoch de, sa mhéid go bhfacthas an tionchar ba mhó sna háiteanna sin ina mbíonn tábhacht ar leith ag baint le hearnálacha amhail fáilteachas agus turasóireacht.
Tá an tríú Faisnéis Ráithiúil de 2020 foilsithe ag Banc Ceannais na hÉireann inniu ina ndírítear ar an tionchar atá ag paindéim Covid-19 agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag Brexit suaiteach.
Tharla caillteanais thobanna, mhórscála post mar thoradh ar dhúnadh forleathan gnóthaí, rud ba chúis, i dteannta leis an móréiginnteacht a bhí i réim, le turraing ghéar dhiúltach do chaiteachas tomhaltóirí agus don infheistíocht. Cé go ndearnadh tionchar na bhforbairtí sa mhargadh saothair ar ioncam teaghlach a mhaolú le soláthar tacaíochtaí mórscála ioncaim ón Stát, tá éifeacht thromchúiseach na paindéime le brath ar fud an gheilleagair.
Buaileadh go trom na hearnálacha sin a bhíonn ag brath go mór ar theagmháil duine le duine nó ar theagmháil fhisiciúil, lena n-áirítear seirbhísí lóistín agus bia, seirbhísí miondíola, agus foirgníocht. Ar bhonn réigiúnach, tá éagsúlacht le feiceáil ó thaobh iarmhairt na paindéime de mar gheall ar éagsúlachtaí i gcomhdhéanamh tionscail agus gairmeacha ar fud na réigiún éagsúil, agus tá an iarmhairt is mó le brath in áiteanna inar lú na deiseanna chun bheith ag ‘obair ón mbaile’ agus ina bhfuil tábhacht ar leith ag baint le hearnálacha amhail fáilteachas agus turasóireacht. Is cosúil gur lú an difear a dhéantar d’earnálacha eile den gheilleagar amhail déantúsaíocht ardteicneolaíochta, seirbhísí ríomhaireachta agus na hearnálacha cógaisíochta agus ceimiceán. Beidh impleachtaí ag an tionchar míchothrom seo don fhostaíocht agus don rachmas agus do chonair fhadtéarmach gheilleagar na hÉireann.
I bhfianaise na móréiginnteachta a bhaineann leis an ionchas eacnamaíoch, leagtar amach dhá chás ar leith san Fhaisnéis Ráithiúil. Sa chás “bunlíne”, d’fhéadfadh an ghníomhaíocht eacnamaíoch teacht chuici féin sa ghearrthéarma le hathoscailt chéimseach an gheilleagair. D’fhanfadh roinnt de na bearta imshrianta i bhfeidhm, rud a chiallaíonn go mbeadh an ghníomhaíocht in earnálacha áirithe srianta go ceann tréimhse níos faide. Taobh amuigh den téarnamh tosaigh, meastar go mbeidh téarnamh céimseach i gceist a bheidh ag teacht le téarnamh céimseach réamh-mheasta ar fhostaíocht agus ar ioncam agus le maolú mall ar an iompar réamhchúramach de réir mar a bheidh éifeachtaí na turrainge fós le brath ar thomhaltóirí agus ar ghnóthaí. Meastar go laghdóidh an ráta dífhostaíochta le linn na bliana freisin óna bhuaicphointe de tuairim is 25 faoin gcéad sa dara ráithe agus tuartar go dtitfidh sé faoina leath faoi dheireadh na bliana seo agus gurb ionann a mheán agus 9 faoin gcéad an bhliain seo chugainn agus 7 faoin gcéad in 2022.
Meastar sa chás bunlíne go mbeidh an t-aschur ar ais chuig an leibhéal a bhí ann roimh an ngéarchéim faoin mbliain 2022. Ar a shon sin, beidh leibhéal na gníomhaíochta i bhfad níos ísle ná an leibhéal a bheadh ann dá mbeadh an geilleagar ag fás i gcomhréir leis na hionchais a bhí ann sular tharla an phaindéim.
