Nuacht
Ráiteas: Ionad Cuairteoirí & Seirbhísí Airgid an Bhainc Ceannais
26 Meitheamh 2020
Preas Ráiteas
![Banc Ceannais na hÉireann ar Ché an Phoirt Thuaidh Banc Ceannais na hÉireann ar Ché an Phoirt Thuaidh](/images/librariesprovider2/news-and-media/nwq-exterior/h-c_028-sspotlight-756x292.jpg?sfvrsn=28eab91d_6)
D’fhógair an Rialtas inniu go bhfuil réimse beart sláinte poiblí á dtabhairt isteach in Éirinn chun leathadh COVID-19 a theorannú.
Cuireann an staid bhroidiúil seo éilimh nua orainn go léir agus gabhann an Banc Ceannais air féin a chion a dhéanamh chun leathadh COVID-19 a theorannú.
Leanfaimid comhairle na n-údarás sláinte in Éirinn chun tús áite a thabhairt do shláinte agus do shábháilteacht ár bhfoirne agus aon chuairteoirí ar ár bhfoirgnimh.
Chuige seo, tá cinneadh glactha againn ár nIonad Cuairteoirí a dhúnadh ón Aoine an 13 Márta go dtí an 29 Márta 2020.
Chomh maith leis sin, ní bheidh daoine den phobal ábalta seanairgead nó nótaí bainc damáistithe a mhalartú nó puint Éireannacha a mhalartú le linn na tréimhse seo.
Féach freisin:
• COVID-19 (Coróinvíreas)