Sa chás “géar”, glactar leis go mbeadh éifeacht níos measa ag an tréimhse dianghlasála ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch agus nach n-éireodh léi an víreas a shrianadh. D’fhanfadh bearta diana imshrianta i bhfeidhm, nó chuirfí i bhfeidhm athuair iad, cé nach mbeidís chomh dian céanna, ar an mbun go mbeadh borradh faoin víreas arís tráth éigin sa bhliain atá romhainn. Sa chás seo, bheadh téarnamh maolaithe eacnamaíoch i gceist mar aon le caillteanas buan aschuir. Bheadh leibhéil níos airde dífhostaíochta ann ar feadh tréimhse níos faide sa chás seo, díreach faoi bhun 17 faoin gcéad ar an meán in 2020, agus meastar go mbeadh laghdú thart ar 14 faoin gcéad ar chaiteachas tomhaltóirí agus os cionn 13 faoin gcéad ar an OTI i mbliana. Sa chás seo freisin, ní dhéanfaí an caillteanas aschuir i mbliana a chúiteamh leis an téarnamh réamh-mheasta ar fhás in 2021 agus in 2022, rud a d’fhágfadh go mbeadh an leibhéal OTI in 2022 thart ar 5 faoin gcéad níos ísle ná an leibhéal a bhí ann roimh an ngéarchéim.
Sa dá chás seo, glactar leis go dtiocfadh Comhaontú Saorthrádála (FTA) in éifeacht i mí Eanáir 2021 idir an AE agus an Ríocht Aontaithe, sa chaoi go mbeadh earraí saor ó tharaifí agus ó chuótaí. Mura féidir teacht ar chomhaontú den sórt sin, thosódh an AE agus an Ríocht Aontaithe ag trádáil ar théarmaí WTO ó mhí Eanáir 2021. Cé go dtagann géarchéim Covid-19 roimh aon chaillteanais ghearrthéarmacha a d’eascródh as Brexit in earnálacha áirithe, d’fhéadfaí go méadódh géarchéim Covid-19 na caillteanais sin in earnálacha eile, mar shampla talmhaíocht, áit ina mbeadh taraifí i bhfeidhm i gcás WTO. Dá bhrí sin, tá sé deacair na héifeachtaí gearrthéarmacha a mheas ach is dócha, i gcás WTO, go mbeadh an fás i ngeilleagar na hÉireann níos laige ná mar a leagtar amach sna cásanna sin thuas.
In Alt Sínithe le Thomas Conefrey, Niall McInerney, Gerard O’Reilly agus Graeme Walsh, breathnaítear ar chonairí malartacha téarnaimh don gheilleagar agus déantar measúnú ar thionchar na dtacaíochtaí beartais fhioscaigh agus airgeadaíochta a tugadh isteach ag rialtais agus ag bainc cheannais ar fud an domhain. San Alt seo freisin, breathnaítear ar an gcaoi ina bhféadfadh éifeachtaí na histéiréise - nó coilm - tionchar a imirt ar luas agus ar chineál an téarnaimh ó COVID -19. Léirítear san anailís atá déanta go dtairbhíonn Éire, mar gheilleagar beag oscailte atá idirnasctha go dlúth leis an gcóras airgeadais, d’éifeachtaí dearfach na mbeart beartais airgeadaíochta agus fhioscaigh atá curtha i bhfeidhm thar lear. Sa mheasúnú ar chomhéifeachtaí na dtacaíochtaí beartais intíre agus idirnáisiúnta, tugtar le tuiscint go gcuideoidh na gníomhartha sin le fairsinge an chaillteanais aschuir in Éirinn de thoradh na paindéime a laghdú.
Nuair a foilsíodh an Fhaisnéis Ráithiúil, deir Mark Cassidy, an Stiúrthóir ar Eacnamaíocht agus Staidreamh an méid seo a leanas:
“Cé go bhfuil móréiginnteacht ann maidir leis an ionchas, tugtar le tuiscint sna cásanna a leagtar amach san Fhaisnéis Ráithiúil seo go mbeidh géarchor chun donais ann in 2020 agus go mbeidh téarnamh de réir a chéile ann sna blianta atá romhainn. Tá an chonair don gheilleagar ag brath ar chonair an víris, rud a chiallaíonn go bhfuil éiginnteacht ag baint le neart an téarnaimh agus leis an tionchar amach anseo ar earnálacha.”
“Bhí an méadú ar chóimheasa easnaimh agus fiachais an rialtais inchosanta agus bhí sé riachtanach, agus measaimid go laghdófar an t-aschur in Éirinn faoi 4 phointe céatadáin nach mór in 2020 de thoradh na bhfreagairtí beartais intíre agus idirnáisiúnta a fógraíodh go dtí seo. Mar sin féin, fágann leibhéal ard an fhiachais go bhfuil airgeadas rialtais leochaileach d’aon turraingí amach anseo don fhás agus do rátaí úis. Cé go mb’fhéidir go mbeidh gá le bearta breise beartais chun an téarnamh a spreagadh, beidh sé tábhachtach, in am trátha, go ndéanfaidh an rialtas socrú soiléir inchreidte chun filleadh ar riochtaí easnaimh agus fiachais níos ísle agus inbhuanaithe.”